An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Téarmaí agus Coinníollacha maidir leis an tSeirbhís Pas Ar Líne a Úsáid

Téarmaí agus Coinníollacha nuashonraithe le haghaidh Pas Ar Líne

Is é cuspóir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo thú a chur ar an eolas, mar úsáideoir, ar phríomhghnéithe Pas Ar Líne agus cabhrú linn seirbhís thapa agus éifeachtach a chur ar fáil duit de réir théarmaí Acht na bPasanna 2008, arna leasú, nach mór do gach iarratas cloí leo. Tá sé tábhachtach go léann tú iad sula gcuireann tú isteach ar phas ar líne. Go raibh maith agat as an am a ghlacadh chun é sin a dhéanamh.

Ráiteas ginearálta

Is é an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a dhéanann an tseirbhís Pas Ar Líne a óstáil agus a rialú. Meastar gur ghlac úsáideoirí na seirbhíse Pas ar Líne leis na Téarmaí agus Coinníollacha sin.

Ar Ais go Barr

Íocaíochtaí ar líne

Déanfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha do chárta creidmheasa/dochair a chur do dhochar ar dháta d’iarratais, ach amháin má chuirtear a mhalairt in iúl. Ní mór do shealbhóirí cárta a bheith os cionn 18 mbliana d’aois. Glactar leis na cártaí seo a leanas - Diners Club International, American Express, Maestro, Visa, MasterCard.

Aisíocfar d’íocaíocht mura n-éiríonn le d’iarratas ar phas. Déanfar aisíocaíocht freisin má roghnaíonn tú d’iarratas ar phas a chur ar ceal.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha freagrach as d’iarratas a phróiseáil agus gealltar an méid sin a dhéanamh go tráthúil a luaithe a fhaightear foirm a comhlánaíodh i gceart agus na doiciméid tacaíochta riachtanacha. Tá faisnéis maidir lenár n-amanna comhlánaithe reatha ar fáil anseo.

Ba cheart duit na doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach a luaithe agus is féidir i ndiaidh duit iarratas Pas Ar Líne a dhéanamh. Mura gcuireann tú na doiciméid tacaíochta riachtanacha nó cearta isteach, d’fhéadfadh an tSeirbhís Pasanna teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil le linn an phróisis iarratais ar phas ar líne chun a mheabhrú duit go bhfuil na doiciméid iarrtha fós le seoladh.

Más rud é, laistigh de 20 seachtain ón dáta a rinneadh an t-iarratas ar Pas Ar Líne, nár cuireadh isteach na doiciméid tacaíochta riachtanacha nó cearta, d’fhéadfaí go mbeidh ar Sheirbhís na bPasanna dul ar aghaidh agus cinneadh a dhéanamh ar bhonn an iarratais a cuireadh isteach.

D’fhéadfaí diúltú a bheith mar thoradh ar an gcinneadh sin ar an bhforas nár sheol an t-iarrthóir na doiciméid tacaíochta riachtanacha don iarratas atá riachtanach chun cloí le téarmaí Acht na bPasanna 2008, arna leasú.

Ar Ais go Barr

Cóipcheart

Tá an t-ábhar ar an láithreán seo faoi réir chóipcheart an Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó a phriontáil le haghaidh úsáid phearsanta agus sin amháin. Sa chás go n-eisítear an t-ábhar seo ar dhaoine eile, ní mór aitheantas a thabhairt don fhoinse (lena n-áirítear an URL) agus don stádas cóipchirt.

Ní théann an cead chun ábhar cóipchirt an Rialtais a thaispeáint chomh fada le haon ábhar ar an láithreán seo ar le tríú páirtí é. Ní mór údarú a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann chun ábhar den sórt sin a thaispeáint.

Ar Ais go Barr

Séanadh

Is mar threoir faisnéise amháin a chuirtear ábhar na leathanach seo ar fáil. Tá siad beartaithe cur le rochtain an phobail ar fhaisnéis faoin Rialtas agus a Ranna.

Cé go ndéantar gach iarracht agus ábhar á ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát freagracht ar bith ná ní ghlactar freagracht ar bith thar a cheann as aon earráid, easnamh ná ráiteas míthreorach ar na leathanaigh seo nó ar láithreán ar bith a bhfuil nasc ar bith ag na leathanaigh seo chuige.

Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil na láithreáin ar an liosta iontaofa, ní féidir glacadh leis sin mar fhormhuiniú ar na láithreáin sin.

Ar Ais go Barr
Ar Ais go Barr

Cosaint in aghaidh Víris

Déanaimid gach iarracht ábhar a sheiceáil agus a thástáil ag gach céim den táirgeadh. Is críonna an rud é clár frithvíreas a rith ar gach ábhar a íoslódáiltear ón Idirlíon.

Ní féidir linn freagracht ar bith a ghlacadh as caillteanas, cur isteach nó damáiste do do shonraí, ná do chóras ríomhaire a d’fhéadfadh tarlú agus tú ag úsáid ábhar a fuair tú ón suíomh gréasáin seo.

Ar Ais go Barr

Saoráil Faisnéise

Tháinig éifeacht leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) an 21 Aibreán 1998 agus leasaíodh é an 14 Deireadh Fómhair 2014. Faoin FOI, tá an ceart ag gach duine:

  • rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe;
  • go gceartófar faisnéis phearsanta a bhaineann leat agus atá i seilbh Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe sa chás go bhfuil sí míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach; agus
  • cúiseanna a fháil ar chinntí a dhéanann Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe sa chás go mbaineann an cinneadh leat.

Chun tuilleadh faisnéise ar do chearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar www.foi.gov.ie.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.