An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Clárúchán Breitheanna Coigríche

Tá Clár na mBreitheanna Coigríche ann do dhaoine ar féidir leo iarratas a dhéanamh chun bheith ina saoránaigh Éireannacha trína seantuismitheoirí a rugadh in Éirinn nó trína dtuismitheoir a bhí ina shaoránach Éireannach tráth a mbreithe, ach nár rugadh in Éirinn.

Faigh amach cad atá le déanamh agat sula dtosaíonn tú ar d’iarratas ar líne trí úsáid a bhaint as na treoirlínte thíos.

Incháilitheacht

Is saoránach Éireannach go huathoibríoch thú má tá duine de do thuismitheoirí ina saoránach Éireannach ag am do bhreithe, agus má rugadh ar oileán na hÉireann iad. Ní gá iarratas saoránachta Éireannach a dhéanamh sa chás seo.

Má rugadh lasmuigh d’Éirinn thú, is féidir leat bheith i do shaoránach Éireannach má:

  1. Rugadh duine de do sheantuismitheoirí in Éirinn, nó;
  2. Bhí duine de do thuismitheoirí mar shaoránach Éireannach ag am do bhreith, fiú nár rugadh in Éirinn iad.

Sna cásanna seo, is féidir leat bheith i do shaoránach Éireannach trí Chlárú Breitheanna Coigríche.

Nuair a chláraítear duine ar Chlár Breitheanna Coigríche, is saoránach Éireannach iad agus tá siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Ar Ais go Barr

Duine fásta

Duine fásta atá ag déanamh iarratais ar bhonn seantuismitheora a rugadh in Éirinn.

Duine fásta a bhfuil duine dá dtuismitheoirí ina saoránach Éireannach trí Eadóirsiú

Duine fásta a bhfuil a dtuismitheoir ina saoránach Éireannach trí iontráil i gClár na mBreitheanna Coigríche

Duine fásta ar saoránach Éireannach iad duine dá dtuismitheoirí trí Dhearbhú Saoránachta Iarphósta iad

Duine fásta a bhfuil a dtuismitheoir ina shaoránach Éireannach ar an mbonn gur rugadh thar lear iad agus gur uchtaigh saoránach Éireannach iad faoi dhlí na hÉireann

Ar Ais go Barr

Duine faoi aois

Iarratas á dhéanamh ag iarratasóir faoi aois ar bhonn seantuismitheora a rugadh in Éirinn

Iarratasóir mionaoiseach ar saoránach Éireannach trí Eadóirseacht iad duine dá dtuismitheoirí

Ar Ais go Barr

Grianghraif

Ní mór duit dhá ghrianghraf atá ar chóimhéid le grianghraf pas a chur isteach le d'iarratas.

Ní mór do d'fhinné síniú agus dáta a chur leis na grianghraif sin.

Má tá tú ag déanamh iarratais in ainm mionaoiseach, ní mór duit dhá ghrianghraf díot féin atá ar chóimhéid le grianghraf pas a chur isteach. Ní mór duitse agus do d'fhinné síniú agus dáta a chur leis na grianghraif sin freisin.

Ar Ais go Barr

Finnéithe

Sula gcuirfidh tú d'fhoirm iarratais isteach chuig an oifig chuí, ní mór do dhuine cuí í a fhianú atá aithne phearsanta agat orthu ach ní fhéadfaidh gaol a bheith acu leat.

Ba chóir go mbeidh an duine céanna mar fhinné ar an bhfoirm agus dhá ghrianghraf agus a stampa oifigiúil a úsáid ar an bhfoirm. Ba chóir go ndeimhneoidís fótachóip de cháipéis aitheantais Stát-eisithe mar chóip dhílis den cháipéis bhunaidh.

Mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné ba chóir duit cárta gnó a chuir ar fáil dóibh.

Cé a fhéadfaidh a bheith ina bhfinné ar an bhfoirm iarratais agus grianghraif?

Is féidir le duine díobh seo a leanas, le haithne pearsanta acu ort nach bhfuil gaol acu leat, agus atá ag obair ina ngairm faoi láthair bheith ina bhfinné:

  • Garda Síochána/Póilín
  • Príomhoide scoile/ Leasphríomhoide/ Rúnaí scoile/ Bainisteoir Naíonra/ Múinteoir Montessori/ Léachtóir
  • Duine den Chléir
  • Dochtúir Leighis
  • Altra
  • Fisiteiripeoir
  • Teiripeoir Urlabhra
  • Potaigéir
  • Fiaclóir
  • Dlíodóir
  • Nótaire Poiblí/ Coimisinéir Mionnaí
  • Feidhmeannach Síochána
  • Bainisteoir Bainc/ Bainisteoir Cúnta Bainc nó Bainisteoir Comhair Creidmheasa nó Bainisteoir Cúnta
  • Cúntasóir
  • Ionadaí Poiblí Tofa
  • Tréidlia
  • Innealtóir Deimhnithe
Ar Ais go Barr

