An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Coinne phráinneach chun pas a athnuachan

Seirbhís coinne phráinneach

Má theastaíonn coinne phráinneach uait chun iarratas athnuachana pas a phróiseáil, tá Córas Coinní Práinneacha chun Pas a Athnuachan againn. Tá sin ar fáil sna hoifigí againn ar Shráid an Mhóta i mBaile Átha Cliath 2, Corcaigh agus ár n-oifig i Londain.

Chun leas a bhaint as an tseirbhís athnuachana seo, ní mór d’iarrthóirí coinne a chur in áirithe ar dtús chun freastal ar an oifig phoiblí ar Shráid an Mhóta, Baile Átha Cliath 2, i gCorcaigh nó i Londain. Is seirbhís theoranta í seo agus tabharfar coinne do dhaoine de réir an oird a thagann siad chugainn amháin.

Is féidir le hiarratasóirí a rinne iarratas ar líne coinní athnuachana a dhéanamh leis an tSeirbhís Choinne Práinneach chomh maith. Nuair a chuirtear iarratas ar líne ar aghaidh tríd an bpróiseas teidlíochta, áfach, tá seans nach mbeidh Seirbhís na bPasanna ábalta coinne a éascu agus cuirfear an coinne ar ceall dá bharr agus déanfar aisíocaíocht ar an táille.

Cuirfimid trí chineál coinne ar fáil agus gearrfar táille ar an gcoinne sin ag brath ar ché chomh tapa agus a theastaíonn do phas uait. Cuirtear seirbhís chomhlánaithe 5 lá amháin ar fáil i Londain.

  1. Seirbhís athnuachana aonlae. Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 lá roimh ré.
  2. Seirbhís athnuachana ceithre lá. Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 seachtaine roimh ré.
  3. Seirbhís athnuachana cúig lá (Londain amháin). Is féidir na coinní seo a chur in áirithe trí seachtaine roimh ré.
Fógra ag léiriú go nglacaimid le JAM cártaí

Seirbhís éigeandála

Leanfaidh Seirbhís na bPasanna den tseirbhís éigeandála aonlae céanna a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil pas de dhíth orthu i gcás éigeandála leighis nó i gcás go bhfuair duine muinteartha bás thar lear.

Is í uimhir theileafóin an Mhoil Seirbhíse do Chustaiméirí 01 671 1633 nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí WebChat.

Coinne Iarratais Athnuachana do Dhuine Fásta

Coinne iarratais athnuachana do pháistí

Cá mhéad a chosnaíonn sé?

Cén fáth nach féidir liom é a úsáid le haghaidh iarratas céaduaire?

An féidir liom an tseirbhís seo a úsáid más rud é gur chuir mé iarratas isteach cheana féin trí ‘Pas Ar Líne’?

An féidir liom mo choinne a chur ar ceal nó a athrú?

Cén chaoi ar féidir liom a fhíorú go bhfuil mo chás práinneach?

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.