An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Réamhrá

Tá muintir na hÉireann ag taisteal thar lear níos mó anois ná riamh. Tá an chuid is mó dá dturais thar lear saor ó strus agus baineann siad taitneamh as gan eachtra.

Mar sin féin, ba mhaith linn spreagadh a thabhairt dár ndaoine óga go háirithe, a mbeidh go leor acu ag taisteal thar lear go neamhspleách den chéad uair, a bheith ullmhaithe, eolasach agus fios a bheith acu cá háit ar féidir leo leas a bhaint as ár seirbhísí Cúnaimh Consalachta má theastaíonn siad uathu. I mbeagán focal, a bheith TravelWise.

Leathnaíonn taisteal thar lear do chuid spéiseanna agus méadaíonn sé do thuiscint ar an domhan. Tugann an ceacht seo, tionscnamh nua de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, ár gcomhairle taistil agus ár gCúnamh Consalachta isteach i seomraí ranga ar fud na tíre den chéad uair.

TravelWise: Ullmhúchán agus Comhairle maidir le Taisteal Cliste do Scoláirí na Sraithe Sinsearaí
pdf 6.7 MB

Gníomhaíochtaí sa seomra ranga do scoláirí OSPS na sraithe sinsearaí

Féach ar acmhainní ceachta do mhúinteoirí mar chuid dár gclár Ullmhúcháin Taistil Chliste TravelWise atá dírithe ar thaistealaithe fásta óga.

Thíos is féidir leat teacht ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús ceachtanna TravelWise i seomraí ranga OSPS na sraithe sinsearaí, chun cabhrú lena chinntiú go dtuigeann mic léinn agus go bhfuil siad ar an eolas faoi phríomhleideanna maidir le taisteal cliste agus eolasach.

Seat ag féachaint ar rudaí atá le pacáil le haghaidh saoire, lena n-áirítear pas Éireannach, treoir taistil, agus comhairle taistil ón RGE.

Ullmhúchán agus comhairle maidir le taisteal cliste

Buneolas a thabhairt do mhic léinn ar obair cúnaimh consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Bean ag féachaint amach fuinneog ag an aerfort

Cad atá le fios sula dtéann tú

Mic léinn a spreagadh chun smaoineamh ar ullmhú le haghaidh taistil thar lear.

Taistealaithe ag déanamh staidéir ar léarscáil.

Staidreamh TravelWise

Cuidiú le mhic léinn fadhbanna a d’fhéadfadh tarlú agus iad ag taisteal go hidirnáisiúnta a scrúdú.

Beirt thaistealaithe ag siúl san aerfort

An Chairt um Chúnamh Consalachta

Eolas a chur ar mhic léinn maidir leis na cineálacha cúnaimh chonsalaigh atá ar fáil má bhíonn deacrachtaí acu agus iad ag taisteal thar lear.

Ardaíonn mac léinn a lámh chun ceist a chur.

Fíricí Fánacha TravelWise

Eolas agus tuairimí na mac léinn a thomhas maidir le comhairle taistil idirnáisiúnta.

Beirt turasóirí ag fanacht sa stáisiún traenach.

Cás-staidéir TravelWise

Pléigh cás-staidéir inar theastaigh cúnamh consalachta thar lear ó thaistealaithe óga Éireannacha.

Féinín de thaistealaithe os comhair Túr Eiffel.

Príomhtheachtaireachtaí TravelWise

Teagmháil a dhéanamh le mhic léinn chun machnamh a dhéanamh ar na príomhtheachtaireachtaí taistil ar cheart dóibh a bheith ar an eolas fúthu agus iad ag taisteal go neamhspleách thar lear.

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.