Comhaltachta agus scoláireachtaí AE do scoláirí
Ambasadóirí Gairmeacha AE
Is scoláirí iad na hambasadóirí gairmeacha AE atá molta ag a nOllscoil / Institiúid Thríú Leibhéal chun eolas a chuir ar fáil dá gcomhscoláirí agus iarchéimithe faoi dheiseanna Phoist agus Oiliúna san AE. Reáchtálann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) an clár seo ar fud na hEorpa, toisc go bhfuil siad an tseirbhís earcaíochta don AE. In Éirinn, bainistíodh i gcomhoibriú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le cabhair na Seirbhísí Gairme na hOllscoile / Institiúid Thríú Leibhéal.
Tá seoladh ríomhphost tiomnaithe ag gach Ambasadóir Gairme don AE agus tá leathanaigh Facebook ag cuid mhór dóibh, atá nasctha thíos, le tuilleadh eolais faoina n-obair le fáil.
Téigh i dteagmháil le d’Ambasadóir Gairme:
Clár Comhaltachta Iveagh
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, i gcomhpháirtíocht le Saothar, ag reáchtáil an Clár Comhaltachta Iveagh don séú bhliain chun tacú le scoláirí intéirneachtaí ar ardchaighdeán in eagraíochtaí pholasaithe idirnáisiúnta a aimsiú agus páirt a glacadh iontu.
Bronntar €6,000 agus tacaíocht meantóireachta do chúigear Comhalta Iveagh chun cabhrú le hintéirneachtaí maidir le polasaí idirnáisiúnta, le forbairt idirnáisiúnta, cearta daonna, agus obair dhaonnúil a fháil. Dírítear an Chomhaltacht ar scoláirí sna healaíona, na daonnachtaí, agus na heolaíochtaí sóisialta go príomha, ach tá fáilte roimh scoláirí ó gach disciplín cuir isteach uirthi.
Faighteoirí Cláir Comhaltachta Iveagh 2024
Buntáistí agus freagrachtaí na Comhaltachta
Próiseas an iarratais
Eagraíochtaí intéirneachtaí incháilithe
Critéir cháilitheachta
Critéir mheasúnachta d’iarrthóirí
Scoláireachtaí don staidéar ag Coláiste na hEorpa
Glacann Coláiste na hEorpa le mic léinn a bhfuil ag iarraidh staidéir a dhéanamh ar leibhéal iarchéime ag a gcampais Bruges (an Bheilg), Natolin (Vársá, an Pholainn) nó Tirana (an Albáin). Tá áiteanna ar fáil do scoláirí Éireannacha atá ag staidéar polaitíocht, dlí, eacnamaíocht, léann Eorpach agus disciplíní eile, agus cuireann siad deis iontach ar fáil do chéimithe chun a n-eolas agus scileanna a fhorbairt i dtimpeallacht fíor-idirnáisiúnta.
Ó mhí Mheán Fómhair 2021, chuir an Roinn Bhreisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta sé scoláireacht iomlána, nó codanna dóibh, ar fáil gach bliain do scoláirí Éireannacha a bhfuil ag iarraidh staidéar ag an gcoláiste.
Beidh gach duine ó Éirinn a dhéanann iarratais measta do na scoláireachtaí Rialtais na hÉireann seo agus níl gá iarratas éagsúil a dhéanamh do mhaoiniú scoláireachta.
Tá na hiarratais don Choláiste, atá do scoláireacht nó nach bhfuil do scoláireacht, measta ag Coiste Roghnóireachta Náisiúnta neamhspleách, le hagallaimh a tharlaíonn san Earrach gach bliain.
Reáchtálann Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn an próiseas iarratais ar son na Roinne Bhreisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar: europeanmovement.ie
MA/PDip in Ateangaireacht Comhdhála, Ollscoil na Gaillimhe
Do chéimithe a bhfuil suim acu tabhairt faoi ghairm in ateangaireacht, cuireann Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhar leis na hInstitiúidí AE, MA/PDip in Ateangaireacht Comhdhála ar fáil. Oileann an clár seo na scoláirí sna scileanna gairmiúla in ateangaireacht comhdhála, ag ligean dóibh leas a bhaint as deiseanna fostaíochta do ghairmithe ateangaireachta cáilithe. Is é an t-aon chúrsa amháin dá leithéid in Éirinn – clár atá forbartha i gcomhar le hinstitiúidí an AE. Déanfaidh na scoláirí staidéar ar institiúidí an AE, agus eagraíonn an ollscoil cuairt staidéir ar Pharlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.
Tá Gaeilge, Béarla, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, agus Gearmáinis ar fáil ar an gclár go dtí seo.
Aimsigh breis eolais ar universityofgalway.ie