Gairmeacha AE le Gaeilge
Glac an chéad chéim eile chun tabhairt faoi ghairm uathúil san Aontas Eorpach.
Le tuarastail iomaíocha, deiseanna iontacha, agus deiseanna i mbreis is 50 réimse saineolais, tá an Eoraip lán le féidearthachtaí d’iarrthóirí Éireannacha.
Glac an chéad chéim eile chun gairm ar leith a leanúint ina bhfuil tú in ann difríocht fhiúntach do 450 milliún saoránach ar fud an Aontais Eorpaigh a dhéanamh.
Deiseanna phoist do shaineolaithe Gaeilge
Ar an 1ú lá Eanáir 2022, bhain an Ghaeilge lánstádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Is ionann sin go bhfuil an Ghaeilge ar chomhstádas leis na 23 teanga oifigiúla eile an AE. Ó shin, mhéadaigh na deiseanna do shaineolaithe Gaeilge chun oibriú d’institiúidí an AE agus tá an-éileamh orthu.
Tá an-lorg ar dhlítheangeolaithe a bhfuil Gaeilge acu agus bíonn comórtais earcaíochta do na poist seo go minic anois.
Breathnaigh ar an bhfís seo thíos faoi ghnáthlá sa saol d’ateangaire a oibríonn sna hinstitiúidí AE:
MA/PDip in Ateangaireacht Chomhdhála
Do dhaoine a bhfuil suim acu tabhairt faoi ghairm ateangaireachta, cuireann Ollscoil na Gaillimhe MA/PDip in Ateangaireacht Chomhdhála ar fáil.
Oileann an clár seo scileanna gairmiúla d’ateangaireacht chomhdhála do mhic léinn, ag ligean dóibh leas a bhaint as na deiseanna fhostaíochta do ghairmithe ateangaireachta. Tá sé an t-aon chúrsa amháin ar a leithead in Éirinn – clár forbartha i bpáirt le hinstitiúidí an AE.
Déanfaidh na mic léinn staidéir ar institiúidí an AE, agus eagraíonn an ollscoil cuairt ar an bParlaimint agus an Coimisiún Eorpach. Tá Gaeilge, Béarla, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus Gearmáinis ar fáil ar an gclár go dtí seo.
Aimsigh tuilleadh eolais ar universityofgalway.ie