An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Cé mhéad a chosnaíonn pas?

Cé mhéad a chosnaíonn pas? Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla agus is costéifeachtaí chun iarratas a dhéanamh ar do phas.

Féadfaidh táillí riaracháin breise a bheith i gceist lena n-áirítear poist idirnáisiúnta.

Le haghaidh sonraí táille iomlána do gach cineál iarratais roghnaigh rogha thíos.

Pas ar Líne

Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla agus is éifeachtúla ó thaobh costas de chun iarratas a dhéanamh ar do phas.

Táillí do dhaoine fásta
Cineál iarratais Táillí
Gnáthphas 10 mbliana do Dhuine Fásta €75
Cárta Pas €35
Gnáthphas móide beart de Chárta Pas €100
Táillí do leanaí
Cineál iarratais Táillí
Gnáthphas 5 mbliana, do dhaoine faoi 18 mbliana €35
Gnáthphas móide beart de Chárta Pas, do dhaoine faoi 18 mbliana €45

Tá táille phoist bhreise €5 ar gach iarratas linbh chun an costas a bhaineann le doiciméid a chur ar ais chuig an iarratasóir a chlúdach.

Tá táille poist breise €15 má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go mbaineann íocaíocht shingil de €15 le hiarratais do leanaí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn.

Ar Ais go Barr

Seirbhís na bPasanna Phoist: iarratas a dhéanamh tríd An Post

Duine Fásta Táillí
Pas caighdeánach 10 mbliana €80
Leanbh
Pas caighdeánach 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana €30

Íoctar táille riaracháin bhreise chun an iarratas a láimhseáil agus a sheachadadh go díreach chuig An Post.

Is é an táille le haghaidh iarratas aonair ná €9.50 agus is é 16 euro an táille a ghearrtar le haghaidh ceithre cinn.

Ar Ais go Barr

Iarratais thar an gcuntar poiblí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh

I dteannta na táille don phas, beidh táille ar choinne sa bhreis mar seo a leanas:

Cineál Seirbhíse Táille Phas Comhlánú aonlaeTáille Choinne Comhlánú Ceithre Lá  Táille Choinne
Athnuachan do dhuine fásta €95 €150 €75
Athnuachan do leanbh €45 €150 €75

Ní ghlactar le seiceanna.

Glactar leis na cineálacha íocaíochta seo a leanas:

  • Cárta creidmheasa/dochair
  • dréacht bainc
  • ordú poist
Ar Ais go Barr

Iarratas a dhéanamh ag Ambasáid nó Consalacht na hÉireann

Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar do phas nó ar chárta pas do linbh, ó áit ar bith ar domhan

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.