An chaoi le hiarratas CTE maith a scríobh
Léirigh an chaoi a bhfuil do chuid oibre oiriúnach do mhaoiniú CTE
1. Bíodh tuiscint agat ar an bpróiseas iarratais
Breathnaíonn measúnóirí deontais ar iarratais chun a fháil amach cá háit is fearr is féidir le hairgead freastal ar riachtanais phobail éagsúla na hÉireann.
Tá sé an-tábhachtach cén fáth gur fiú do thionscadal a mhaoiniú a leagan amach go soiléir i d'iarratas. Ba cheart duit a thaispeáint freisin an chaoi a mbaineann do chuid oibre le cuspóirí an Chláir Tacaíochta Eisimirceach (CTE).
Sula dtosaíonn tú d'iarratas léigh an t-eolas go léir faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach.
De bharr gur mhéadaigh an iomaíocht le haghaidh maoinithe, tá na measúnóirí go mór i bhfabhar na gcásanna ina mbíonn eagraíochtaí ag comhoibriú lena chéile. Is féidir le heagraíochtaí atá ag obair le chéile tionchar agus éifeachtúlacht an mhaoinithe a fhaigheann siad a fheabhsú. Beidh fócas leanúnach ann ar thacú leis na cineálacha seo iarratas.
Critéir tionscadail le haghaidh CTE
Tá an mheastóireacht bunaithe ar na critéir seo a leanas:
- an gá atá leis an tionscadal
- tairbhithe i bpobal na hÉireann (lena n-áirítear an dara glúin agus glúin ina dhiaidh sin), lena n-áirítear a riachtanais agus a leochaileachtaí
- tionchar an tionscadail, bunaithe ar aschuir agus torthaí soiléire a bhfuiltear ag súil leo
- comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí eile reachtúla, deonacha agus maoinithe ag an CTE chun seachadadh seirbhíse a uasmhéadú do dhaoine Éireannacha leochaileacha
- an chaoi a gcuirfidh na torthaí le cuspóirí CTE a bhaint amach
- cumas na heagraíochta an tionscadal a thabhairt i gcrích
- costas iomlán an tionscadail agus luach ar airgead a thairgtear
- an maoiniú atá faighte ó fhoinsí eile don tionscadal
- na córais faireacháin agus mheastóireachta atá i bhfeidhm chun torthaí na spriocthairbhithe a thomhas
- tiomantas do dhea-rialachas agus do dhea-chleachtas ar fud na heagraíochta, lena n-áirítear e.g. bainistíocht airgeadais, straitéis tiomsaithe airgid, beartais chuimsithe agus oiliúint agus forbairt foirne.
2. Fág neart ama le hiarratas a dhéanamh
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha, mar sin déan cinnte go bhfágann tú go leor ama le hiarratas a dhéanamh.
Is beag tairbhe a bhaineann le hiarratas tapa ach, nach bhfuil ullmhaithe go leor, a chur isteach nach bhfuil soiléireacht agus cáipéisí tacaíochta leis. Glacann sé níos mó ama dul chun cinn a dhéanamh le hiarratais nach bhfuil ullmhaithe i gceart agus laghdaíonn sé an dóchúlacht go n-éireofar leo.
Fág go leor ama chun go mbeidh daoine eile in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas, le súile úra. Rachaidh an t-am a chaitear air seo go mór chun tairbhe le linn an phróisis iarratais ar fad.
Scríobh i gcéimeanna
Ní dócha go dtabharfaidh tú iarratas ar dheontas chun críche in aon iarracht amháin. Is féidir leat an obair atá idir lámha agat fós a shábháil san fhoirm agus filleadh ar an bpointe céanna. Déan na príomhphointí do gach cuid de d'iarratas a dhréachtú, sula leanann tú ar aghaidh le mionsonraí níos casta, níos tábhachtaí.
3. Eolas sonrach agus cruinn
- Bí cinnte go gcuireann tú an t-eolas ceart i ngach bosca san fhoirm iarratais.
- Bí cinnte go bhfuil ciall le huimhreacha ar bith a thugtar, go bhfuil comhthéacs ag baint leo agus go suimítear i gceart iad.
Tá na foirmeacha measúnaithe deartha chun eolas sonrach a bhailiú.
Ní féidir iarratais a phróiseáil mura bhfuil na doiciméid tacaíochta riachtanacha leagtha isteach freisin. Is iad cuntais d'eagraíochta an doiciméad tacaíochta is tábhachtaí.
Is easnamh suntasach é na cuntais mhíchearta, na seanchuntais, nó cuntais nach luann maoiniú CTE na bliana roimhe sin i gceart a chur i láthair. Cuirfidh sé seo moill ar d'iarratas, nó fágfaidh sé nach mbeidh sé i dteideal breithnithe dá bharr.
