An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Pósadh Éigeantais Thar Lear

Mura dtoilíonn páirtí amháin nó an dá pháirtí leis an bpósadh, nó mura féidir le páirtí amháin nó an dá pháirtí toiliú leis an bpósadh (e.g. i gcás mionaoiseach), pósadh éigeantais is ea é.

I bpósadh éigeantais, féadfaidh teaghlach, cairde agus daoine den phobal leas a bhaint as brú mothúchánach, bagairtí nó foréigean chun tabhairt ar dhuine pósadh. I gcorrchás, tógtar daoine thar lear in aghaidh a dtola chun pósadh.

B’fhéidir go n-inseofaí do dhuine corruair go bhfuil sé/sí ag dul ar thuras chuig a d(h)aoine muinteartha, ach gurb é pósadh atá i ndán dó/di ansin i ngan fhios dó/di. Nuair a bhaineann sé/sí an tír iasachta amach, b’fhéidir go dtógfaí a p(h)as agus a c(h)uid airgid uaidh/uaithi, agus b’fhéidir go mbeifí ag faire air/uirthi i gcónaí lena chinntiú nach bhfillfidh sé/sí ar Éirinn. B’fhéidir go gcrosfaí air/uirthi cumarsáid a dhéanamh le daoine eile freisin.

Tá sé ina chion in Éirinn tabhairt ar dhuine pósadh, nó duine a thabhairt thar lear d’fhonn tabhairt air/uirthi pósadh.

Má shíleann tú gur tógadh thar lear thú i gcomhair pósadh éigeantais, téigh i dteagmháil le do Chonsalacht nó Ambasáid Éireannach áitiúil. 

Má tá faitíos ort go mb’fhéidir gur tógadh cara nó gaol leat thar lear le haghaidh pósadh éigeantais, téigh i dteagmháil le stáisiún áitiúil an Gharda Síochána agus cuir glaoch orainne san Aonad um Chabhair Chonsalachta ar +353 1 408 2527.

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.