An Chairt um Chúnamh Consalachta
Treoir an mhúinteora: Is féidir le múinteoirí an eolas thíos a úsáid anois chun tuilleadh cúlra agus freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh ar dhaltaí sa chleachtadh roimhe seo.
Is féidir achoimriú a dhéanamh ar chúnamh consalachta mar an córas trínar féidir leis an stát cabhrú le hÉireannaigh thar lear má bhíonn deacrachtaí acu, is cuma cén cuspóir taistil atá acu, bíodh sé ar saoire, ag tabhairt cuairte ar theaghlaigh agus ar chairde, séasúr J1, turais oibre, comórtais spóirt, coláiste, agus ag bogadh thar lear.
Tá cur síos ar na bealaí ar féidir leis an Roinn cabhrú le saoránaigh Éireannacha thar lear ina Cairt um Chúnamh Consalachta. Tugtar breac-chuntas sa Chairt freisin ar rudaí nach féidir leis an Roinn a dhéanamh, amhail tionchar a imirt ar dhlíthe inimirce tíre eile.