An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Ceisteanna coitianta

Féach ar an treoir atá nasctha thuas le haghaidh eolas mionsonraithe faoi ghnéithe tábhachtacha an phróisis iarratais.

Tugaimid freagraí thíos ar roinnt de na ceisteanna is coitianta a chuirtear faoi phasanna.

Roghnaigh topaic do cheiste.

Ceisteanna maidir le pas ar líne

An féidir liom iarratas a dhéanamh trí mo chuntas MyGovID a úsáid?

An bhfuil mé incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar líne?

Cad a theastaíonn uaim chun iarratas a dhéanamh ar líne?

Foirm iarratais ar líne

An féidir liom pas éigeandála a fháil trí Pas Ar Líne a úsáid?

Priontáil agus doiciméid

Seachadadh pasanna

Cén fhad go dtí go bhfaighidh mé mo phas nua?

An féidir liom m’iarratais a rianú?

Tá mo chúinsí pearsanta athraithe agus is mian liom m’ainm ar mo phas a athrú.

Ba mhaith liom tagairt a bheith taifeadta ar mo phas

An bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí ag teastáil uaim chun Pas Ar Líne a úsáid?

Tá deacrachtaí teicniúla agam le m’iarratas ar líne

Ar Ais go Barr

Iarratas a chur isteach

Cad é an bealach is fearr le hiarratas a dhéanamh ar phas?

Céard iad na doiciméid a chaithfidh mé a chur isteach le m’iarratas?

An féidir liom m’iarratas a chur isteach ag an gcuntar poiblí in Oifig na bPasanna?

Rinne mé iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Poist. An féidir liom iarratas a dhéanamh in Oifig Shráid an Mhóta nó in Oifig Chorcaí?

Cén uair a bheidh mo phas réidh? An bhfuil na tréimhsí comhlánaithe cinnte?

Chuir mé m’iarratas isteach bunaithe ar na hagaí comhlánaithe ach tá mo spriocdháta eisiúna ag teacht i ndiaidh mo dháta taistil. An féidir dlús a chur faoi m’iarratas?

An féidir liom tuilleadh a íoc chun dlús a chur faoin bpróiseas?

An féidir liom Gléas Rianaithe Leictreonach a sheoladh le mo dhoiciméid?

Ar Ais go Barr

Dátaí eisiúna agus d’iarratas a rianú

Tá m’iarratas á rianú agam agus tá an spriocdháta eisiúna thart. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Níl m’iarratas le feiceáil ar an rianú pas. An bhfuil rud éigin aisteach faoi sin?

Chaill mé uimhir m’iarratais/m’uimhir rianaithe. An bhfuil tú in ann é a aimsiú dom?

Ní dhearna mo rianú pas nuashonrú le déanaí. Níor tháinig aon athrú ar mo spriocdháta eisiúna. An bhfuil fadhb ann?

Rinne mé iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Luais, an féidir liom mo phas a bhailiú ó oifig Shráid an Mhóta Íochtarach/Bhaile Brigín/Chorcaí?

Chuir mé iarratas isteach trí Ambasáid Éireannach thar lear ach nílim in ann teacht air ar an gcóras rianaithe. Cén uair a bheidh sé réidh?

An gcaithfidh mé féin mo phas a bhailiú?

Ar Ais go Barr

Teastaíonn uimhir mo phas uaim chun eitiltí a chur in áirithe. Cá bhfaighidh mé é?

Tá Uimhir do Phas le fáil sa chúinne ag an mbarr do phas ar dheis . Tosaíonn sé leis an litir P nó L agus beidh litir eile ina dhiaidh sin agus seacht n-uimhir (mar shampla, PA1234567).

Athrófar uimhir do phas nuair a dhéantar athnuachan ar do phas. Má tá d’iarratas ar phas fós á phróiseáil ní bheifear in ann uimhir an phas nua a fháil sula ndéantar an cháipéis a sheachadadh.

Ar Ais go Barr

Chuir mo mhac/m’iníon iarratas isteach. An féidir leat é a phlé liom?

Má chuirim glaoch ar oifig na bpasanna an féidir libh an t-iarratas a phlé liom?

Má tá an t-iarratasóir os cionn 18 mbliana d’aois, ar chúiseanna cosanta sonraí, ní féidir linn an t-iarratas seo a phlé le tríú páirtí. Caithfidh an t-iarratasóir dul i dteagmháil le hoifig na bpasanna. Má tá an t-iarratasóir faoi bhun 18 mbliana d’aois is féidir linn an t-iarratas a phlé le tuismitheoir/caomhnóir.

