An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Daoine a rugadh in Éirinn

Má rugadh tú ar oileán na hÉireann, braitheann do cheart chun saoránachta Éireannaí ar roinnt tosca éagsúla.

Má rugadh tú roimh an 1 Eanáir 2005

Má rugadh tú ar oileán na hÉireann roimh an 1 Eanáir 2005, tá tú i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach.

Má rugadh tú tar éis an 1 Eanáir 2005

Má rugadh tú ar oileán na hÉireann an 1 Eanáir 2005 nó dá éis, braitheann do cheart chun saoránachta Éireannaí ar na nithe seo a leanas:

  • Saoránacht do thuismitheoirí an tráth a rugadh tú
  • Stair cónaitheachta duine de do thuismitheoirí sular rugadh tú  

Is amhlaidh atá mar gheall ar athrú ar an reachtaíocht a bhaineann le náisiúntacht agus saoránacht Éireannach.

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.