Táillí

18 mbliana d'aois agus os a chionn

  • Clárúcháin móide Teastas: €270
  • Táille phostais agus láimhseála nach bhfuil in-aisíoctha: €8
  • Iomlán: €278

Faoi bhun 18 mbliana d’aois

  • Clárú móide Teastas: €145
  • Táille phostais agus láimhseála nach bhfuil in-aisíoctha: €8
  • Iomlán: €153

Modhanna íocaíochta

  • Íocfar ar líne agus d’iarratas á iontráil agat

Ar Ais go Barr

Iarratas a dhéanamh ar líne

Ba chóir duit na cáipéisí riachtanacha go léir a bhailiú sula gcomhlánóidh tú an fhoirm ar líne. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána agus seolfar ar ais chugat iad.

Ar rugadh ceachtar de do thuismitheoirí ar oileán na hÉireann?

Má rugadh tú lasmuigh d’Éireann do thuismitheoir ar rugadh ar oileán na hÉireann, is saoránach cheana féin thú agus is féidir iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Iarratas pas

Ar Ais go Barr

Nótaí faoin iarratas

Mura bhfuil tuismitheoir ar Chlárú Breitheanna Coigríche ag am breithe a bpáiste, ní bheidh an páiste i dteideal saoránacht Éireannach.

Próiseáiltear iarratais do Chlárú Breitheanna Coigríche in ord an dáta go docht. Glacann an próiseas seo thart ar 12 mí faoi láthair.

Má tá tú ag súil le páiste agus rugadh an páiste sula bpróiseáiltear d’iarratas de réir na hamlíne thuas, is féidir dul i dteagmháil leis an Mol Seirbhíse do Chustaiméirí an Chláraithe Breitheanna Coigríche, ar an bhfón nó trí WebChat.

Ar Ais go Barr

Ceisteanna coitianta faoi Chlárú Breitheanna Coigríche

Cad is Clárú Breitheanna Coigríche ann?

Ceisteanna ginearálta

Foirm iarratais

Cáipéisí riachtanacha

Ceisteanna eile

Ar Ais go Barr

Iarratas a dhéanamh ar theastas athsholáthair

Más rud é gur goideadh nó chailleadh do dheimhniú Clárúcháin na mBreitheanna Coigríche, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheimhniú Chlárúcháin na mBreitheanna Coigríche nua a fháil ina ionad.

Beidh ort na doiciméid liostaithe thíos a sheoladh ar aghaidh chuig:

FBR Replacement Certificates

Roinn Chlárúcháin Bhreithe Coigríche

PO BOX 13003

Baile Brigín

Co. Átha Cliath

Éire

Cinntigh go bhfuil na cáipéisí riachtanacha atá liostaithe thíos ar fad agat sula gcuireann tú d’iarratas isteach.

Duine fásta ag déanamh iarratais ar a son féin

An páiste fásta de shaoránach fásta atá marbh

Tuismitheoir mionaoisigh (atá fós ina mionaoiseach)

Liosta gairmithe ar féidir leo aitheantas fótagrafach agus grianghraif a dheimhniú

Ar Ais go Barr

Déan teagmháil le Clárúchán Breitheanna Coigríche

Más duine le haghaidh clainne thú agus seans go mbéarfar do leanbh sula bpróiseáiltear d’iarratas de réir na hamlíne thuas, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Mol Seirbhíse do Chustaiméirí an Chlárúcháin Breitheanna Coigríche, ar an bhfón nó trí WebChat

Teileafón

Bíonn ár línte gutháin ar oscailt ó 9am-4.30in, Luan go hAoine. Is féidir dul I dteagmháil leis an Mol Seirbhíse do Chustaiméirí ag +353 1 568 3331 le ceisteanna faoi Chlárúcháin Breitheanna Coigríche. Tabhair faoi deara gur féidir glaonna a thaifid ar chúiseanna traenála agus rialaithe cáilíochta.

WebChat

Tá ár gComhrá Gréasáin oscailte 9rn – 4.30in i rith na seachtaine, tá an tseirbhís dúnta ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Cé go bhfuil an Comhrá Gréasáin feidhmithe ag gníomhairí ár Mol Seirbhíse Poiblí, tá an tuaslagán bogearra seo faoi stiúradh ag tríú páirtí.

Tá an Comhrá Gréasáin ar fáil nuair a ghlactar le fianán Feidhmithe. Muna féidir leat an cnaipe comhrá gréasáin ag bun an scáileán ar dheis a fheiceáil, glac le na bhfianáin Feidhmithe, le do thoil, sa Lárnaigh Rogha Príobháideachais agus athnuaigh an leathanach.

Téigh isteach go dtí an cómhrá tríd an cnaipe comhrá, le do thoil, chun ceangal le gníomhaire le linn ár n-uaireanta gnó. Níl an cnaipe cómhrá le feiceáil nuair atá ár seirbhís dúnta.

NB: le haghaidh traenáil agus rialú cáilíochta féadfaidh comhráití a thaifeadadh.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.