Maoiniú caipitil
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar mhaoiniú caipitil, cuir trí mheastachán san áireamh chomh maith le plean tionscadail agus forbhreathnú buiséid. Ní mór dóibh sin léiriú go soiléir go bhfuil cuid shuntasach de chostas an tionscadail faighte ó fhoinsí taobh amuigh den CTE.
4. Cuir iarratas isteach faoin gcatagóir cheart
Bí eolach ar na catagóirí faoina bhfuil iarratas á dhéanamh agat. Is iad sin:
Oidhreacht
Tionscadail a chuireann oidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann chun cinn thar lear. Áirítear leis sin na nithe seo a leanas ach níl sé teoranta do:
- Cláir agus féilte ealaíon, ceoil agus cultúrtha na hÉireann (ionaid ar cíos, poiblíocht agus costais bhonneagair)
- tionscadail a chuireann braistint níos láidre d’fhéiniúlacht na hÉireann chun cinn
- tionscadail for-rochtana cultúrtha agus oidhreachta do scoileanna agus do ghrúpaí pobail. Go háirithe, tionscadail a dhéanann teagmháil le hÉireannaigh den chéad ghlúin agus de na glúnta ina dhiaidh.
- tionscadail oideachais a chuireann cultúr, oidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann chun cinn.
Leas (Daoine Aosta)
Tionscadail atá dírithe go sonrach ar thacaíocht a thabhairt do na baill níos sine de phobal na hÉireann. Áirítear leis sin na nithe seo a leanas ach níl sé teoranta do thionscadail:
- a éascóidh rochtain ar sheirbhísí reachtúla agus deonacha ina dtír chónaithe d’imircigh Éireannacha
- a chuireann seirbhísí leasa tosaigh ar fáil lena n-áirítear seirbhísí comhairleacha, comhairleoireachta, tacaíochta meabhairshláinte, abhcóideachta, eolais agus for-rochtana
- a chuirfidh feabhas le leas agus folláine na mball is leochailí dár bpobal. Áirítear daoine ó phobal Lucht Siúil na hÉireann leis seo agus iad siúd a bhfuil riachtanais chasta acu
- a laghdóidh aonrú sóisialta a bhaineann le daoine aosta na hÉireann. Féadfaidh CTE maoiniú a chur ar fáil i dtreo na gcostas a bhaineann le clubanna lóin rialta do dhaoine aosta na hÉireann. D’fhéadfadh iad seo a bheith d’ionaid ar cíos, do chostais bhia agus ranníocaíochtaí féideartha do chostais iompair do bhaill nach bhfuil chomh cumasach sin. Déanfar breithniú freisin ar iarratais ar mhaoiniú na gcostas iompair a bhaineann le turais shóisialta a tharlaíonn ó am go chéile.
Leas (Eile)
Tionscadail lena mbaineann soláthar seirbhísí leasa ar an líne thosaigh, lena n-áirítear seirbhísí comhairleacha, comhairleoireachta, faisnéise agus for-rochtana. Áirítear leis sin na nithe seo a leanas ach níl sé teoranta do:
- thionscadail a chabhróidh le heisimircigh Éireannacha nua a imeascadh lena bpobal nua
- thacaíocht do phobail na hÉireann atá i gcásanna géarchéime i gceantair atá i bhfad go tíreolaíoch ón Ambasáid nó Consalacht is gaire
- thaighde ar na riachtanais a bhaineann le pobal eisimirceach na hÉireann.
Líonraí gnó
Tionscadail a thacaíonn le, a fhorbraíonn agus a chothaíonn líonraí gnó, gairmiúla, pobail agus ealaíon na hÉireann thar lear. Áirítear leis sin na nithe seo a leanas ach níl sé teoranta do:
- chostais a bhaineann le hionaid ar cíos agus le poiblíocht d'imeachtaí líonraithe
- thionscnaimh spriocdhírithe diaspóra a léiríonn feabhas na nasc idir pobail Éireannacha agus Éire chun leasa an dá thaobh go soiléir
- thionscadail a mheasann an tAonad um Éireannaigh thar lear agus/nó an Ambasáid/Consalacht áitiúil go bhfuil tionchar dearfach acu ar an bpobal a bhfuil sé ag iarraidh freastal air nó ar cháil na hÉireann sa réigiún.
Caipiteal
Tógáil, athchóiriú nó ceannach sócmhainní caipitil a rachaidh chun tairbhe do phobail Éireannacha thar lear. Tá suíomh gréasáin agus tionscadail mhóra dhigiteacha/bhogearraí san áireamh faoin gcatagóir chaipitil seo freisin.
Má tá meascán de chatagóirí ag baint le do thionscadal, b'fhéidir gur chóir duit dhá iarratas ar leith a dhéanamh.
