Institiúidí agus Gníomhaireachtaí an AE
Eochair-institiúidí a chuireann deiseanna phoist ar fáil
Cuireann an tAontas Eorpach réimse oibre ollmhór le heochair-institiúidí agus gníomhaireachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh ar fáil. Is iad roinnt de na príomhinstitiúidí AE ná:
An Coimisiún Eorpach
Is é an Coimisiún Eorpach an comhlacht feidhmiúcháin an tAontas Eorpaigh. Is iad na príomhróil atá aige ná:
- dlíthe agus polasaithe nua a mholadh
- súil a choinneáil ar a bhfeidhmiú
- buiséad an AE a bhainistiú
Deimhníonn an Coimisiún go bhfuil dlíthe agus polasaithe curtha ar siúl ar fud na Ballstáit, déanann sé idirbheartaíocht ar chomhaontaithe idirnáisiúnta ar son an AE, agus dáileann siad maoiniú. Chomh maith leis sin, déanann sé ionadaíocht ar leas an AE i lár an aonaigh dhomhanda, ag cinntiú go bhfuil iompar comhordaithe le linn tíortha an AE. Cabhraíonn na daoine a oibríonn sa Choimisiún Eorpach chun tionchar a dhéanamh ar thodhchaí na hEorpa agus tá orthu obair ar an gcaighdeán is airde a dhéanamh ar son gach Eorpach.
Oibríonn thart ar 32,000 oibrí reatha agus sealadacha sa Choimisiún. Le hoifigigh pholasaí, taighdeoirí, dlíodóirí agus aistritheoirí ina measc.
Parlaimint na hEorpa
Is fóram tábhachtach í Parlaimint na hEorpa do dhíospóireacht agus cinnteoireacht pholaitiúil ar leibhéal an AE.
Tá Baill den Pharlaimint na hEorpa tofa go díreach ag vótálaithe i ngach Ballstát chun leasa na ndaoine a ionadú maidir le reachtóireacht an AE agus chun cinntiú go bhfuil institiúidí AE ag feidhmiú go daonlathach.
Fostaíonn Parlaimint na hEorpa thar ar 8,000 oifigeach agus ball foirne ar fud na hEorpa. Oibríonn an chuid is mó d’fhosaithe na Parlaiminte i gceann de na trí áit oibre an Pharlaimint, an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg. Tá níos lú fostaithe ag oibriú i gceann de na hoifigí idirchaidrimh na Parlaiminte, lonnaithe i ngach Ballstát AE.
Tá fostaithe na Parlaiminte Eorpaí ag iarraidh an tacaíocht agus na seirbhísí is fearr is gur féidir a chuir ar fáil d’Fheisirí tofa de Pharlaimint na hEorpa.
An Chomhairle Eorpach/Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is í brí le hoibriú don Chomhairle ná oibriú don Ardrúnaíocht na Comhairle.
Is slua foirne í Ardrúnaíocht na Comhairle a bhfuil freagrach as tacú le dhá institiúid AE:
- An Chomhairle Eorpach
- Comhairle an tAontas Eorpaigh, lena huachtaránachtaí, an Choiste na mBuanionadaithe (Coreper) agus na coistí agus meithleacha oibre eile an Chomhairle
Is foireann bhreis is 3,000 duine tiomnaithe í Ardrúnaíocht na Comhairle atá ag obair chun tionchar a dhéanamh ar thodhchaí an AE. Cabhraíonn Ardrúnaíocht na Comhairle le comhleanúnachas oibre na Comhairle a eagrú agus a clár 18-mhí a chur i bhfeidhm.
Tacaíonn sí leis an gComhairle Eorpach agus a hUachtarán. Tacaíonn sí le huachtaránacht an Choimisiúin le hidirbheartaíocht na gCoimisiún agus le hinstitiúidí eile an AE.
An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
Léirmhíníonn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach, atá lonnaithe i Lucsamburg, dlíthe an AE le cinntiú go bhfuil sé curtha i bhfeidhm sa bhealach chéanna i ngach tír san AE, réitíonn siad easaontuithe idir rialtais náisiúnta agus institiúidí an AE.
