Beartas Príobháideachais
Faisnéis a bhaineann le gach custaiméir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Rannáin
- Reachtaíocht cosanta sonraí
- Cad iad sonraí pearsanta?
- Foinsí sonraí pearsanta bailithe agus a próiseáilte
- Aidhmeanna ina gcoimeádaimid do shonraí pearsanta
- Nochtadh do shonraí pearsanta
- Traschuir do shonraí lasmuigh den AE
- Do Shonraí Pearsanta a choinneáil slán
- Cearta duine aonair ag baint le sonraí pearsanta coinnithe ag an Roinn
- Coinneáil
- Ceisteanna agus Gearráin
- Fianáin agus beartas rianaithe
- Beartais príobháideachas do sheirbhísí áirithe atá ar fáil ag an Roinn
Reachtaíocht ar shonraí pearsanta
Is iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 - 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (RGCS) an reachtaíocht reatha do Chosaint Sonraí in Éirinn. I gcomhréir leis an RGCS mar a thugtar tuilleadh éifeachta i gCuid 3 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, is ‘rialaitheoir sonraí’ í an Roinn agus, mar sin de, tá freagrachtaí suntasacha aici le cearta na n-ábhar sonraí a chinntiú agus le sonraí pearsanta próiseáilte a chosaint. Sainítear sonraí pearsanta sa RGCS mar ‘aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (duine is ábhar do na sonraí)’.
Cad iad Sonraí Pearsanta?
Sonraí Pearsanta
Is “Sonraí Pearsanta” iad aon eolas a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta; is duine ar féidir a bheith aitheanta é duine inaitheanta, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt ar aitheantóir mar ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne mar seoladh IP an t-úsáideoir nó gné amháin nó níos mó a bhaineann le féiniúlacht fhisiceach, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, eacnamaíoch, cultúrtha nó sóisialta ar leith an duine nádúrtha leis na Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta san áireamh.
Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta
Is aon Sonra Pearsanta a nochtann cine nó bunús eithneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, ballraíocht ceardchumainn, sonraí faoi shláinte nó saol gnéis agus gnéaschlaonadh, sonraí géiniteach nó sonraí bithmhéadrach iad ‘Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta’.
Foinsí sonraí pearsanta a bailíodh agus a próiseáladh
Bailíonn, próiseálann, agus coinníonn an Roinn mhéid mór sonraí pearsanta ónár gcustaiméirí, foireann, agus soláthraithe seirbhíse mar is gá. Go háirithe, is bunghnéithe d’obair na Roinne iad seirbhisí phas agus consalacha a soláthar do shaoránaigh Éireannacha sa bhaile agus thar lear agus éilíonn sé an phróiseáil sonraí pearsanta.
Na haidhmeanna ina gcoimeádaimid do shonraí pearsanta
Tá trédhearcacht agus oscailteacht faoin úsáid do na sonraí pearsanta coimeádta an-tábhachtach don Roinn. Mar sin, teastaíonn sé uainn ár gcustaiméirí uile a chuir ar an eolas faoin gcuspóir ina mbeadh a sonraí úsáidte agus cén fáth, cá mbeidh siad roinnte agus cén fáth, agus an fad inar féidir an Roinn a sonraí a choimeád.
I bhfianaise na seirbhísí éagsúla a chuireann an Roinn ar fáil, agus gur féidir an bonn dleathach phróiseála do shonraí bheith difriúil ag brath ar an tseirbhís a bhfuil in úsáid agat, tá roinnt fógraí príobháideachta áirithe déanta againn. Tá siad ar fáil ar bhun an fhógra seo.
Nochtadh do shonraí pearsanta
Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála eolas a roinnt le haon chomhlacht poiblí agus soláthraí seirbhíse eile chun a bhfeidhmiúcháin a chomhlíonadh.
Nuair is gá, tá na comhaontuithe chomhroinnt sonraí cuí curtha i bhfeidhm.
Traschuir do shonraí lasmuigh den AE
Más indéanta, déanann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a ndícheall na sonraí pearsanta ar fad a choimeád le linn an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE). Déanfaimid ár ndícheall aon traschur lasmuigh den LEE a sheachaint, le traschur chuig dlínse nach bhfuil aitheanta ag an gCoimisiún Eorpach mar sholáthraí consanta do Shonraí Pearsanta ar chomhleibhéal leis an Aontas Eorpach.
Sa chás go bhfuil orainn sonraí a traschuir lasmuigh den LEE, cinntíodh an Roinn go mbeidh bearta cuí I bhfeidhm chun géilleadh lenár ndualgais faoi na dlíthe bainteacha a rialaítear an traschur seo.
Ag coinneáil do shonraí Pearsanta sábháilte
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go hiomlán tiomanta ar gach sonra pearsanta a chuireann a gcustaiméirí isteach a choinneáil slán sábháilte le linn an phróisis riaracháin. Tá na bearta teicneolaíochta riachtanacha curtha i bhfeidhm chun an tsábháilteacht agus slándáil na córais, a choinníonn na sonraí seo, a dheimhniú.
