An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Conas is féidir linn cabhrú leat

Más rud é go bhfuil cás éigeandála agat agus tú thar lear, tá ár bhfoireann consalachta sásta gach cúnamh a thabhairt duit. Is cóir duit a bheith ar an eolas, áfach, go bhfuil teorainneacha ann don chúnamh atá ar fáil duit.

Táimid in ann

  • Pasanna/cáipéisíocht taistil éigeandála a eisiúint (más ann do chritéir ar leith).
  • Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil duit i gcás timpiste, trombhreoiteachta nó báis.
  • Cabhrú le teagmháil a dhéanamh le póilíní áitiúla nó údaráis eile, go háirithe má bhíonn bac teanga i gceist.
  • Dul i dteagmháil le do theaghlach nó cairde ar do shon.
  • Cuairt a thabhairt ort sa phríosún má choimeádtar thú.
  • Airgead a chur ar aghaidh chugat i gcás éigeandála ar an gcoinníoll go bhfuil an méid a iarrann tú lóisteáilte roimh ré linn ag na hoifigí i mBaile Átha Cliath nó Corcaigh nó ag Stáisiún Gardaí.
  • Liosta a chur ar fáil de dhlíodóirí, dochtúirí nó ateangairí sa tír a labhraíonn Béarla.
  • Liosta d’adhlacóirí áitiúla a chur ar fáil i gcás báis.
Ar Ais go Barr

Ní féidir linn

  • Comhairle dhlí nó leighis a chur ar fáil.
  • Iarratas a dhéanamh thú a scaoileadh ó choimeád nó iarratas a dhéanamh go gcaithfear go fabhrach leat agus tú faoi choimeád.
  • Íoc as cuairt do ghaolta/chairde ort agus tú sa phríosún.
  • Páirt a ghlacadh i ndíospóidí tráchtála ar do shon.
  • Páirt a ghlacadh ar aon bhealach sna próisis dhlíthiúla i dtír eile.
  • Íoc as do bhillí leighis nó dlí (fiú ar bhonn sealadach).
  • Airgead a chur ar aghaidh chugat (seachas mar atá luaite thuas).
  • Déileáil le do chomhlacht árachais ar do shon.
Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.