An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Iarratais ar phas do dhuine fásta (18+)

Déan seiceáil más gá duit doiciméid bhreise a sheoladh chugainn

Roghnaigh an cás a bhaineann leatsa ó na roghanna thíos agus faigh eolas faoi dhoiciméid ábhartha bhreise a d’fhéadfaí a bheith ag teastáil chun d’iarratas ar phas a chomhlánú.

Athnuachan

Cineál iarratais: Is duine fásta mé (18+) ar mian liom mo phas a athnuachan

Roghnaigh an cás a bhaineann leat:

Tá mo phas le dul in éag sa chéad 12 mhí eile

Tá dáta éaga mo phas níos mó ná 12 mhí amach anseo

Tá mo phas in éag le 5 bliana anuas

Chuaigh mo phas in éag níos mó ná 5 bliana ó shin

Ar Ais go Barr

Pas caillte, goidte, nó damáistithe

Caillte nó goidte

  • Déan iarratas láithreach ar phas nua trí Pas ar Líne a úsáid. Seo é an bealach is tapúla chun do phas a thuairisciú gur goideadh nó cailleadh é agus áiríonn sé nach féidir le haon duine leas a bhaint as le dul ag taisteal.
  • Má thagann tú ar phas a thuairiscigh tú roimhe sin mar cheann a bhí caillte nó goidte, ná taistil leis an bpas seo. D’fhéadfaí go stopfar thú ag teorainn idirnáisiúnta. Ba cheart duit é a sheoladh ar ais chuig Seirbhís na bPasanna.
  • D’fhéadfaí bailíocht (fad) do chéad phas eile a bheith níos lú ná an gnáthphas 10 mbliana. Má tá 2 phas nó níos mó caillte agat, d’fhéadfaí bailíocht do phas a bheith níos lú ná mar is gnáth ach beidh ort an táille iomlán a íoc fós.
  • Déan cinnte go bhfuil do phas nua agat sula gcuireann tú aon taisteal in áirithe mar d'fhéadfadh sé tamall níos faide a thógáil chun an t‑iarratas ar do chéad phas eile a phróiseáil.

Damáistithe

  • Ná taistil le pas a ndearnadh damáiste dó. D’fhéadfadh sé fadhbanna a chruthú agus tú ag trasnú teorainneacha idirnáisiúnta.
  • Más rud é go ndearnadh damáiste do do phas, beidh ort an pas damáistithe dó a sheoladh ar ais nuair a dhéanann tú iarratas ar phas nua.
  • Déan cinnte go bhfuil do phas nua agat sula gcuireann tú aon taisteal in áirithe mar d'fhéadfadh sé tamall níos faide a thógáil chun an t‑iarratas ar do chéad phas eile a phróiseáil.

Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar do phas. Is féidir leat an tseirbhís ar páipéar, Seirbhís na bPasanna Luais, a úsáid ach tógfaidh sé seo tamall níos faide.

Thar lear

Má chailltear do phas, má ghoidtear é, nó má dhéantar damáiste dó nuair atá tú thar lear, tá doiciméad taistil de dhíth ort chun filleadh abhaile. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit a d’fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.

Ar Ais go Barr

Pas gnó

Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh ar phas gnó

D'fhéadfadh sé go mbeadh an dara pas ag teastáil ó roinnt taistealaithe gnó chun taisteal a cheadú nuair atá a bpas reatha á choinneáil ag Ambasáid chun críocha eisiúna víosa. Ceadaíonn an dara pas taisteal sa chás sin.

Is minic a fhreastalóidh Paschárta le haghaidh taistil laistigh den Aontas Eorpach, den Ríocht Aontaithe agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) ar do chuid riachtanas seachas an dara leabhar pas.

Measaimid iarratais ar an dara pas chun críocha gnó de réir an cháis. Teastaíonn am breise chun na hiarratais seo a phróiseáil.

Coimeádann Seirbhís na bPasanna an ceart chun an dara pas a eisiúint. De ghnáth bíonn sé bailí ar feadh 3 bliana ar a mhéad.

An chéad uair le hiarratas a dhéanamh ar phas gnó

Ag déanamh athnuachan ar phas gnó

Ar Ais go Barr

Athraigh eolas

Cineál iarratais: Is duine fásta mé (18+) ar mian liom an t‑eolas ar mo phas a athrú

Roghnaigh an cás a bhaineann leatsa:

Úsáidim ainm difriúil anois leis an ainm atá ar mo phas nó teastas breithe

Ba mhaith liom m’ainm a athrú ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla

Tá m’inscne aitheanta anois

Phós mé nó fuair mé colscaradh agus ba mhaith liom m’ainm a athrú

Ba mhaith liom go mbeadh tagairt ó mo phas roimhe seo curtha ar mo phas nua

Ar Ais go Barr

Iarratasóir céaduaire a rugadh ar oileán na hÉireann

Cineál iarratais: Iarratasóir céaduaire do dhuine fásta (18+) a rugadh ar oileán na hÉireann

Roghnaigh an cás a bhaineann leatsa:

Táim ag cur isteach ar mo chéad phas Éireannach, rugadh mé ar oileán na hÉireann.

Táim ag cur isteach ar mo chéad phas Éireannach, rugadh mé ar oileán na hÉireann agus d’uchtaigh saoránach Éireannach mé

Bhí pas Éireannach agam nuair a bhí mé i mo leanbh

Ar Ais go Barr

Iarratasóir céaduaire a rugadh thar lear

Cineál iarratais: Is iarratasóir céaduaire duine fásta (18+) mé a rugadh thar lear

Roghnaigh an cás a bhaineann leatsa:

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Rugadh mo thuismitheoir ar oileán na hÉireann agus tá mé i mo chónaí in Éirinn anois.

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Rugadh mo thuismitheoir ar oileán na hÉireann agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Éireann anois.

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Rugadh mo thuismitheoir ar oileán na hÉireann agus tá mé i mo chónaí thar lear anois.

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Bhí mo thuismitheoir ina s(h)aoránach Éireannach nuair a rugadh mé ach ní ar oileán na hÉireann a rugadh iad.

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé - D’uchtaigh saoránach Éireannach mé

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Is saoránach Éireannach eadóirsithe mé. (Éire)

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Is saoránach Éireannach eadóirsithe mé. (Tuaisceart Éireann/An Bhreatain Mhór)

Níor rugadh ar oileán na hÉireann mé. Is saoránach Éireannach eadóirsithe mé. (Thar lear)

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.