An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Víosaí d'Éireannaigh a bhíonn ag taisteal thar lear

Éilíonn go leor tíortha go mbeadh víosa iontrála nó cead taistil agat sula ligtear duit dul isteach sa tír.

An dteastaíonn víosa uaim?

Sula dtéann tú ag taisteal, faigh amach an dteastaíonn víosa don turas. Féadfaidh tú na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Ceist a chur ar do ghníomhaire taistil (má tá ceann agat)
  • Teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid nó le Consalacht na tíre a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi

Ba chóir duit a sheiceáil freisin an t-achar nach mór do do phas a bheith bailí agus má tá aon riachtanais iontrála eile a chaithfidh tú a bhreithniú sula dtéann tú ag taisteal.

Ar Ais go Barr

Cá bhfaighidh mé víosa?

B’fhéidir go mbeadh tú in ann do víosa a fháil agus tú ag déanamh do bhealach isteach sa tír (aerfort, teorainn talún, calafort mara) nó iarratas a dhéanamh ar líne, ach i bhformhór na gcásanna beidh ort iarratas a dhéanamh chuig Ambasáid nó chuig Consalacht na tíre sin in Éirinn.

Ar Ais go Barr

Cén uair a bheidh orm iarratas a dhéanamh ar víosa?

Tá a dtréimhse próiseála féin maidir le víosaí ag gach tír.  Seiceáil le hAmbasáid nó le Consalacht na tíre go mbeidh a fhios agat cén t-achar sula dtéann tú ag taisteal a gcaithfidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa. 

Ar Ais go Barr

Cén costas a bheidh ar víosa?

Beidh a dtáillí víosa féin gearrtha síos ag gach tír. Seiceáil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre do na táillí reatha.

Ar Ais go Barr

Fianaise aitheantais agus stádas inimirce

Éilíonn roinnt tíortha go mbeadh aitheantas ar iompar agat an t-am ar fad, lena n-áirítear fianaise den stádas inimirce sa tír.

Seiceáil an chomhairle taistil don tír a bhfuil tú ag dul ann nó seiceáil go háitiúil nuair a bhaineann tú an tír amach.

Cuimhnigh...

Déan fótachóipeanna nó cóipeanna leictreonacha de na cáipéisí taistil tábhachtacha atá agat (mar do phas agus do víosa) agus coinnigh na leaganacha bunaidh in áit shábháilte.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.