Cearta daoine aonair maidir le sonraí pearsanta atá coimeádta ag an Roinn
Nuair a chuireann tú, mar chustaiméir, sonraí pearsanta ar fáil don Roinn, tá cearta áirithe ann duit maidir leis an eolas sin. Tá an cur síos ar na cearta seo thíos agus is féidir iad a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cearta ar mhaith leat chuir i bhfeidhm a chuir in iúl:
- ceart bheith eolach agus an ceart rochtana;
- ceart coigeartaithe;
- ceart glanadh
- ceart srianta phróiseála
- ceart inaistritheachta sonraí
- cearta maidir le huathchinnteoireacht agus uathpróifíliú
Tabhair d’aire go bhfuil roinnt cearta áirithe thuas do dhaoine is ábhar do na sonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) nach bhfuil i gceist ar gach aicme sonraí pearsanta a phróiseálann an Roinn. Mar shampla, go ginearálta níl an ceart glanadh i gceist do na sonraí a choinníonn an tSeirbhís Phas don eisiúint na bpasanna.
Eolas sa bhreis ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádala agus iarratas duine ar a sonraí
Is é an bealach is éasca chun breis eolais nó chun iarratas a dhéanamh ar an Roinn seo maidir le do shonraí pearsanta, le hIarratas Duine ar a Sonraí, trí ríomhphost a sheoladh chuig data.protection@dfa.ie
Breis eolais ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí
Tá breis eolais sonraithe faoi do chearta faoin RGCS ar fáil ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Coinneáil
Ní choimeádaimid do Shonraí Pearsanta níos faide ná go bhfuil gá dó. Coimeádaimid do Shonraí Pearsanta chomh fada is a bhfuil gá leis do na haidhmeanna atá cur síos orthu sa Bheart Príobháideachas nó chun géilleadh le haon dlí nó rialachán bainteach, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó rialacháin, nó aon riachtanas reachtúil le dualgais na Roinne faoin Acht um Chartlainn Náisiúnta 1986 (arna leasú).
Tá roinnt fógraí príobháideachta againn a bhaineann le seirbhísí áirithe, dár Seirbhís Phas san áireamh, ina gcuireann breis eolais maidir leis an bpróiseáil eolais do na seirbhísí áirithe sin ar fáil. Tá na fógraí seo ar fáil sna naisc ar chlé an fhógra seo.
Ceisteanna agus Gearáin
Is é Flannan Gleeson an t-Oifigeach Cosanta Sonraí na Roinne. Má tá ceist, cúram, nó gearán agat maidir leis an gceist cosanta sonraí, is é an bealach is éasca chun dul i dteagmháil le Foireann Cosanta Sonraí na Roinne ná trí ríomhphost a sheoladh chuig data.protection@dfa.ie
De rogha ar sin, mura bhfuil tú in ann dul I dteagmháil leis an oifig seo trí ríomhphost, is féidir dul i dteagmháil leis an bhFoireann Cosanta Sonraí ag:
Oifigeach Cosanta Sonraí, Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, 76-78 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 DX45, Éire.
Tá an ceart agat gearáin a dhéanamh don Choimisiún um Chosaint Sonraí má smaoiníonn tú go bhfuil an phróiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an RGCS.
Ba cheart go mbeadh gearáin don Choimisiún déanta I scríbhinn leis an seoladh:
info@dataprotection.ie
nó
An Coimisiún um Chosaint Sonraí,
21 Cearnóg Mhic Liam Theas,
Baile Átha Cliath 2,
D02 RD28,
Éire
Feidhmíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí mar dheasc chabhrach chomh maith, inar féidir leat dul I dteagmháil air ar 0761 104 800 nó Glaoch Áitiúil ar 1890 252231.
Uasdáta is déanaí, Samhain 2024.
Fianáin agus beartas rianaithe
Chun na breiseáin mar:
- Instagram (fothaí/postálacha mheáin shóisialta)
- Issuu (foilseacháin PDF ar an leathanach)
- Spotify (fuaim)
- TG4 (fís)
- Vimeo (fís)
- X (fothaí/postálacha mheáin shóisialta)
- YouTube (fís)
a chuir i bhfeidhm ar an suíomh, tá ar an úsáideoir leis na fianáin atá uath-lódáilte ag an soláthraí tríú leibhéil mar chuid dá seirbhís a ghlacadh. Níl na fianáin seo ag teastáil chun ár suíomh gréasáin a úsáid. Ach, ní oibreoidh gnéithe mar fhíseanna áirithe ach amháin má tá an t-úsáideoir sásta leis na fianáin rianaithe a ghlacadh.
Níl siad ag teastáil chun ár suíomh a úsáid, ach ní oibreoidh roinnt gnéithe mar fhíseanna áirithe mura nglacann an t-úsáideoir leis na fianáin rianaithe seo.
Polasaithe do chuid seirbhísí a chuireann an Roinn ar fáil
- Seirbhís Phas
- Clárúchán Saoránach
- Clárúchán Breithe Coigríche
- Aitheantas inscne nua don aidhm Clárú Breithe Coigríche
- Ag déanamh imscrúdú ar cheart do Certificat de Coutume/Nulla Osta do Phósadh Thar Lear agus Teastais a eisiúint
- Uainchlár Comhlíonta Thoghcháin Idirnáisiúnta
- Réitigh Creidiúnaithe
- Córas Bainistíochta Teagmhála
- Córas Bainistíochta Deontais