An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Iarratais ar Phas do Pháiste

Seiceáil más gá duit doiciméid bhreise a sheoladh chugainn

Roghnaigh an cás a bhaineann leatsa ó na roghanna thíos agus faigh faisnéis ar na doiciméid ábhartha bhreise a d’fhéadfaí a bheith ag teastáil chun d’iarratas ar phas a chomhlánú.

Athnuachan

Cineál iarratais: Caithfidh mé pas mo pháiste a athnuachan

Roghnaigh na sonraí a bhaineann leatsa:

Tá dáta éaga ar phas an pháiste laistigh de 6 mhí

Tá an dáta éaga ar phas an pháiste breis is 6 mhí as seo

Tá an dáta éaga ar phas an pháiste laistigh de 5 bliana anuas

Tá dáta éaga pas mo pháiste níos mó ná 10 mbliana ó shin

Ar Ais go Barr

Pas a cailleadh, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dó

Caillte nó goidte

Déan iarratas láithreach ar son do pháiste ar phas nua trí Pas ar Líne a úsáid. Seo é an bealach is tapúla chun an pas a thuairisciú gur goideadh nó cailleadh é agus áiríonn sé nach féidir le haon duine leas a bhaint as le dul ag taisteal.

  • Má thagann tú ar phas páiste a thuairiscigh tú a bhí imithe amú nó goidte roimhe sin, ná lig do do pháiste taistil leis an bpas sin. D’fhéadfaí go stopfar iad ag teorainn idirnáisiúnta. Ba cheart duit é a sheoladh ar ais chuig Seirbhís na bPasanna.
  • D’fhéadfaí bailíocht (fad) a gcéad phas eile a bheith níos lú ná an gnáthphas 5 mbliana. Má tá 2 phas nó níos mó caillte acu, d’fhéadfaí bailíocht an phas a bheith níos lú ná mar is gnáth ach go mbeidh ort an táille iomlán a íoc.
  • D'fhéadfadh sé go dtógfadh sé tamall níos faide an t-iarratas ar a gcéad phas eile a phróiseáil. Cinntigh go bhfuil an pas nua agat sula gcuireann tú aon taisteal in áirithe.

Damáistithe

  • Más rud é go ndearnadh damáiste do phas do pháiste, ná lig dóibh taisteal air. D’fhéadfadh sé fadhbanna a chruthú agus iad ag trasnú teorainneacha idirnáisiúnta.
  • Más rud é go ndearnadh damáiste do phas do linbh beidh ort an pas a ndearnadh damáiste dó a sheoladh ar ais nuair a dhéanann tú iarratas ar cheann nua.
  • D'fhéaddadh sé tamall níos faide a thógail chun an tiarratas ar an gcéad phas eile a phróiseáil, cinntigh go bhfuil do phas nua agat sula gcuireann tú aon taisteal in áirithe.

Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla chun iarrats a dhéanamh ar do phas. Is féidir leat an tseirbhís ar pháipéar, Seirbhís na bPasanna Luais, a úsáid ach glacfaidh sin níos mó ama.

Thar lear

Má tá do phas caillte, goidte, nó damáistithe agus tú ar saoire thar lear, tá doiciméad taistil de dhíth ort chun filleadh abhiale. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire duit a d'fhéadfadh cabhrú leat.

Ar Ais go Barr

Iarrthóir céaduaire a rugadh ar oileán na hÉireann

Cineál Iarratais: Iarrthóir céaduaire a rugadh ar oileán na hÉireann gur páiste iad

Roghnaigh cibé cheann a bhaineann leatsa:

Rugadh mo pháiste ar oileán na hÉireann roimh 2005

Rugadh mo pháiste ar oileán na hÉireann tar éis 2005

Rugadh mo pháiste ar oileán na hÉireann, uchtaíodh mo pháiste agus ba shaoránach Éireannach é/í tuismitheoir amháin nuair a uchtaíodh an páiste

Ar Ais go Barr

Iarratasóir céaduaire a rugadh thar lear

Cineál Iarratais: Is iarratasóir céaduaire é/í mo pháiste a rugadh thar lear

Roghnaigh cibé cheann a bhaineann leatsa:

Rugadh mo pháiste thar lear. Rugadh tuismitheoir amháin ar oileán na hÉireann

Rugadh mo pháiste thar lear. Ba shaoránach Éireannach é/í tuismitheoir amháin nuair a rugadh mo pháiste

Rugadh mo pháiste thar lear. Ba shaoránach Éireannach é/í tuismitheoir amháin nuair a uchtaíodh mo pháiste

D’fhéadfaí na foirmeacha seo a leanas a bheith ag teastáil uait

Foirm um Mhionnscríbhinn an Chaomhnóra Aonair (AFF1)

Ní mór go mbeadh toiliú gach caomhnóra ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois. I gcúinsí áirithe, beidh gá le foirm um Mhionnscríbhinn Chaomhnóra Aonair a chur le hiarratas ar phas linbh.

Foirm Dhearbhaithe A

Céard atá i gceist léi

Is ráiteas faoi mhionn an tuismitheora í a thugann mionsonraí faoina t(h)réimhse cónaitheachta in Éirinn.

Cathain atá sí ag teastáil uait

  • Rugadh an páiste tar éis an 1 Eanáir 2005 agus
  • Tá tú ag iarraidh saoránacht an pháiste a thaispeáint trí ghnáthchónaí in Éirinn agus
  • Rugadh na tuismitheoirí laistigh den Aontas Eorpach (AE), den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó den Eilvéis (Seachas Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór).

Ní mór do dhuine a bheith mar fhinné ar shíniú na foirme.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.