An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Saoránacht

An saoránach Éireannach mé?

Má rugadh ar oileán na hÉireann thú nó do thuismitheoir roimh 2005, is saoránach Éireannach thú. Is féidir leat iarratas ar phas Éireannach a chur isteach gan iarratas a chur isteach ar shaoránacht.

Má rugadh ar oileán na hÉireann thú nó do thuismitheoir ar nó i ndiaidh an 1 Eanáir 2005, braitheann do cheart chun saoránachta ar na nithe seo a leanas:

  • saoránacht na dtuismitheoirí ag am na breithe
  • stair chónaithe duine de na tuismitheoirí roimh an bhreith

Tuilleadh fáisnéise maidir le saoránacht agus iarratas a dhéanamh ar phas

Tá seo mar gheall ar athrú sa reachtaíocht a bhaineann le naisiúntacht agus saoránacht na hÉireann.

Ar Ais go Barr

Cad is brí le bheith i do shaoránach Éireannach?

Aithnítear go foirmiúil thú mar náisiúnach Éireannach agus mar shaoránach den Aontas Eorpach. Tá cearta áirithe agat. Áirítear na cearta seo a leanas leis na cearta sin:

  • pas Éireannach a iompar
  • obair in Éirinn agus san Aontas Eorpach agus cónaí a bheith ort iontu

D’fhéadfá cabhair chonsalachta a iarraidh freisin ó ambasáidí agus ó chonsalachtaí na hÉireann thar lear, nó ó aon bhallstát eile den Aontas i dtír nach bhfuil ionadaíocht Éireannach ann (Treoir um Chosaint Chonsalachta an AE)

Ar Ais go Barr

Rugadh mo sheantuismitheoir ar oileán na hÉireann. An saoránach Éireannach mé?

Is ea, is féidir iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach le hoidhreacht.

Sna cásanna sin, is féidir leat saoránacht Éireannach a fháil trí Chlárú Breithe Coigríche.

Nuair a chláraítear duine ar an gClár Breithe Coigríche is saoránach Éireannach é/í agus tá siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Ar Ais go Barr

Is saoránach Éireannach é/í mo thuismitheoir nár rugadh ar oileán na hÉireann agus níor rugadh mé ar oileán na hÉireann. An saoránach Éireannach mé?

Is saoránach Éireannach thú, más rud é go raibh do thuismitheoir ina s(h)aoránach Éireannach nuair a rugadh thú. Is féidir leat iarratas a chur isteach ar shaoránacht Éireannach tríd an gClár na mBreitheanna Coigríche.

Nuair a chláraítear duine ar an gClár Breithe Coigríche is saoránach Éireannach é/í agus tá siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Ar Ais go Barr

Cén chaoi eile teacht le bheith i mo shaoránach Éireannach?

Sa Roinn seo, próiseáltar iarratais ar shaoránacht trí Chlárú Breithe Coigríche amháin.

Tá an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le cé atá atá i dteideal cur isteach ar shaoránacht Éireannach tríd an bpróiseas eadóirseachta. Tá an Rannán Saoránachta mar chuid de Sheachadadh Seirbhíse Inimirce na hÉireann (ISD), an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Ar Ais go Barr

Clárú Breitheanna Coigríche

Próiseálann an Roinn iarratais ar Chlárú Breithe Coigríche, ar a dtugtar Saoránacht ó Ghinealach freisin.

D’fhéadfadh go mbeadh próiseas casta i gceist leis sin agus d’fhéadfaí a cheangal ort doiciméadacht oifigiúil a bhaineann le trí ghlúin a d’fhéadfadh a bheith eisithe ag roinnt dlínsí a chur isteach.

Tá méadú tagtha ar an líon iarratas. Tá méadú tagtha ar an líon iarratas nach bhfuil críochnaithe freisin.

Chun moilleanna a sheachaint:

  • Tá sé tábhachtach go n-áireofaí d'iarratas an cháipéisíocht bhunaidh a eisíodh ón Stát, lena n-áirítear Deimhnithe Breithe, Pósta agus Báis. Sna doiciméid seo tá an fhaisnéis a bheidh ag teastáil uait chun d'iarratas ar líne a chomhlánú.
  • Ní mór táille iarratais a íoc nuair a comhánaítear an t-iarratas.

Chun cabhrú leis an líon iarratas, bhunaíomar foireann um Chlárú Breitheanna Coigríche. Leis an bhfoireann, táimid in ann líon méadaithe na n-iarratas a bhainistiú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht.

Mol Seirbhíse nua do Chustaiméirí

Lé déanaí, shocraíomar Mol Seirbhíse nua do Chustaiméirí. Bainistíonn an mol sin na fiosrúcháin uile a bhaineann le Clárú Breitheanna Coigríche agus le hiarratais ar phas.

Déanaimid cumarsáid le custaiméirí trí theileafón. Cinntítear leis an modh cumarsáide sin:

  • go gcuirtear feabhas ar ár seirbhís dár gcustaiméirí
  • go gcloítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
  • go gcloítear leis an reachtaíocht Chosaint Sonraí

Cá fhad a thógann sé?

Tar éis na doiciméid chearta ar fad a fháil, tógann sé thart ar 12 mí faoi láthair chun iarratas ar Chlárú Breithe Coigríche a phróiseáil.

Bíonn an tréimhse próiseála níos faide nuair a theastaíonn soiléiriú ar an iarratas nó nuair a theastaíonn níos mó doiciméad.

Cuireann próiseáil na n-iarratas neamhiomlán moill ar phróiseáil na n-iarratas iomlán.

Ar Ais go Barr

An bhfuil cónaí ort sa Bhreatain Mhór/i SAM/i gCeanada/san Astráil?

Ní phróiseáiltear Clárúcháin Bhreithe Coigríche inár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí sna tíortha sin. Próiseáiltear gach foirm iarratais anois i mBaile Átha Cliath.

Ar Ais go Barr

Téigh i dteagmháil linn

Téigh I dteagmháil lenár Mol Seirbhíse do Chustaiméirí.

Beidh siad in ann cabhrú leat ar an teileafón.

Ar Ais go Barr

Cineálacha saoránachta

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.