Seirbhís na bPasanna Poist
Cad é Pas Poist a chuireann An Post ar fáil?
Is é an t-aon mhodh iarratais poist amháin a nglactar leis in Éirinn le haghaidh iarratais ar phas. Ní dhéanfar próiséáil ar iarratais a chuirtear isteach tríd an ngnáthphost nó trí phost cláraithe. Seolfaimid na hiarratais seo ar ais chugat gan iad a phróiseáil.
Conas iarratas a dhéanamh
An bhfuil cónaí ort in Éirinn?
An bhfuil cónaí ort i dTuaisceart Éireann?
An bhfuil cónaí ort i dtír thar lear?
Cé mhéad a chosnaíonn sé?
Cén fhad a thógann sé?
Féach ár n-amanna comhlánaithe.
Déan cinnte go bhfuil d’iarratas i gceart. Níl sna hamanna próiseála ach treoir seachas gealltanas seirbhíse. Braitheann amanna comhlánaithe ar an líon iarratas.
Foirmeacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait (Pasanna do leanaí)
Foirm um Mhionnscríbhinn an Chaomhnóra Aonair (AFF1)
Ní mór go mbeadh toiliú gach caomhnóra ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois. I gcúinsí áirithe, beidh gá le foirm um Mhionnscríbhinn Chaomhnóra Aonair a chur le hiarratas ar phas linbh.
Foirm Dhearbhaithe A
Céard atá i gceist leis?
Ráiteas faoi mhionn an tuismitheora a thugann mionsonraí faoina t(h)réimhse cónaitheacht in Éirinn.
Cathain atá sé ag teastáil uait?
- Rugadh an páiste tar éis an 1 Eanáir 2005 agus
- Tá tú ag iarraidh saoránacht an pháiste a thaispeáint trí ghnáthchónaí in Éirinn agus
- Rugadh na tuismitheoirí laistigh den Aontas Eorpach (AE), den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó den Eilvéis (Seachas Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór).
Ní mór do dhuine a bheith mar fhinné ar shíniú na foirme.