Eascraíonn an-chuid rialacha an dlí náisiúnta as dlí AE agus tá tionchar aici ar ghnáthshaol saoránaigh: fostaíocht, timpeallacht, cosaint tomhaltóirí, saorghluaiseacht earraí, saoirse sholáthair seirbhísí, srl.
Cinntíonn an Chúirt Bhreithiúnais, in éineacht leis na cúirteanna náisiúnta a threoraíonn ceisteanna chun na Cúirte, go bhfuil léirmhíniú comhionann agus meas do dhlí an tAontas Eorpaigh. Earcaíonn an Chúirt foireann do na gairmeacha seo a leanas is minice:
D’fheidhmghrúpa AD:
- riarthóir dlí i gclárlann nó sna réimsí seirbhísí leabharlainne, taighde agus taifeadadh
- ateangairí
- dlítheangeolaithe chun doiciméid dlí a aistriú ó dhá theanga oifigiúla an tAontas Eorpaigh
- speisialtóirí ríomhairí
D’fheidhmghrúpa AST:
- cúntóirí rúnaíochta
- léitheoirí profaí/eagarthóirí theanga
- speisialtóirí ríomhairí
D’fheidhmghrúpa AST/SC:
- rúnaithe
An Bhainc Ceannais Eorpach
Is é an Banc Ceannais Eorpach, a bhfuil lonnaithe i bhFrankfurt, an banc ceannais do na tíortha san Aontas Eorpach a úsáideann siad an euro. Is é an phríomhchúram atá acu ná cobhsaíocht praghsanna a chaomhnú. Déanann an bhainc é seo trí chinntiú go bhfanann boilsciú íseal, cobhsaí agus intuartha.
Fógraíonn an Bhainc Ceannais Eorpach deiseanna poist do réimse leathan róil tacaíochta, gairmiúla agus ceannasaíochta go minic. Áiríonn tréimhsí oiliúna agus an Clár Chéimí.
Fostaíonn an Bhainc Ceannais Eorpach gairmithe idir óg agus aosta, ó chúlraí agus réimsí staidéir éagsúla, ní hamháin le saineolaíocht san eacnamaíocht agus staitisticí, ach saineolaithe na n-acmhainní daonna, saineolaithe airgeadais, abhcóidí dlí, teangeolaithe, gairmithe IT, foireann tacaíochta agus daoine eile.
An Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Iniúchann an Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, a bhfuil lonnaithe i Lucsamburg, maoiniúcháin an AE. Déanann sé imscrúdú ar ioncam agus caiteachas i ngach réimse oibre an AE, ó fhás agus poist go polasaí timpeallachta agus gníomhú ar son na haeráide. Tá meascán gairmeacha i measc foirne na Cúirte Iniúchóirí na hEorpa: iniúchóirí, aistritheoirí, dlíodóirí, speisialtóirí sna hacmhainní daonna, cartlannaithe agus leabharlannaithe, dochtúirí, saineolaithe cumarsáide, speisialtóirí lóistíochta agus slándála, agus cúntóirí riaracháin.
Earcaíonn an Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gairmithe (socraithe go deo) trí chomórtais a bhfuil eagraithe ag EPSO don chuid is mó.
Uaireanta, earcaíonn siad foirne go díreach ar chonarthaí ar théarmaí seasta, sealadacha nó gníomhairí a bhfuil conradh acu. Sna cásanna seo, foilsíonn siad an t-éileamh do léiriú spéise ar a leathanach deiseanna phoist.
Trí huaire in aghaidh na bliana, glacann an Chúirt Iniúchóirí na hEorpa le daoine faoi oiliúint, i ngach réimse oibre; chun tuilleadh eolais a aimsiú, breathnaigh ar an leathanach thréimhsí oiliúna.
Tá clár malairte ag an gCúirt Iniúchóirí na hEorpa freisin le comhlachtaí iniúchóirí náisiúnta, ag tabhairt seans dóibh saineolaithe náisiúnta ar iasacht a óstáil gach bliain.