An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Eadóirseacht

Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.

Cad is eadóirseacht ann?

Is é is eadóirseacht ann próiseas trínar féidir le duine nach náisiúnach Éireannach é nó í iarratas a dhéanamh chun bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach.

Iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht:

Is í Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann a bhaineann leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe a dhéileálann le gach iarratas ar shaoránacht Éireannach.

Ní mór duit:

  1. A sheiceáil an bhfuil tú incháilithe do shaoránacht na hÉireann
  2. An fhoirm iarratais iomchuí a chomhlánú
  3. D’fhoirm a chur faoi bhráid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.