Amanna comhlánaithe reatha
Faisnéis reatha maidir le comhlánú pasanna
Is ionann na hamanna comhlánaithe ar fad, beag beann ar thír chónaithe an iarratasóra.
Ní áirítear an t-achar a thógfaidh an postas sna tréimhsí comhlánaithe.
Tosaíonn na hamanna comhlánaithe d’iarratais a dteastaíonn doiciméid tacaíochta uathu ón dáta a fhaigheann Seirbhís na bPasanna na doiciméid tacaíochta.
D’fhéadfadh an t-am comhlánaithe a bheith níos faide má tá do dhoiciméid tacaíochta curtha isteach agus teastaíonn doiciméid tacaíochta eile a iarraidh ó Sheirbhís na bPasanna.
| Cineál iarratais | Meán-Am Comhlánaithe Reatha |
|---|---|
| Athnuachan Shimplí do Dhuine Fásta | 10 Lá Oibre |
| Athnuachan Chasta do Dhuine Fásta | 15 Lá Oibre |
| Athnuachan do Leanbh | 15 Lá Oibre |
| Iarratas Céadaire Ar Líne (Duine fásta agus leanbh) | 20 Lá Oibre |
| Iarratas ar Phaschárta | 3-5 Lá Oibre |
| Iarratas ar Chúnamh Pas | 6 seachtaine |
Mínítear na cineálacha iarratais thíos.
Pas ar Líne
Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla chun pas Éireannach a fháil.
Is féidir le beagnach gach saoránach Éireannach iarratais a dhéanamh ar phasanna agus athnuachaintí céaduaire ar líne.
Tosaíocht dár gcuid go fóill is ea Pas ar Líne toisc go n-éascaíonn sé d’iarratas ar phas a phróiseáil ar bhealach níos éifeachtaí.
Nuair a úsáideann tú Pas ar Líne, cuireann tú iarratas ar líne isteach agus ansin seolann tú na doiciméid tacaíochta atá ag teastáil sa phost.
Nuair a fhaighimid do dhoiciméid, is féidir leat ár Rianaire Pas a úsáid chun nuashonraithe a fháil ar stádas reatha d’iarratais. Tá 5 chéim i bhformhór na n-iarratas mar a leagtar amach thíos.
| (1) Iarratas faighte | Tá d’iarratas Pas ar Líne faighte againn. Má tá doiciméid tacaíochta ag teastáil, ní féidir linn d’iarratas a phróiseáil go dtí go gcuirfidh tú na doiciméid tacaíochta riachtanacha chugainn sa phost. |
| (2) Foláireamh | Tá d'iarratas faigthe againn. Ní mór duit do cháipéisí tacaíochta a chur isteach chun leanúint ar aghaidh leis an iarratas. |
| (3) Iarratas a phróiseáil | Tá do cháipéisí tacaíochta faighte againn. Tá na cáipéisí seo á ndearbhú againn anois. |
| (4) Iarratas a phróiseáil | Tá d'iarratas á phróiseáil. |
| (5) Priontáil | Tá do leabhar pas á phriontáil. Tabharfar aon cháipéis a cuireadh isteach ar ais astu féin. |
Iarratasóirí Céaduaire
Tá na hiarratais chéaduaire ar na hiarratais is casta toisc gur gá go ndéantar na doiciméid ar fad a fhíorú. Níor cheart duit taisteal a chur in áirithe go dtí go mbeidh do phas faighte agat toisc nach féidir na hiarratais seo a bhrostú.
Ní mór duit cáipéisíocht breise a chur isteach agus i gcás leanaí, ní mór toilliú na gcaomhnóirí ar fad a fhíorú.
Athnuachaintí casta/athnuachaintí do leanaí
Is éard atá i gceist leis seo ná nuair atá athnuachan ar phas ar bun agat agus ceanglaítear ort cáipéisíocht bhreise a chur isteach nó nuair atá tú ag athrú faisnéise ar do phas. Mar shampla, d’fhéadfaí athrú d’ainm nó muidne a chur ar an eolas faoi phas caillte nó goidte a bheith i gceist.
Meastar gur athnuachaintí casta iad na hiarratais ar fad do leanaí. Is mar gheall ar an ngá le toiliú na gcaomhnóirí ar fad a fhíorú atá sé seo.
Ní chuirtear am postais san áireamh sa mheán-am comhlánaithe. Beidh postas níos faide d’iarratasóirí lasmuigh d’Éirinn.
Athnuachan shimplí do dhuine fásta
Is éard atá i gceist leis sin ná gur duine fásta thú a dteastaíonn athnuachan ar do phas Éireannach uait. Ní bhíonn aon doiciméad tacaíochta ag teastáil do na hiarratais seo de ghnáth.
Iarratas ar Sheirbhís na bPasanna trí Phoist (páipéar)
Tógfaidh iarratias pháipéir i bhfad níos mó ama na iarratas a dhéantar ar line.
Bain úsáid as Pas ar Líne má tá sé ar intinn agat taisteal laistigh de na trí mhí atá romhainn.
Faoi láthair, is é 6-8 seachtain an aga comhlánaithe le haghaidh iarratais páipéir, ach ni ráthaíocht seirbhíse é seo agus más é do thoil é ná cuir eitiltí in áirithe go dtí go bhfuil do phas faighte agat.
Nuair atá iarratas páipéir déanta agat, go ginearálta ní féidir an t-iarratas a bhrostú agus ní féidir linn do dhoiciméid tacaíochta a sheoladh ar ais chugat go dtí go bhfuil an próiseas críochnaithe.