An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Déanann Aonad na nÉireannach Thar Lear sa Roinn Gnóthaí Eachtracha an clár a bhainistiú agus a chomhordú.

Déantar an obair seo i gcomhpháirtíocht le hAmbasáidí agus Consalachtaí na hÉireann agus leis an líon ollmhór eagraíochtaí Éireannacha thar lear.

Ó 2004 i leith, tá an Clár Tacaíochta Eisimirceach (CTE) tar éis cúnamh a thabhairt do níos mó ná 800 eagraíocht ar fud 47 tír. B'ionann na deontais a eisíodh agus €220 milliún san iomlán.

Bhí idir suimeanna beaga do ghrúpaí cosmhuintire agus leithdháiltí móra airgeadais a dámhadh ar eagraíochtaí deonacha agus pobail a fheidhmíonn ar scála mór i gceist sna deontais aonair seo.

Cén chaoi a n-oibríonn CTE?

Tugann an CTE tús áite do thionscadail atá ag teacht le cuspóirí Straitéis Diaspóra 2026 -2030 an Rialtais.

Maireann an bhliain mhaoinithe ón 1 Iúil gach bliain go dtí an 30 Meitheamh an bhliain dár gcionn. Maireann an tréimhse iarratais don Chlár Tacaíochta Eisimirceach ó lár mhí Eanáir go lár mhí Feabhra gach bliain.

Critéir maidir le cúnamh deontais

Ba cheart d’iarratasóirí ar eagraíochtaí iad a bheith bunaithe mar charthanais chláraithe, mar chomhlachtaí carthanúla nó mar eagraíochtaí deonacha/neamhbhrabúis.

Tá an mheastóireacht bunaithe ar na critéir seo a leanas:

  • an gá atá leis an tionscadal
  • tairbhithe i bpobal na hÉireann (lena n-áirítear an dara glúin agus glúin ina dhiaidh sin), a riachtanais agus a leochaileachtaí
  • tionchar an tionscadail, bunaithe ar aschuir agus torthaí soiléire a bhfuiltear ag súil leo
  • comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí eile reachtúla, deonacha agus maoinithe ag an CTE chun seachadadh seirbhíse a uasmhéadú do dhaoine Éireannacha leochaileacha
  • an chaoi a gcuirfidh na torthaí le cuspóirí CTE a bhaint amach
  • cumas na heagraíochta an tionscadal a thabhairt i gcrích
  • costas iomlán an tionscadail agus luach ar airgead a thairgtear
  • an maoiniú atá faighte ó fhoinsí eile don tionscadal
  • na córais faireacháin agus mheastóireachta atá i bhfeidhm chun torthaí na spriocthairbhithe a thomhas
  • tiomantas do dhea-rialachas agus do dhea-chleachtas ar fud na heagraíochta.

Catagóirí maoinithe

Tá gach cinneadh maoinithe bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear isteach san fhoirm iarratais oifigiúil. Ní mór iarratas a chur isteach ar líne trínár dtairseach deontais. Ní ghlacfar le haon chruachóip d'fhoirmeacha iarratais.

Is iad seo a leanas na catagóirí faoinar féidir iarratas a dhéanamh ar CTE;

  • Oidhreacht – tionscadail a bhaineann le hoidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann a chur chun cinn agus a choinneáil thar lear, amhail spóirt na hÉireann, ceol na hÉireann, rince na hÉireann agus na healaíona eile.
  • Leas (Daoine Scothaosta) - tionscadail atá dírithe go sonrach ar na baill níos sine den phobal Éireannach.
  • Leas (Eile) - - tionscadail lena mbaineann soláthar seirbhísí leasa ar an líne thosaigh, lena n-áirítear seirbhísí comhairleacha, comhairleoireachta, faisnéise agus for-rochtana do phobail na hÉireann.
  • Líonraí gnó - tionscadail chun tacú le líonraí gnó na hÉireann nó le líonraí gairmiúla Éireannacha eile thar lear.
  • Caipiteal - tionscadail lena mbaineann tógáil, athchóiriú nó ceannach sócmhainní caipitil. Áirítear leis seo tionscadail a bhaineann le forbairt suímh ghréasáin agus tionscadail mhóra dhigiteacha/bhogearraí.