5. Cinntigh go bhfuil do thionscadal incháilithe
Cé go ndéantar breithniú ar gach iarratas bunaithe ar a bhuanna, go ginearálta ní féidir Maoiniú an Chláir Tacaíochta Eisimirceach a úsáid chun na nithe seo a leanas a mhaoiniú:
- Táillí ealaíontóirí, taibheoirí nó cainteoirí, lena n-áirítear taisteal agus lóistín – gairmiúil nó eile
- Staidéar nó taisteal pearsanta thar lear
- Aisíoc iasachtaí nó easnamh
- Gníomhaíochtaí polaitiúla páirtithe
- Tionscadail atá bunaithe ar bhonn tráchtála
- Costais a bhaineann le freastal ar imeachtaí Ambasáide nó Consalachta
- Ceannach duaiseanna do chrannchuir
- Táillí ballraíochta d’eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú ESP
- Ceannach feithiclí
- Pinsin phríobháideacha.
6. Scríobh go soiléir
Déan béarlagair a sheachaint agus bíodh d’insint ghonta. Bain leas ceart as gach focal.
Déan athbhreithniú ar d’iarratas
Iarr ar dhaoine eile d'iarratas a léamh sula seolann tú isteach é, lena chinntiú go bhfuil an méid a scríobhann tú soiléir agus ábhartha.
Is deis é an t-iarratas duit léiriú gur eagraíocht inniúil thú a bhfuil an cumas aici toradh a bhaint amach (trí aird a tharraingt ar scileanna ábhartha, ar pholasaithe eagraíochtúla, ar chóid chleachtais a gcloíonn tú leo, ar thorthaí meastóireachtaí, etc.).
7. Bíodh cuspóirí soiléire agat agus bealaí le torthaí a mheas
Leagtar cuspóirí soiléire amach in iarratas maith agus sonraítear na torthaí atá á lorg.
Ba chóir go mbeadh cuspóirí an tionscadail ag teacht le cuspóir d'eagraíochta agus leis an gClár Tacaíochta Eisimirceach.
Tá sé tábhachtach a bheith in ann do chuid oibre a mheas agus cur síos a dhéanamh air. Mar shampla:
“Is é an pobal Éireannach de dhaoine aosta leochaileacha is mó a bhaineann úsáid as ár seirbhísí agus is ionann fir agus mná a rugadh in Éirinn agus 73% dár gcliaint. Thug an daonáireamh deireanach le fios go bhfuil 23,000 duine a rugadh in Éirinn inár ndobharcheantar tíreolaíoch, 54% díobh siúd os cionn 55. Léiríonn ár sonraí go bhfuil 67% dár gcliaint fireann agus 33% baineann. Chuireamar tacaíocht ar fáil do bheagnach 8,000 duine aonair agus is í próifíl aoise ár gcliant ná: 55% 65 bliain d’aois agus os a cionn 26% 55 64 14% 45-54 agus 5% 0-44 ”.
Ceisteanna le smaoineamh orthu
- Cén chuma atá ar rath an tionscadail?
- Cén chaoi a mbeidh a fhios agat nuair a bheidh sé bainte amach agat?
- Cén chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair?
- Cén chuma atá ar fheabhsú/thionchar réalaíoch?
>> Léigh Nósanna imeachta tuairiscithe chun sonraí a fháil ar an gCreat SMART chun cabhrú le cuspóirí soiléire a leagan amach le torthaí intomhaiste.
8. Déan do chostais a bhriseadh síos agus tabhair údar cuí leo
Tabhair briseadh síos soiléir ar do chostais.
Caithfidh an maoiniú a iarrann tú, agus costas measta foriomlán an tionscadail a bheith réalaíoch agus indéanta.
Ná déan rómheastachán ar chostais
Déanfar tionscadail a mheas ag deireadh na bliana bunaithe ar mheastacháin a chuirtear leis an iarratas. Iarr an méid maoinithe atá ag teastáil go fírinneach.
Cuirimid an maoiniú iomlán a iarradh ar fáil i go leor cásanna soiléire a bhfuil tacaíocht mhaith ag baint leo. Measfar nár éirigh go maith le tionscadal más rud é, faoi dheireadh na bliana, nach mbeidh ach cuid bheag den chostas a measadh leis ar dtús caite.
Tá an briseadh síos ar chostais riachtanach ionas gur féidir le measúnóirí féachaint ar conas a luíonn an maoiniú atá á iarraidh le costais fhoriomlána an tionscadail. Tugann sé deis freisin do mheasúnóirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéantar an tionscadal a mhaoiniú. Déanann sé níos éasca é iarratais a mheas.
Bí sonrach
Ná hiarr maoiniú doiléir e.g. “£5,000 d’Fhéile”. Tuilleadh briseadh síos ar na costais e.g. “Féile”: £1,500 stáitse a fháil ar cíos, £500 árachas, £500 soilsiú, £1,000 costais foirne, £1,500 ionad a fháil ar cíos”.