An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

fountain pen lying on top of pages of typed numbers in columns beside a computer keyboard

Cuntais Airgeadais CTE

Tugann cuntais inghlactha mionsonraí leordhóthanacha maidir le gníomhaíochtaí ioncaim agus caiteachais eagraíochta

Ráitis Airgeadais Inghlactha

Ráitis Airgeadais Inghlactha, ag brath ar ollioncam bliantúil d'eagraíochta.

Eagraíochtaí nach bhfuil aon ioncam bliantúil acu, i.e. eagraíochtaí nuabhunaithe:

  • Dearbhú nach bhfuil aon ioncam/chaiteachas ag an eagraíocht, agus é sínithe ag an gCisteoir agus comhalta eile den Bhord nó den Choiste (ar pháipéar oifigiúil ceannteidil má tá sé ar fáil), chomh maith le fianaise ar chuntas bainc, e.g. cóipeanna de ráiteas bainc

Eagraíochtaí a bhfuil ollioncam bliantúil níos lú ná €25,000 acu

  • Cuntas Ioncaim agus Caiteachais chomh maith le ráiteas sócmhainní agus dliteanais don bhliain airgeadais is déanaí de chuid na heagraíochta, agus iad sínithe ag an gCisteoir agus ag comhalta eile den Bhord nó den Choiste.
  • D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí faisnéis airgeadais bhreise chun an méid thuasluaite a fhíorú
    • fianaise ar chuntas bainc, e.g. cóipeanna de ráiteas bainc, agus iad sínithe ag an gCisteoir agus ag comhalta eile den Bhord nó den Choiste
    • cóipeanna den tuarascáil roimhe sin ar fháltais agus ar chaiteachas (más ann di)

Eagraíochtaí a bhfuil ollioncam bliantúil idir €25,001 agus €100,000 acu

  • Cuntas Ioncaim agus Caiteachais chomh maith le ráiteas sócmhainní agus dliteanais don bhliain airgeadais is déanaí de chuid na heagraíochta, agus iad sínithe ag an gCisteoir agus ag comhalta eile den Bhord nó den Choiste, agus ráiteas ó scrúdaitheoir neamhspleách ag gabháil leo.
  • Ní mór don scrúdaitheoir neamhspleách a bheith ina chomhalta cláraithe de chomhlacht cuntasaíochta gairmiúil cuí sa dlínse ábhartha. Ionas go mbeidh an scrúdaitheoir neamhspleách, ní mór nach mórdheontóir ná mórthairbhí de chuid na heagraíochta é nó í, ná nach garghaol, páirtí, céile, comhpháirtí gnó nó fostaí é nó í de chuid aon chomhalta Boird nó comhalta Coiste nó de chuid duine atá ina riarthóir ar an eagraíocht. Féadfaidh scrúdaitheoirí a bheith ina gcomhalta den eagraíocht, ar an gcoinníoll nach raibh baint acu le cinntí ná cúrsaí riaracháin na heagraíochta ó lá go lá. Ba cheart don scrúdaitheoir neamhspleách na pointí thuas a dheimhniú ar an ráiteas uaidh nó uaithi.

Eagraíochtaí a bhfuil ollioncam bliantúil os cionn €100,000 acu

  • Ráitis airgeadais iniúchta na heagraíochta
Ar Ais go Barr

Aitheantas a thabhairt do mhaoiniú CTE

Tá eolas airgeadais ag teastáil uainn a léiríonn go soiléir go bhfuarthas an deontas a bronnadh agus gur caitheadh é. I ngach cás agus i dtuairisciú airgeadais ar bith, ba cheart aitheantas soiléir agus ar leith a thabhairt do mhaoiniú a fhaightear mar: “Rialtas na hÉireann; Clár Tacaíochta Eisimirceach”

I gcomhréir le Ciorclán 13/2014 de Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann, ní mór do ráitis airgeadais a bhfuil iniúchadh déanta orthu nó cuntais a chuirtear isteach:

  1. Méid (de réir do Litir Thairisceana) agus téarma (tréimhse) an deontais iomláin a thaispeáint (i.e. 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 mura luaitear tréimhse dhifriúil).
  2. Méid an deontais faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach a thaispeáint a bhfuil cuntas tugtha air sna ráitis airgeadais reatha. Má tá an méid sin luaite níos lú ná méid iomlán an deontais CTE, ba cheart go gcuirfeá in iúl srian ar úsáid an deontais nó nach bhfuil, agus an srian atá i gceist (i.e. an mbaineann sé le tionscadal áirithe, nó le soláthar seirbhíse faoi leith).

Ina theannta sin, de réir na gceanglas atá leagtha amach sa Chiorclán thuasluaite, tá ar eagraíochtaí sonraí a sholáthar maidir le líon na bhfostaithe a bhfuil a sochair iomlána fostaí (gan costais phinsin an fhostóra san áireamh) laistigh de gach banda €10,000 ó €60,000 ar aghaidh, agus figiúr foriomlán le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin iomlána an fhostóra.

Tá an ceanglas sin i bhfeidhm fiú mura bhfuil tuarastail á maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach.

Ar Ais go Barr

Cuntais inghlactha

Is fadhb mhór é cuntais do-ghlactha a sholáthar. Cuirfidh sé sin moill ar d'iarratas agus is foláireamh é a mbíonn measúnóirí deontais CTE ag faire amach dó.

I gcuntais inghlactha, tugtar mionsonraí leordhóthanacha faoi ghníomhaíochtaí ioncaim agus caiteachais eagraíochta, agus ní mór go sonrófaí go soiléir iontu an maoiniú uile a fhaightear ó Rialtas na hÉireann agus go dtabharfaí aitheantas dó.

I ngach cás ba cheart do na cuntais airgeadais a bheith ag cloí le prionsabail na soiléireachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta.

Ar Ais go Barr

Difríochtaí sa téarmaíocht chuntasaíochta

Aithnímid go bhfuil difríochtaí i gceist sa téarmaíocht chuntasaíochta, go háirithe idir Meiriceá agus an Eoraip. I ngach cás, mura bhfuil tú cinnte faoi chineál nó leibhéal na gcuntas nó na faisnéise atá ag teastáil, déan cinnte go ndéanfaidh tú teagmháil le d'Ambasáid nó do Chonsalacht áitiúil chun an méid atá riachtanach a shoiléiriú.

Ar Ais go Barr