Is féidir le heagraíochtaí iarratais a dhéanamh i níos mó ná catagóir amháin.

>> Léigh ceisteanna coitianta

Prionsabail a rialaíonn faighteoirí mhaoiniú Rialtas na hÉireann

Maoinítear an CTE trí airgead an cháiníocóra agus dá bhrí sin is maoiniú poiblí é. Cuirtear na leibhéil is airde trédhearcachta agus cuntasachta i bhfeidhm. Tá gá le tuarascálacha ar thionchair agus ar rathúlacht na dtionscadal a mhaoinítear agus na dtuarascálacha airgeadais mar chuid den phróiseas CTE.

Ar aon dul le rialacháin lena rialaítear deontais a fháil ó Rialtas na hÉireann, ní mór do gach deontaí a ndícheall leis an méid a leanas a dhéanamh:

Soiléireacht

Cuspóirí, ionchuir agus aschuir a gcaiteachais mhaoinithe a leagan amach go soiléir:

  • A thaispeáint go soiléir nár caitheadh maoiniú ach amháin chun na gcríoch gnó dár gcuireadh ar fáil é
  • Soiléiriú a lorg ón deontóir nuair is gá – maidir le cistí a úsáid, socruithe rialachais agus cuntasachta.

Rialachas

A chinntiú go bhfuil socruithe rialachais cuí i bhfeidhm maidir le maoirseacht agus riaradh maoinithe:

  • cistí a rialú agus a chosaint ó mhí-úsáid, mí-leithghabháil agus calaois
  • taifid chuntasaíochta ar féidir leo, ag am ar bith, faisnéis iontaofa airgeadais a chur ar fáil maidir le cuspóir, cur i bhfeidhm agus an t-iarmhéid den mhaoiniú poiblí atá fágtha
  • cuntas ar mhéid agus ar fhoinse an mhaoinithe, ar a chur i bhfeidhm agus ar a aschuir/torthaí

Luach ar airgead

A bheith in ann fianaise a chur ar fáil maidir le:

  • úsáid éifeachtach na gcistí
  • an luach a baineadh amach i gcur i bhfeidhm cistí
  • cur amú agus caifeachas a sheachaint.

Cothroime

Cistí poiblí a bhainistiú leis an leibhéal is airde ionracais agus sláine:

  • Gníomhú ar bhealach a chomhlíonann dlíthe agus oibleagáidí ábhartha e.g. cáin, íosphá
  • Earraí agus seirbhísí a sholáthar ar bhealach cóir trédhearcach
  • Feidhmiú go cothrom, go freagrach agus go hoscailte i do chaidreamh leis an deontóir.

Pointí breise le tabhairt faoi deara

Aithnítear go mb'fhéidir nach bhféadfaí tús a chur láithreach le tionscadal atá ceadaithe le haghaidh maoinithe. Táthar ag súil, áfach, go mbeidh tús curtha leis an tionscadal laistigh de shé mhí ón deontas a fháil. Éilíonn cleachtais chuntasaíochta Rialtas na hÉireann go n-úsáidfear an t-airgead chun na críche ceadaithe laistigh den bhliain mhaoinithe chéanna.

Maireann an bhliain mhaoinithe ón 1 Iúil gach bliain go dtí an 30 Meitheamh an bhliain dár gcionn.

  • Ní mór cúnamh deontais nach n-úsáidtear de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá sonraithe ag Rialtas na hÉireann a aisíoc go hiomlán.
  • Dá mba bronnadh deontas ar mhaoiniú do phost foirne agus má thagann folúntas chun cinn sa phost sin i rith na bliana maoinithe, ba cheart d'eagraíochtaí a bheith ag súil leis an airgead don tréimhse nach raibh an post líonta a thabhairt ar ais.
  • Déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit má bhíonn ceisteanna agat faoi incháilitheacht do thionscadail do mhaoiniú CTE.

Táimid ag tnúth le bheith ag obair leat chun tairbhí nithiúla a sholáthar do phobail Éireannacha, cibé áit ar domhan ina bhfuil siad.