An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Daoine a rugadh thar lear

Más lasmuigh d'Éirinn a rugadh thú, b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach

Ar rugadh tú lasmuigh d’Éirinn?

Is saoránach Éireannach thú sa ghnáthchúrsa más saoránach Éireannach a bhí i nduine de do thuismitheoirí agus más in Éirinn a rugadh é nó í. Ní gá duit iarratas a dhéanamh chun bheith i do shaoránach Éireannach sa chás sin.

Is féidir stádas saoránaigh Éireannaigh a thabhairt duit más rud é:

  1. Gur rugadh duine de do sheantuismitheoirí in Éirinn, nó;
  2. Go raibh duine de do thuismitheoirí ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach nuair a rugadh thú, cé nárbh in Éirinn a rugadh é nó í.

Sna cásanna sin, is féidir leat stádas saoránaigh Éireannaigh a bhaint amach trí Chlárú Breithe Coigríche.

Ar Ais go Barr

Do bhreith a chlárú

Chun do bhreith a chlárú ar Chlár na mBreitheanna Coigríche, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Lean an Treoir uainn maidir le Conas Breith Choigríche a Chlárú
  2. Comhlánaigh d'fhoirm iarratais ar líne
  3. Priontáil an fhoirm iarratais sin agus déan íocaíocht ar líne
  4. Seol chugainn an fhoirm, na cáipéisí tacaíochta, na grianghraif agus an seicliosta.
Ar Ais go Barr

D'iarratas a chur ar an bpost

Seol d'iarratas chuig an seoladh atá clóite ar chúinne thaobh na láimhe deise den fhoirm iarratais. Ceann acu seo a leanas a bheidh i gceist:

  • An Ambasáid nó an Chonsalacht Éireannach is gaire duit
  • Ár n-oifig i gCorcaigh (má tá cónaí ort i gCúige Mumhan) Teileafón: 021 494 4763 (Luan go hAoine, 10am – 1pm)
  • Ár n-oifig i mBaile Átha Cliath (má tá cónaí ort in áiteanna eile in Éirinn, san Astráil, i gCeanada nó i Stáit Aontaithe Mheiriceá)
    Teileafón: 01 408 2555.
Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.