An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Bratacha AE le Parlaimint sa Bhruiséil sa chúlra

Tacaíochtaí ar fáil d’iarratais phoist AE

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil tacaíocht ar fáil d’iarrthóirí Éireannacha do gach céim den bpróiseas earcaíochta an AE. Chun cabhrú le hiarrthóirí lena n-ullmhúcháin do na réamhthrialacha, cuirimid pacáistí oiliúna ar fáil i gcomhpháirtíocht le hOiliúint AE – féach ar bhreis eolais faoi seo thíos le do thoil.

Eagraíonn an Roinn seisiúin eolais agus oiliúna saor in aisce chun cabhrú le hiarrthóirí Éireannacha roimh na Concours AE atá le teacht chomh maith. Tá na seisiúin seo oscailte do gach saoránach Éireannach a bhfuil cláraithe do chomórtas ar leith, nó dóibh a bhfuil rún acu é a dhéanamh.

Is féidir dul i bpáirt lenár liosta seoltaí le bheith ar an eolas faoi aon sheimineár gréasáin atá romhainn. Tar i dteagmháil linn le bheith curhta ar an liosta seoltaí.

Cé go bhfuil gach iarracht déanta chun an caighdeán agus cruinneas don ábhar tagartha ar fad, ba chóir go mbeidh iarrthóirí ar an eolas nach féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála aon fhreagracht a ghlacadh don eolas a bhfuil curtha ar fáil ag aon fhoinse eachtraigh, leis na cinn liostaithe thíos san áireamh. Ní chóir go mbeadh an lua d’aon théacs nó gnólacht measta mar aontú ach oiread.

Ullmhúcháin do na trialacha réasúnaíochta EPSO

Cuireann an Roinn pacáistí tacaíochta ar fáil do na Trialacha Réasúnaíochta Chomórtais EPSO i gcomhpháirt le hOiliúint AE, príomh sholáthraí ábhair chleachtais do thrialacha EPSO.

Más mian leat leas a bhaint as na tacaíochtaí seo, na hábhair chleachtais do na trialacha réasúnaíochta uimhriúla agus teibí in éineacht le trialacha réasúnaíochta briathartha agus tuisceana teanga san áireamh, seol ríomhphost ag lorg pacáiste chugainn i dteannta leis na doiciméid seo a leanas:

  1. Cóip scanta de do Phas Éireannach;
  2. Fianaise go bhfuil iarratas iomlán agus bailí déanta agat (is leor scanadh nó seat scáileáin den leathanach iarratais críochnaithe)

Cuireann an Roinn ullmhúcháin agallaimh ar fáil d’iarrthóirí atá rathúil sna céimeanna tosaigh den phróiseas iarratais.

Tá an-chuid leabhar ar fáil a mhíníonn conas an ullmhúcháin is fearr don phróiseas chomórtais a dhéanamh. Tá na téacsanna seo a leanas ar chuid de na cinn is cáiliúla:

  • The Ultimate EU Test Book (Administrators) 2024 edition, Andras Baneth: A chlúdaíonn an próiseas comórtais ar fad ón mbunú an Liosta Cúltaca – an liosta na daoine rathúla a bhfuil incháilithe do bhuanphoist ag hinstitiúidí an AE. Tá comhairle phraiticiúil ann ar conas ar féidir leat do sheans a ratha a uasmhéadú agus na céadta ceisteanna thrialacha samplacha, míniúcháin ar na bealaí níos éasca ar féidir leat ceisteanna a fhreagairt go tapa agus na botúin is minice a dhéanann iarrthóirí.
  • Numerical Reasoning MCQ for the European Institution Competitions, Emmanuel Hatru agus Jean-Luc Bizeur: Modheolaíocht, straitéisí agus trialacha chleachtaí do thrialacha réasúnaíochta uimhriúla.
  • Verbal Reasoning MCQ for the European Institution Competitions, Emmanuel Hetru agus Jean-Luc Bizeur: Modheolaíocht, straitéisí agus trialacha chleachtaí do chumas réasúnaíochta teibí.
  • Situational Judgement Test for European Institution Competitions, Jean – Luc Bizeur, Pascal agus Isabell Maen Farchy: Cuireann siad eolas, straitéisí agus cleachtaí ar fáil don triail iompraíochta sa chéad bhabhta.
  • Ultimate Psychometric Tests, Mike Bryon: Cuireann an téacs seo breis is 1000 cleachtadh cumais sna réimsí réasúnaíochta uimhriúla, briathartha agus teibí.
Ar Ais go Barr

Tacaíochtaí don Ghaeilge

The Ultimate EU Test Book as Gaeilge

D’aistrigh Ollscoil na Gaillimhe an Ultimate EU Test Book go Gaeilge, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Beidh an leabhar seo an-úsáideach do dhaoine a bhfuil ag glacadh páirte sna comórtais earcaíochta EPSO agus ag úsáid an Ghaeilge.

Tabhair do d’aire go bhfuil seo an leagan 2020 den EU Test Book agus mar sin ní chlúdaíonn sé an múnla comórtais is déanaí. Beidh an Ultimate EU Test Book 2024 ar fáil trí Ghaeilge in am trátha.

Ar Ais go Barr