An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Déan difríocht le gairm san AE

Is féidir le hobair d’institiúid nó gníomhaireacht AE deiseanna a thabhairt duit chun difríocht cheart agus buan a dhéanamh i saolta dhaoine ar fud an Aontais Eorpaigh. Aimsíonn an-chuid daoine poist sa Choimisiún Eorpach, i gComhairle an AE agus i bParlaimint na hEorpa, chomh maith le go leor gníomhaireachtaí AE ag oibriú i réimsí thaighde, polasaí, gnóthaí poiblí, maoiniú, cistiú, dlí, IT, aistriúcháin, oiliúint agus riarachán.

Tá an deis ann taithí a fháil trí thréimhsí oiliúna nó compántas freisin, atá dírithe ar chéimithe agus scoláirí atá ag iarraidh a ngairm san Eoraip a thosú.

Tacaíochtaí atá ar fáil d’iarratais phoist AE

Tá Rialtas na hÉireann anseo chun iarrthóirí atá ag iarraidh tabhairt faoi ghairmeacha AE a thacú, agus soláthraíonn sé cúnamh díreach do chomórtais áirithe. Tá ábhair cleachtadh, ullmhúchán agallaimh, agus pacáistí oiliúna do na Concours AE mar chuid de.

Conas mar atá sé bheith ag obair san AE?

Aimsigh breis eolais faoi institiúidí agus gníomhaireachtaí, na tréimshí oiliúna agus comhaltachta a bhfuil ar fáil san AE, agus conas mar atá an tsaoil do ghairmithe AE sna príomhchathracha Eorpacha ina dtarlaíonn folúntais phoist.

Gairm d'AE

Leagann straitéis Éireann ‘Gairm d’AE’ sraith beart a dhíríonn ar líon na n-oifigeach Éireannacha i bpoist sheasta agus sealadacha a mhéadú.

>> Léigh straitéis i mBéarla agus as Gaeilge