An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Bratacha an AE i mbloc oifigí nua-aimseartha le daoine ag siúl ag an obair.

Tréimhsí oiliúna agus conarthaí AE

Tréimhsí oiliúna sna hinstitiúidí AE

Is modh iontach é tréimhse oiliúna (ar a dtugtar ‘céim’ go minic) le ceann d’Institiúidí an AE a ghlacadh chun taithí a fháil ar an saol oibre san AE agus, do go leor daoine, is féidir leis feidhmiú mar thús ar ghairm san AE.

Cuireann na hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí AE ar fad céimeanna ar fáil do chéimithe ollscoile. Don chuid is mó, maireann siad ar feadh tréimhsí cúig nó sé mhí agus, i bhformhór na cásanna, íocann siad. Braitheann íocaíocht ar an gCéim.

Tá obair an oiliúnaí (ar a dtugtar ‘stagiaire’) ilchineálach agus tairbheach cibé má go bhfuil siad sa Choimisiún Eorpach, sa Pharlaimint, nó i gceann de na hinstitiúidí nó gníomhaireachtaí níos lú, le gach rud ó pholasaithe agus páipéir seasaimh a ullmhú go chuairteanna a chomhordú i gceist.

Ar Ais go Barr

Próiseas iarratais do thréimhsí oiliúna an AE

Murab ionann an phróiseas do phoist bhuain, níl aon bhaint ag EPSO sa clár céime. Ina ionad sin, tá a bpróiseas iarratais féin ag gach institiúid.

Tarlaíonn ceann de na tréimshí oiliúna a bhfuil an-tóir orthu, an Thréimhse Oiliúna Bluebook an Choimisiúin Eorpaigh a tharlaíonn dhá uair in aghaidh na bliana ó thús mí Márta go deireadh mí Mheitheamh agus tús Deireadh Fómhar go deireadh mhí Feabhra an bhliain dár gcionn.

Tá an liúntas maireachtála do sheisiúin oiliúna Bluebook thart ar €1,376.89 in aghaidh na míosa.

Earcaíonn institiúidí eile do thréimshí oiliúna go minic, mar an Banc Ceannais Eorpach. Má tá céim bhaitsiléara ar a laghad agat agus má fhreastalaíonn tú ar na bunriachtanais cáilitheachta, is féidir le tréimhse oiliúna ag an mBanc Ceannais Eorpach feidhmiú mar shlí iontach chun tús a chur le do ghairm. Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach folúntais ar a shuíomh ghréasáin na ngairmeacha.

Aimsigh sonraí faoi conas a bhainistíonn cuid de na hinstitiúidí is mó na hiarratais anseo:

Is féidir leat deiseanna oiliúna in an chuid gníomhaireachtaí AE éagsúla a aimsiú anseo: Tréimhsí Oiliúna / Cláir gairmí óga – Aontas Eorpach (europa.eu) Foilsíonn Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn treoir bhliantúil don chéim AE, an Leabhar Glas, a bhfuil ullmhaithe díreach d’iarrthóirí Éireannacha. Fógraíonn siad na deiseanna poist agus intéirneachta is déanaí san Eorap freisin. Tá an eagraíocht ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoin gcéim agus tú a treorú tríd an bpróiseas iarratais. Is féidir leat dul i dteagmháil leo ar +353 (0) 1 622 5815 nó trí ríomhphost a chuir chuig info@europeanmovement.ie

Ar Ais go Barr

Poist conarthaí agus sealadacha

Is é an Concours (‘Comórtas’) an t-aon próiséis ina n-earcaíonn insitiúidí an AE foirne ar bhonn buan. Ach, is minic a earcaíonn na hinstitiúidí foirne neamh-bhuan trí ghníomhairí chonartha agus gníomhairí sealadacha.

Earcaítear Gníomhairí Conartha le haghaidh conarthaí ar théarma seasta (uasmhéid 6 bliana in aon institiúid AE amháin), ach i roinnt cásanna is féidir conarthaí a chuir ar fáil a bhfuil ar feadh tréimhse éiginnte (in oifigí, gníomhaireachtaí, toscaireachtaí nó uiríll).

Earcaítear iad trí dhá bhealach éagsúl: tríd an nós imeachta Seasta CAST nó trí phróiséis roghnúcháin ar an toirt.

San chéad roghnúchán seo, seasann an fhocal CAST d’Uirlis Roghnúcháin Gníomhairí Chonartha agus ciallaíonn Seasta go bhfuil sé neamhiata, gan spriocdháta iarratais.

Tá poist CAST Seasta ar fáil do réimse leathan próifílí phoist. Níl aon data deiridh i gceist le hiarratas a dhéanamh. Sa roghnúcháin seo, cuireann iarrthóirí isteach ar phróifíl in ionad post áirithe.

Is féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí an AE foireann chonartha a earcú chun poist áirithe a líonadh trí fholúntais foirne ar chonradh ar an toirt. Sa cháis seo, cuirtear spriocdháta iarratais i bhfeidhm do ghach folúntas.

De réir mar a tharlaíonn riachtanais foirne, féadfar folúntais ar an toirt do réimse leathan próifílí a fhoilsiú mar stiúrthóirí gréasáin, oifigigh polasaí, teangeolaithe, comhordaitheoirí tionscadail, oifigigh slándála, bainisteoirí innealtóireachta eolaíche, tiománaithe, speisialtóirí cumarsáide, taighdeoirí, gan ach beagán a lua.

Bíonn na comórtais roghnaithe don dhá phost neamhbhuan i bhfad níos giorra agus ní bhíonn siad chomh chasta leis na poist buana, agus bíonn na riachtanais – go háirithe i dtéarmaí teangacha – níos teoranta. Cé go bhfuil conarthaí neamhbhuana, ar ndóigh, ar fhad teoranta, ceaptar gur bhealach iontach atá iontu tús a fháil sna hinstitiúidí. Bíonn na tuarastail iomaíoch agus tá an obair ilchineálach agus suimiúil.

D’fhreastail an-chuid dóibh siúd ar éirigh leo sna Concours AE gach bliain ar phoist neamhbhuana, ag glacadh leis an deis chun a gcuid scileanna teanga, eolas faoin AE agus inniúlachtaí ghinearálta a fhorbairt agus iad ansin, ag cuir go mór lena dóchúlacht sna Concours AE.

D’fheasacháin rialta ar dheiseanna chonarthaí neamhbhuana, cláraigh leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus an liosta seoltaí Poist AE trí ríomhphost a seoladh tríd an bhfoirm teagmhála Poist AE.

Ar Ais go Barr

Iasachtaí an earnáil phoiblí / Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht (SNIanna)

Is státseirbhísigh nó buan-seirbhísigh iad Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht (SNIanna) atá ar iasacht ag na hinstitiúidí Eorpacha nó gníomhaireachtaí an AE óna rialtais fhostóra. Tá sé mar fheidhm ag SNIanna saineolas gairmiúil ar ardleibhéil a chuir ar fáil do na hinstitiúidí Eorpacha chun chomhthuiscint idir rialtais náisiúnta agus na hinstitiúidí Eorpacha a chuir chun cinn. Leanann an eagraíocht iasachta na SNIanna a íoc agus coimeádann na SNIanna a bpoist agus a gcearta pinsin sa seirbhís phoiblí Éireannach ar feadh a gcuid iasachta.

Aimsigh eolais sonraithe faoi bheith i do SNI, agus liosta na folúntais reatha.

Ar Ais go Barr