An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Treoirlínte maidir lenár gcóras grádú slándála

Cad is grádú slándála ann?

Is bealach soiléir é grádú slándála chun ár dtuairim maidir le sábháilteacht tíre ar leith ó thaobh turasóireachta de a léiriú, agus chun cabhrú leat cinntí eolacha a dhéanamh maidir le taisteal thar lear. Chomh maith le grádú slándála, cuirimid eolas mionsonraithe ar fáil maidir le víosaí, cúrsaí sláinte, slándáil, dlíthe gnásanna áitiúla agus eolas eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach.

Déan cinnte chun an chomhairle a chuirimid ar fáil a léamh agus a thuiscint, ach molaimid díobh chun an oiread agus is féidir a fhoghlaim faoi do cheann scríbe trí fhoinsí eile, amhail treoirleabhair agus comhlachtaí taistil. Is ortsa an fhreagracht maidir le cinneadh ar bith taisteal chuig, fanacht i nó imeacht ó thír.

Níl an Roinn Gnóthaí Eachtracha freagrach as ceisteanna maidir le haisíocaíocht nó téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le heitiltí, pacáistí saoirse nó polasaithe árachais, agus ba chóir do shaoránaigh na ceisteanna seo a phlé lena n-aerlíne, a gcomhlacht taistil nó a n-árachóir.

Ar Ais go Barr

Conas a dhéantar na grádaithe slándála a mheasúnú?

Is meastachán ar shábháilteacht agus slándáil tíre ag am ar leith é an grádú slándála.

Déanaimid monatóireacht ar fhorbairtí idirnáisiúnta, tríd an ngréasán misin dár gcuid ar fud na cruinne go príomha, agus trí chomhairle a lorg ónár gcomhpháirtithe AE agus idirnáisiúnta.

Tá ceithre leibhéal a bhaineann lenár ngrádaithe slándála:

Ar Ais go Barr

Gnáth Réamhchúraim

Tá timpeallacht slándála cosúil leis an timpeallacht atá againn in Éirinn le haimsiú sa tír seo. Tá forlámhas an dlí agus seirbhísí poiblí curtha i bhfeidhm go héifeachtach sa tír seo. Bá chóir duit a bheith aireach chun coireacht a chosc, ach níl an suíomh i bhfad níos baolaí ná atá an méid seo sa bhaile.

Is féidir tuilleadh bearta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

  • Déan seiceáil ar ár gcomhairle thaistil de réir tíre.
  • Cláraigh linn: Clárúchán Saoránach.
  • Polasaí árachais taistil cuimsitheach a cheannach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat.
  • Fiosraigh na meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir le bagairtí sábháilte nó slándála nua agus cloígh le comhairle na n-údarás áitiúil.
Ar Ais go Barr

Ardleibhéal Cúraim

Tá rioscaí sa bhreis le haimsiú i dtíortha na catagóire seo, lena n-áirítear coireacht agus/nó sceimhlitheoireacht, atá dírithe go sonrach ar dhaoine eachtrannacha, galair nó adhaimsir. Bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na rioscaí sula n-imíonn tú, agus go gcloíonn tú le comhairle agus treoirlínte na n-údarás áitiúil. Ba chóir duit a bheith aireach agus a bheith an-chúramach agus an turas seo á phleanáil agat.

Tugann go leor Éireannach cuairt ar thíortha na catagóire seo gach bliain, ach eisímid rabhadh den chineál seo chun aird a tharraingt ar na rioscaí a d’aithníomar.

Réamhchúraim gur chóir do shaoránaigh Éireannacha a ghlacadh:

  • Dean seiceáil ar ár gcomhairle thaistil de réir tíre:
  • Cláraigh linn: Clárúchán Saoránach.
  • Agóidí agus léirsithe a sheachaint.
  • Bí aireach an t-am ar fad agus cuir bearta breise i bhfeidhm chun do shlándáil phearsanta a chosaint.
  • Smaoinigh ar do pleananna taistil agus turais a roinnt le do theaghlach agus le cairde chun go mbeadh siad ar an eolas faoin áit ina bhfuil tú, go garbh, ag am ar leith.
  • Polasaí árachais taistil cuimsitheach a cheannach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat.
  • Fiosraigh na meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir le bagairtí sábháilte nó slándála nua agus cloígh le comhairle na n-údarás áitiúil.
  • Bí aireach faoi scéiméireacht a dhírítear ar eachtrannaigh.
Ar Ais go Barr

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Molaimid díobh taisteal chuig an tír seo a chur ar atráth mura bhfuil sé de dhíth, toisc go bhfuil seans maith go bhfuil baol soiléir agus gníomhach ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh duit ó thaobh sláinte nó sábháilte de mar gheall ar an mbaol coiriúlachta, tubaiste nádúrtha, sceimhlitheoireachta nó coinbhleachta armtha. Seo an dara rabhadh is diana dár gcuid, agus is beag Éireannach a thugann cuairt ar thíortha na catagóire seo.

D’fhéadfadh nach mbíonn an stádas slándála seo i bhfeidhm ar bhonn buan, ach ba chóir duit uasdátaithe a lorg agus do chuid taistil á phleanáil agat. Cuimhnigh go bhféadfar nach mbeidh muid in ann ach cabhair chonsalachta teoranta a chur ar fáil má bhíonn deacracht agat.

Réamhchúraim gur chóir do shaoránaigh Éireannacha a ghlacadh:

  • Dean seiceáil ar ár gcomhairle thaistil de réir tíre
  • Cláraigh linn: Clárúchán Saoránach
  • Bí réidh do chuid pleananna a athrú agus imeacht faoi ghearrfhógra.
  • Má tharlaíonn tubaiste nádúrtha nó imeacht slándála ag do cheann scríbe, cuir do theaghlach agus cairde ar an eolas go bhfuil tú sábháilte chomh luath agus is féidir.
  • Roinn do pleananna taistil agus turais le do theaghlach agus do chairde chun go mbeadh siad ar an eolas faoin áit ina bhfuil tú ag am ar leith.
  • Agóidí agus léirsithe a sheachaint.
  • Bí aireach an t-am ar fad agus cuir bearta breise i bhfeidhm chun do shlándáil phearsanta a chosaint.
  • Polasaí árachais taistil cuimsitheach a cheannach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat (seans nach mbeidh sé seo indéanta i dtíortha na catagóire seo).
  • Fiosraigh na meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir le bagairtí sábháilte nó slándála nua agus cloígh le comhairle na n-údarás áitiúil.
  • Bí aireach faoi scéiméireacht a dhírítear ar eachtrannaigh.
Ar Ais go Barr

Ná Taisteal

Seo an leibhéal rabhaidh is airde dár gcuid. Mar gheall ar choinbhleacht armtha, tubaiste nádúrtha, galar, corraíl shibhialta nó cúiseanna a mbaineann baol báis leo, molaimid díobh do chuid pleananna taistil chuig an tír seo a chur ar ceal.

Is beag Éireannach a théann chuig na tíortha seo, agus is minic a bhíonn fíor-deacrachtaí acu siúd a théann.

Más rud é go bhfuil tú sa tír cheana, molaimid duit smaoineamh ar an tír a fhágáil ar bhealach tráchtála de réir mar is féidir. Má théann an cás in olcas, ní féidir linn a chinntiú go mbeidh muid in ann cabhair chonsalachta a chur ar fáil duit má shocraíonn tú fanacht ann.

Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.