Deiseanna phoist AE reatha agus atá le teacht
Deiseanna phoist AE reatha
Breathnaigh ar shuíomh gréasáin na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) chun liosta folúntais poist reatha a aimsiú.
Deiseanna phoist AE atá le teacht
Tá a bpleanáil táscach do 2025 fógartha ag EPSO. Féadfar athruithe beaga a thabhairt isteach fós, le comórtais sa bhreis san áireamh, i gcomhréir le riachtanais na hinstitiúidí agus comhlachtaí an AE a bhfreastalaíonn EPSO orthu.
Bealtaine 2025
Foilsiú comórtais do dhlítheangeolaithe (grád AD7) (Cúirt Bhreithiúnais an AE) a chlúdaíonn 8 dteanga: Seicis (CS), Danmhairgis (DA), Eastóinis (ET), Fionlainnis (FI), Fraincis (FR), Iodáilis (IT), Laitvis (LV) agus Sualainnis (SV)
Ní bheidh iarrthóirí atá suim acu ábalta iarratas a dhéanamh ach ar theanga amháin dóibh.
Meitheamh 2025
Foilsiú do chomórtas do speisialtóirí fhoirgníochta (grád AD7). Clúdóidh an comórtas trí réimse:
- Bainistíocht tionscadail sa roinn tógála
- Ailtireacht
- Innealtóireacht Sheirbhísí Foirgníochta
Ní bheidh iarrthóirí a bhfuil suim acu ábalta iarratas a dhéanamh ach ar réimse amháin dóibh.
Foilsiú comórtais do chúntóirí sa réimse cumarsáide (grád AST3)
Iúil 2025
Foilseachán chomórtais do riarthóirí ginearálaithe (grád AD5)
Deireadh Fómhair 2025
Foilseachán comórtais do rúnaithe (grád AST/SC1)
Tacaíochtaí a chuirimid ar fáil don phróiseas earcaíochta an AE
Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tacaíocht ar fáil d’iarrthóirí Éireannacha ag gach céim den phróiseas earcaíochta AE. Cuirimid pacáiste traenála ar fáil i gcomhpháirt le Traenáil AE chun tacú le hullmhúcháin na n-iarrthóirí do na réamhscrúdaithe.
Ullmhaíonn an Roinn eolas agus traenáil saor in aisce chomh maith chun cabhrú le hiarrthóirí a bhfuil ag ullmhú do na comórtais AE. Tá na seisiúin seo ar fáil do gach saoránach Éireannach a bhfuil cláraithe, nó a bhfuil rún acu clárú.
Aimsigh tuilleadh eolais ar ár leathanach tacaíochtaí ar fáil.
Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil linn.