An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Athnuachan nó athsholáthar a dhéanamh ar phas do dhuine fásta

Forléargas

Is féidir athnuachan a dhéanamh ar phasanna Éireannacha ó áit ar bith ar domhan le Pas Ar Líne. Tá pasanna Éireannacha do dhaoine fásta agus do shaoránaigh 18 mbliana d’aois nó os a chionn bailí ar feadh 10 mbliana.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas nua do do leanbh má théann a bpas in éag sa chéad 12 mhí eile .

Mura raibh pas agat riamh roimhe seo, nó má eisíodh do phas deireanach níos mó ná 15 bliana ó shin, ní mór duit iarratas céaduaire a dhéanamh ar phas do dhuine fásta.

Ar Ais go Barr

Conas iarratas a dhéanamh ar líne

Chun iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as Pas Ar Líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

Má tá dáta éaga do phas níos mó ná 12 mhí amach anseo, ní mór duit do phas reatha a chur chuig Seirbhís na bPasanna, ach amháin má cailleadh é nó má goideadh é.

Níl gá le doiciméid tacaíochta bhreise de ghnáth chun athnuachan do dhuine fásta a dhéanamh.

Conas treoirlínte grianghraf a chomhlíonadh

Ar Ais go Barr

An méid ama a thógann sé

Na hamanna eisiúna

Seiceáil na hamanna eisiúna reatha chun an t-eolas is déanaí a fháil.

An tseirbhís rianaigh do Phas

Is féidir leat stádas d'iarratais ar líne a sheiceáil leis an tseirbhís rianaigh do phas.

Athnuachaintí práinneacha

Má theastaíonn uait go ndéanfar athnuachan ar do phas go práinneach, tá seirbhís i láthair go pearsanta do Choinne Pas Phráinneach chun pas a athnuachan. Tá sé seo ar fáil ag ár n-oifig ar Shráid an Mhóta i mBaile Átha Cliath, ár n-oifig i gCorcaigh agus ár n-oifig i Londain.

Léigh tuilleadh faoin gCoinne Pas Phráinneach chun pas a athnuachan.

Ar Ais go Barr

An costas atá air

Braitheann costas do phas ar an mbealach a ndéanann tú iarratas air agus ar an gcineál pas a roghnaíonn tú, mar shampla caighdeánach nó beart.

Nuair a dhéanann tú iarratas ag baint leas as Pas Ar Líne:

  • pas caighdeánach 10 mbliana: €75

Tá táille bhreise €15 ar phost ann má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn.

Léigh liosta iomlán na dtáillí pas.

Ar Ais go Barr

Pasanna a cailleadh, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, déan iarratas ar cheann nua láithreach ag baint leas as Pas ar Líne. Seo é an bealach is tapúla chun do phas a thuairisciú gur goideadh nó cailleadh é agus áiríonn sé nach féidir le haon duine leas a bhaint as le dul ag taisteal.

Teastóidh na rudaí seo a leanas uait:

Inseoidh an t-iarratas ar líne faoi aon doiciméad eile a bhféadfadh gá a bheith leo chun iad a chur isteach.

Má chailltear do phas, má ghoidtear é, nó má dhéantar damáiste dó nuair atá tú thar lear, tá seans ann go mbeidh doiciméad taistil éigeandála de dhíth ort filleadh abhaile. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit chun tuilleadh sonraí a fháil.

An pas a ndearnadh damáiste dó

Más rud é go ndearnadh damáiste do do phas, beidh ort an pas a ndearnadh damáiste dó a sheoladh ar ais nuair a dhéanann tú iarratas ar cheann nua. Ná taistil le pas a ndearnadh damáiste dó.

Léigh tuilleadh faoi leabhair agus cártaí pas a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

Ar Ais go Barr

Bealaí eile le hiarratas a dhéanamh

Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun do phas a fháil.

Má tá tú ag maireachtáil in Éirinn nó i dTuaisceart na hÉireann nó sa Bhreatain Mhór agus muna mian leat iarratas ar líne a dhéanamh, is féidir iarratas a dhéanamh ag baint úsáide as an tSeirbhís Cúnaimh Pas.

In Éirinn, Tuaisceart na hÉireann agus sa Bhreatain Mhór, caithfear iarratais páipéir a dhéanamh tríd an tSeirbhís Pas Poist.

Ar Ais go Barr

Déan iarratas ar líne anois

Ar Ais go Barr

Téigh i dteagmháil linn

Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís na bPasanna nó féach tuilleadh treoracha maidir le hiarratas a dhéanamh ar ár mol eolais.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.