Iarratas céaduaire ar phas do dhaoine fásta
Forléargas
Is féidir le saoránaigh Éireannacha ar fud an domhain iarratas a dhéanamh ar líne ar a bpas Éireannach.
Tá pasanna do dhaoine fásta bailí ar feadh 10 mbliana. Má eisíodh do phas deireanach níos mó ná 15 bliana ó shin, ní mór duit iarratas a dhéanamh mar iarratasóir céaduaire.
Cineálacha eile iarratas
Tá treoir ar leith ann má tá pas duine fásta á athnuachan agat. Is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar líne ó áit ar bith ar domhan.
Conas iarratas a dhéanamh ar líne
Chun iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as Pas Ar Líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- grianghraf digiteach atá ag teacht le treoirlínte na ngrianghraf
- cárta creidmheasa nó dochair
- seoladh ríomhphoist
- rochtain ar phrintéir
Glacann an t-iarratas ar líne thart ar 10 nóiméad le comhlánú.
Conas treoirlínte na ngrianghraf a chomhlíonadh
Doiciméid a theastaíonn uait
Inseoidh an t-iarratas ar líne duit na doiciméid is gá duit a chur isteach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
Is féidir leat ár dtreoir a léamh freisin maidir leis na doiciméid is gá duit a chur isteach más rud é gur:
- iarratasóir céaduaire a rugadh ar oileán na hÉireann thú
- iarratasóir céaduaire a rugadh thar lear thú
Aitheantas á dheimhniú
Mar iarratasóir céaduaire fásta, ní mór do bhall den Gharda Síochána in Éirinn nó finné iomchuí lasmuigh den Stát d'aitheantas a fhíorú.
Mar chuid den iarratas ar líne, iarrfar ort foirm maidir le haitheantas a fhíorú a phriontáil a inseoidh duit cén cineál finné atá inghlactha.
Iarratasóirí céaduaire a rugadh thar lear
Seiceáil na doiciméid is gá duit a chur isteach más iarratasóir fásta céaduaire tú a rugadh thar lear.
An costas atá air
Braitheann costas do phas ar an mbealach a ndéanann tú iarratas air agus ar an gcineál pas a roghnaíonn tú, mar shampla caighdeánach nó beart.
Nuair a dhéanann tú iarratas ag baint úsáid as Pas Ar Líne:
- pas caighdeánach 10 mbliana do dhuine fásta: €75
Nuair a dhéanann tú iarratas ar líne, tá táille bhreise poist €15 ann má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn.
An méid ama a thógann sé
Na hamanna eisiúna
Seiceáil na hamanna eisiúna reathachun an fhaisnéis is déanaí a fháil.
An tseirbhís rianaigh do phas
Is féidir leat stádas d'iarratais ar líne a sheiceáil tríd an tseirbhís rianaigh do phas.
Bealaí eile le hiarratas a dhéanamh
Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun do phas a fháil.
Má tá tú ag maireachtáil in Éirinn nó i dTuaisceart na hÉireann, agus muna mian leat iarratas ar líne a dhéanamh, is féidir iarratas a dhéanamh ag baint úsáide as an tSeirbhís Cúnaimh Pas.
In Éirinn agus Tuaisceart na hÉireann, caithfear iarratais páipéir a dhéanamh tríd an Seirbhís Pas Poist.
Déan iarratas ar líne anois
Téigh i dteagmháil linn
Léigh tuilleadh faoi conas teagmháil a dhéanamh le Seirbhís na bPasanna nó féach tuilleadh treorach maidir le d'iarratas a dhéanamh ar ár mol faisnéise.