An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Aitheantas inscne

Ligeann Rialacháin Aitheantais Inscne Breitheanna Coigríche 2017 do shaoránach Éireannach ar bhronnadh a saoránacht trí iontráil ar Chlár Breithe Coigríche iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun a mbreith a thaifid sa Chlár Aitheantais Inscne Breitheanna Coigríche lena inscne agus a n-ainmneacha ab fhearr leo, agus rúndacht an tsaoránaigh a chosaint.

Ag déanamh iarratais ar an gClár Aitheantais Inscne Breitheanna Coigríche

Má thaifeadadh do bhreith sa Chlár Breitheanna Coigríche (FBR) cheana féin, agus ba mhaith leat d’inscne agus d’ainm(neacha) ab fhearr leat a iontráil ar an gclár aitheantais inscne breitheanna coigríche. Nó má tá d’inscne agus, más infheidhme, d’ainm(neacha) ar fearr leat atá éagsúil ó na sonraí liostaithe ar do theastas breithe, tá ort Deimhniú Aitheantais Inscne Éireannach a bheith agat. Tá siad ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí ar líne.

Má leasaigh tú do theastas breithe chun inscne nua a léiriú, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí phróiseas iarratais an Chlárúcháin Breithe Coigríche.

Chun iarratas a dhéanamh ar thaifead breithe sa chlár aitheantais inscne breitheanna coigríche, tá na doiciméid seo a leanas ag teastáil uait:

  1. Deimhniú Aitheantais Inscne
  2. Sonraí an teastas FBR bunaidh (dáta, ainm, oifig eisithe agus uimhir)
  3. Cóip dheimhnithe/atá nótaireacht déanta air den leathanach sonraithe/grianghraif d’Aitheantas Státeisithe (m.sh. pas)
  4. Cruthúnas ar sheoladh baile, mar shampla: bille fóntais, ráiteas bainc, bille gutháin, litir ó dhochtúir/ospidéal, litir ó scoil/ollscoil agus araile. (ní liosta iomlán é seo)
  5. 2 ghrianghraif atá suas chun dáta

Nuair a iontáiltear duine ar chlár aitheantais inscne breitheanna coigríche, eiseofar deimhniú Chlárúchán Breithe Coigríche nua san ainm agus inscne atá ar an Deimhniú Aitheantais Inscne.

Chun an próiseas a thosú, seol ríomhphost chugainn. Tabhair faoi deara nach féidir leat doiciméid a cheangail ag an gcéim seo.

Déan teagmháil linn

Is féidir dul i dteagmháil le hIonad Clárúcháin Breitheanna Coigríche ag an seoladh thíos, trí ríomhphost, nó (00353) 01 671 1633 a ghlao (Luan – Aoine, 9am – 5in). Iarr orthu labhairt leis na hoifigigh atá freagrach as Aitheantas Inscne má tá tú ag déanamh teagmhála leis an Roinn ar an bhfón.

Foreign Birth Registration

PO Box 13003

Baile Brigín

Co. Átha Cliath,

Éire

Chun níos mó eolais a aimsiú faoin iarratas ar dheimhniú Aitheantais Inscne, cliceáil anseo chun eolas ó Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne a aimsiú.

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.