Conas iarratas a dhéanamh ar dheiseanna phoist AE
Do chéad chéim: An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
Ní earcaíonn institiúidí AE chun poist áirithe a líonadh de ghnáth. Ina ionad sin, bíonn comórtais bhliantúla ar siúl acu (tugtar ‘concours’ orthu) chun painéil d’iarrthóirí cáilithe a aithint. Is féidir leis na hinstitiúidí an painéil seo a úsáid chun daoine a earcú nuair atá siad de dhíth.
Bainistíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO), an tseirbhís earcaíochta d’fhorais agus gníomhaireachtaí an AE, an próiseas seo agus sin an áit chun do chuardach do phost AE a thosú.
Tá eolas faoi gach gné de ghairmeacha AE ar shuíomh gréasáin EPSO, le gearrchuntais mhionsonraithe ar dheiseanna post agus comórtais atá le teacht san áireamh.
Seo an áit ina bhfaigheann tú an chéad chéim chun iarratas ar post áirithe a dhéanamh nó do chuntas EPSO a chruthú agus logáil isteach ann.
Cé go mbíonn an-chuid comórtais éasgsúla ar siúl ag EPSO, tá na poist roinnte ina thrí chineál de ghnáth:
AD Concours do Riarthóirí Ginearálta
Is comórtas earcaíochta ginearálta iontrála do chéimithe é seo. Ag am an iarratais, tá ar iarrthóirí céim onóracha a bhaint amach – nó a bheith ag súil le ceann a fháil go luath – ó institiúid tríú leibhéal. Ba chóir go mbeadh dhá theanga AE ar a dtoil ag iarrthóirí ar a laghad, a bhfuil ceann amháin dóibh ar an teanga a sonraíodh don chomórtas sin. Is teanga oifigiúil AE í an Ghaeilge. Déan cuardach ar ár leathanach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar dheiseanna ar phoist AE’ do bhreis eolais ar an bpróiseas iarratais.
AD Concours d’Aistritheoirí, Ateangairí, Teangeolaithe, Dlítheangeolaithe
Tá an próiseas earcaíochta do na hateangairí, aistritheoirí, teangeolaithe agus dlítheangeolaithe an-chosúil le riarthóirí ginearálta ach amháin go bhfuil ar iarrthóirí triail teanga sa bhreis a dhéanamh ag an ionad measúnaithe chun inniúlacht in ar a laghad trí theanga AE oifigiúla a léiriú.
AST Concours do Chúntóirí Ginearálta
Tá sé mar aidhm ag an AST Concours do chúntóirí ginearálta agus rúnaithe a earcú le bheith i bpríomhróil tacaíochta sna hinstitiúidí. Tá próifíl neamh-chéimí ag na poist seo, leis na príomhriachtanais cháilíochta oideachas meánscoile agus ar a laghad trí bliana taithí oibre, le hinniúlacht in dhá theanga AE ar a laghad.
Déan cuairt ar ár leathanach ‘deiseanna poist AE reatha agus atá le teacht’ chun comórtais EPSO a fheiceáil.
Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tacaíocht d’iarrthóirí Éireannacha ar fáil. Déan cuairt ar ár leathanach ‘tacaíochtaí ar fáil d’iarratais ar phoist AE’ do bhreis eolais, le do thoil.
Roimh iarratas a dhéanamh
Sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon phost sna hinstitiúidí Eorpacha, ba chóir duit cuntas EPSO a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin EPSO. Cuimhnigh, nach féidir ach cuntas EPSO amháin a bheith agat. Go hiondúil, iarrfar ort ceistneoir agus roinnt trialacha samplacha a dhéanamh sula dtosaíonn tú próiseas an iarratais.
Is sás féinmheastóireachta é seo a úsáideann EPSO chun gur féidir le hiarrthóirí ionchasacha beart a dhéanamh ar oiriúnacht ghairm in Institiúidí an AE a dhéanamh. Ní dhéanann EPSO taifid ar, nó ní choinníonn siad torthaí na trialacha seo. Do shainghnásanna roghnúcháin áirithe, beidh ort roinnt ceisteanna sonraithe sa bhreis a fhreagairt maidir le do cháilíochtaí agus taithí mar chuid den fhoirm iarratais.
Príomhchéimeanna an chomórtais
Féadfaidh céimeanna an chomórtais athrú ag brath ar an gcineál comórtais ach d’fhéadfadh go mbeadh na rudaí thíos i gceist:
- Foilsiú an Fhógra Chomórtais
- Féinmheasúnú ar cháilitheacht trí shuirbhé áirithe, le hiarratas ina dhiaidh
- Scrúdaithe réasúnaíochta ar bhonn pas/teip
- Scrúdú scileanna digiteacha (nuair atá sé bainteach)
- Scrúdú eolais AE (do chomórtais ‘ghinearálaí’) nó Cheistneoir Ilroghnaí sa réimse (do chomórtais ‘speisialtóra’). Beidh na freagraí rangaithe
- Triail scríofa (m.sh. cás-staidéar don chuid is mó de chomórtais, le díriú ar scileanna dréachtaithe) atá ceartaithe dóibh siúd a bhfuil na torthaí is fearr acu sa cheistneoir ilroghnach amháin
- Seiceálacha cháilitheachta ag an gcéim oiriúnach (deimhniú deireanach roimh chur ar an Liosta Cúltaca; ag déanamh seiceála ar an dara theanga, más gá)
- Liosta Cúltaca: an bunachar sonraí d’iarrthóirí rathúla
Leideanna ginearálta d’iarratais
- Seiceáil do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad le linn an ghnáis roghnúcháin.
- Beidh breis eolais faoin ngnás roghnúcháin agus eolas faoi na hamanna do na céimeanna éagsúla ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO a dhéantar uasdátú air go minic.
- Má tá aon cheisteanna agat déan teagmháil linn i rannóg Phoist AE sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, le do thoil.