An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Óman

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. 

Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Cabhraíonn ár gcomhairle taistil leat chun cinntí feasacha a dhéanamh agus turas thar lear á phleanáil agat agus tugann sí measúnú oibiachtúil duit ar na priacail a bheadh romhat, b’fhéidir.

Stádas Slándála

Cad is brí leis seo?

Bí an-chúramach

Is é seo leibhéal a dó as ceithre rátáil. Is féidir le saoránaigh atá ag taistil go dtí an tír nó an chríoch seo bheith ag súil le baol níos airde ná go mbeadh ann in Éirinn. Déan taighde ar do cheann scríbe agus bí cúramach maidir leis na pointí atá leagtha amach againn inár gcomhairle.

Forbhreathnú

Sábháilteacht agus Slándáil

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Eolas breise

Déan teagmháil linn

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.