Ar Ais go Barr

An féidir leat iarratas mo chara/duine muinteartha a sheiceáil dom?

Ní féidir. Má tá an t-iarratasóir os cionn ocht mbliana déag d’aois, ar chúiseanna cosanta sonraí, ní féidir linn an t-iarratas a phlé le tríú páirtí. Ní féidir linn iarratais a phlé ach go díreach leis an iarratasóir féin.

Ar Ais go Barr

Tá fadhb éigin le m’iarratas. An féidir liom bualadh isteach chuig an oifig chun é a phlé?

Má tá fadhb le d’iarratas, rachaidh duine den fhoireann i dteagmháil leat agus inseoidh sé/sí duit céard atá le déanamh agat chun an fhadhb a réiteach.

Más mian leat ceist a chur maidir le d’iarratas, téigh i dteagmháil le Mol na Seirbhísí do Chustaiméirí.

Ar Ais go Barr

Caithfidh mé taisteal go práinneach. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar phas éigeandála?

Ní eisítear pasanna éigeandála ach i gcásanna éigeandála amháin amhail bás duine garmhuinteartha thar lear nó géarghá le cóir leighis.

Téigh i dteagmháil le Seirbhís na bPasanna. Iarrfaidh Seirbhís na bPasanna tuilleadh eolais lena n-áirítear cruthúnas éigeandála is féidir a dheimhniú.

I gcomhair éigeandálaí taistil lasmuigh d’uaireanta oifige, glaoigh ar +353 1 408 2000.

Ar Ais go Barr

Fuair duine muinteartha liom bás le gairid – céard ba cheart dom a dhéanamh lena phas?

Is féidir leat an pas a sheoladh lena chur ar ceal le cóip dá theastas báis chuig:

Cúram do Chustaiméirí,

Oifig na bPasanna,

Saorphost, Bosca Oifig Phoist 9718,

Baile Brigín,

Contae Bhaile Átha Cliath.

Ar Ais go Barr

An dteastaíonn pas uaim chun taisteal idir Éirinn agus an Bhreatain Mhór?

Ní theastaíonn, ní gá go mbeadh pas agat chun taisteal idir Éirinn agus an Bhreatain Mhór, ach iarrann roinnt iompróirí/aerlínte pas mar chruthúnas ar chéannacht. Ba cheart duit seiceáil le d’aerlíne.

Ar Ais go Barr

Céard a dhéanfaidh mé mura bhfuilim in ann an chóip bhunaidh de mo theastas breithe/pósta a fháil?

For fraud prevention purposes, we insist that all applicants submit the originals of their birth and marriage certificates. We do not accept laminated, certified or photocopies of these documents.

Má rugadh thú/má phós tú in Éirinn téigh i dteagmháil le:

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin,

Teach an tSeoighigh,

8-11 Sráid Lombard Thoir,

Baile Átha Cliath 2,

D02 Y729.

Suíomh Gréasáin: www.groireland.ie

Má rugadh thú/má phós tú i dTuaisceart Éireann, téigh i dteagmháil leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin:

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin do Thuaisceart Éireann,

Oxford House,

49-55 Chichester Street,

Béal Feirste,

BT1 4HL.

Guth: 0300 200 7890

(028 9151 3101 má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Thuaisceart Éireann)

Suíomh Gréasáin: www.nidirect.gov.uk

Ar Ais go Barr

Cathain ar cheart dom iarratas a dhéanamh ar phas nua?

Mholfaimis go ginearálta do dhaoine bailíocht sé mhí a bheith fágtha ar a bpas acu ón dáta ar a mbeidh siad ag filleadh abhaile. Is féidir leat taisteal díreach suas go dtí an dáta éaga laistigh den AE.

Mar sin féin moltar dul i dteagmháil leis an ambasáid sa tír a bhfuil sé i gceist agat taisteal chuici má tá ceisteanna agat a bhaineann go sonrach lena riachtanais féin.

Ní gá duit fanacht go dtí go mbeidh do phas reatha imithe in éag chun iarratas a dhéanamh ar cheann nua.

Moltar iarratas a dhéanamh sé seachtaine ar a laghad sula bhfuil sé i gceist dul ag taisteal ionas nach mbeidh díomá ort.

Ar Ais go Barr

Táim ar saoire in Éirinn ach cónaím thar lear, an bhfuil mé in ann iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach?

Níl, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar do phas Éireannach sa tír ina bhfuil cónaí ort.

Déan athnuachan ar líne nó féach ar shuíomh gréasáin na hAmbasáide Éireannaí is gaire duit.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.