An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Pas a cailleadh nó a goideadh

Is cáipéis thábhachtach é do phas agus ba chóir é a choinneáil sábháilte i gcónaí. É sin ráite, má théann do phas amú nó má ghoidtear é, is féidir linn cabhair a thabhairt duit.

D’fhéadfadh do phas nó cáipéis thábhachtach eile a chailleadh agus tú thar lear a bheith ina chrá croí. Tá roinnt rudaí ann gur féidir leat a dhéanamh chun go mbeadh sé níos éasca an cás a réiteach.

Tuairisc a dhéanamh leis na póilíní

Beidh tuairisc de chuid na bpóilíní ag teastáil uait más mian leat éileamh a dhéanamh ar d'árachas taistil. Ní thabharfaimid doiciméad taistil nua duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.

Ar Ais go Barr

An méid is féidir linn a dhéanamh

Is féidir le baill foirne inár nAmbasáid nó inár gConsalacht iad seo a thabhairt duit:

  • Pas ionaid a chuirfidh ar do chumas do thuras a chur i gcrích, nó;
  • Doiciméad taistil éigeandála ionas gur féidir leat teacht abhaile

Déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh luath agus is féidir, ach d'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil. D'fhéadfadh teorainn a bheith leis an gcúnamh is féidir linn a thabhairt duit de bharr na háite ina bhfuil tú nó na gcúinsí ina bhfuil tú.

Ar Ais go Barr

Coinnigh cóipeanna de do chuid doiciméad

Coinnigh cóipeanna leictreonacha agus cóipeanna páipéir de do phas agus de dhoiciméid riachtanacha eile in áit shábháilte ina bhfuil fáil agat orthu agus tú as baile (le duine muinteartha sa bhaile, mar shampla). Is maith an rud é scanadh nó pictiúr de do phas agus de dhoiciméid thábhachtacha a chur chugat féin ar an ríomhphost, ionas gur féidir leat teacht orthu cibé áit ina bhfuil tú.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.