An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Catar

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. 

Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Cabhraíonn ár gcomhairle taistil leat chun cinntí feasacha a dhéanamh agus turas thar lear á phleanáil agat agus tugann sí measúnú oibiachtúil duit ar na priacail a bheadh romhat, b’fhéidir.

Stádas Slándála

Cad is brí leis seo?

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Is é seo an dara leibhéal is airde dár bhfoláirimh. Tá baol dáiríre agus baol báis fhéideartha sna tíortha nó críocha ag an leibhéal seo. Tá ár n-ábaltacht cúnamh consalachta a chuir ar fáil do shaoránaigh Éireannacha an-teoranta.

Forbhreathnú

Sábháilteacht agus slándáil

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Eolas breise

Déan teagmháil linn

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.