An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Pasanna caillte, goidte nó damáistithe

Thar lear

Má chailleann do phas, nó má ghoidtear é, nuair atá tú thar lear agus má theastaíonn doiciméad taistil uait chun filleadh ar Éirinn, beidh an Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit in ann cuidiú leat.

Ar Ais go Barr

Caillte nó goidte

Iarratas a dhéanamh ar athchóip ar líne 

  • Is féidir do phas a thuairisciú mar caillte/ goidte nuair a chuireann tú iarratas isteach ar do phas nua. 
  • Abair linn go bhfuil an pas caillte, goidte nó damáistithe san iarratas ar líne.

Iarratas a dhéanamh trí Chúnamh Pas

  • Déan teagmháil leis an bhfoireann Cúnaimh Pas ar 01 613 1795 chun foirm iarratais a ghinniúint agus Ráiteas caillteanais, gadaíocht nó damáiste do pas a chomhlánú. 
  • Bí ar an eolas, tógann iarratais Cúnaimh Pas 6 seachtain le próiseáil ar an meán.

Sonraí tábhachtacha maidir le pasanna caillte/goidte

  • Tuairiscímidne na sonraí seo chuig Interpol.
  • Ní bheidh an pas bailí le haghaidh taistil a thuilleadh.
  • Ná taistil le pas ar thuairiscigh tú gur cailleadh nó gur goideadh é.
  • Molaimid duit na Póilíní a chur ar an eolas gur imigh an pas amú nó gur goideadh do phas chun thú a chosaint ar an gcalaois aitheantais.
  • D’fhéadfadh sé go gcuirfimid srian ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile. Má chailleann tú dhá phas nó níos mó d’fhéadfadh sé nach bhfaighfeá pas iomlán 10 mbliana. Ina ionad sin d’fhéadfá pas nua a fháil a bheidh bailí idir bliain amháin agus deich mbliana. Braithfidh sé sin ar cé mhéad pas a chaill tú/a goideadh uait le deich mbliana anuas.

D'fhéadfadh sé go dtógfadh sé ní b’fhaide an t-iarratas ar do chéad phas eile a phróiseáil.

Ar Ais go Barr

Damáistithe

  • Más rud é go ndearnadh damáiste do do phas, beidh ort an pas a ndearnadh damáiste dó a sheoladh ar ais nuair a dhéanann tú iarratas ar phas nua.
  • Ná taistil le pas a ndearnadh damáiste dó.
Ar Ais go Barr
BETA

Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d'aiseolas linn í a fheabhsú. Fág aiseolas.