An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

hands writing on contracts on clipboards leaning on table

Rialachas le haghaidh tionscadail tacaithe ag an CTE

Dea-chleachtas, bainistíocht bord agus ráiteas frithchalaoise

Dea-chleachtas d'eagraíochtaí pobail, deonacha agus carthanachta

Tá sé riachtanach dea-chleachtas a leanúint le hinbhuanaitheacht agus le rath a chinntiú d’aon eagraíocht phobail, dheonach agus charthanachta Éireannach.

Tá go leor acmhainní ar fáil chun bonn eolais a chur faoin dea-chleachtas laistigh de charthanachtaí agus in eagraíochtaí seachbhrabúsacha.

In Éirinn, cuireann dhá eagraíocht comhairle agus acmhainní ar fáil, is cuma cá bhfuil siad, d'eagraíochtaí Éireannacha:

An Cód Rialachais

Is acmhainn í seo a chabhraíonn le heagraíochtaí pobail, deonacha agus carthanachta Éireannacha a gcumas foriomlán a fhorbairt maidir leis an gcaoi a ndéanann siad a n-eagraíocht a reáchtáil. Is cód deonach é a chuirtear ar fáil saor in aisce do gach bord agus coiste de ghrúpaí seachbhrabúsacha.

Tá an Cód curtha le chéile ag daoine a bhfuil an-chuid taithí acu in earnáil phobail, dheonach agus charthanachta na hÉireann. Tabhair cuairt ar a suíomh gréasáin chun rochtain a fháil ar a n-acmhainní.

The Wheel

Is foras tacaíochta agus ionadaíochta é seo a thugann eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus carthanachta Éireannacha le chéile ar fud na tíre. Bunaíodh in 1999 é agus tá The Wheel ina ionad acmhainní agus fóram don earnáil phobail, dheonach agus carthanachta in Éirinn. Cuireann a threoracha éagsúla comhairle agus faisnéis phraiticiúil ar fáil d'eagraíochtaí de gach cineál.

Tairgeann na treoracha seo a leanas comhairle agus faisnéis phraiticiúil agus réalaíoch maidir le conas eagraíocht a reáchtáil.

Ar Ais go Barr

Bainistíocht bord

Tá an-tábhacht ag baint le boird láidre, neamhspleácha agus tiomanta. Tá siad riachtanach do rialachas éifeachtach agus inbhuanaitheacht eagraíochtaí carthanachta agus pobail.

Breathnaíonn Aonad na nÉireannach Thar Lear ar ról agus ar chomhdhéanamh boird agus inbhuanaitheacht eagraíochta á meas do mhaoiniú CTE. Bíonn muid ag súil go bhfuil na dlíthe áitiúla ábhartha lena rialaítear boird agus eagraíochtaí carthanúla á gcomhlíonadh go hiomlán.

Treoir maidir le gníomhaíochtaí bord

Cuireann Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn comhairle úsáideach ar fáil maidir le comhdhéanamh agus gníomhaíochtaí bord i gcás eagraíochtaí neamhbhrabúis.

Tarraingítear aird air gurb é príomhchuspóir an bhoird rathúnas na heagraíochta a chinntiú trí ghnóthaí na heagraíochta a threorú ar bhonn comhpháirteach agus é ag freastal ar leasanna cuí na bpáirtithe leasmhara ábhartha, agus ag comhlíonadh na reachtaíochta agus na rialachán go léir atá riachtanach.

Bítear ag súil le hardchaighdeáin rialachais, trédhearcachta agus cuntasachta ó gach eagraíocht. Ní dhéantar eisceacht ar bith d’eagraíochtaí pobail, deonacha agus carthanachta.

Ról caomhnóireachta agus maoirseachta

Tá sé sonraithe ag an Rialálaí Carthanas in Éirinn freisin gur iontaobhaithe de chuid na heagraíochta iad comhaltaí an bhoird agus dá réir sin go bhfuil ról caomhnóireachta agus maoirseachta acu.

Is iad iontaobhaithe carthanachta na daoine a dhéanann rialú ar bhainistíocht na carthanachta, agus atá freagrach aisti faoin dlí. Is saorálaithe iad a thugann a gcuid ama leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí carthanachta atá i gceist a fheabhsú agus a chosaint agus chun tacú leo.

Cuntasacht

Cé gur saorálaithe iad, bíonn freagracht nach beag ag baint le ról iontaobhaí carthanachta. Tá bord iontaobhaithe carthanachta freagrach, ar bhonn comhpháirteach, as maoirseacht na carthanachta sin. Cé gur féidir le hiontaobhaithe carthanachta tascanna a tharmligean, ní féidir leo an chuntasacht a tharmligean.

Cé gur féidir le bord a bheith ag obair ar bhonn deonach, tá sé de dhualgas ar stiúrthóirí, oifigigh nó iontaobhaithe eagraíochtaí iad féin a chur ar an eolas faoi oibleagáidí na heagraíochta. Is iad a ndualgais phearsanta féin ná a chinntiú go bhfuil an eagraíocht ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil agus go bhfuil ionracas á léiriú acu féin.

Spriocanna straitéiseacha a leagan síos

Ba cheart don bhord spriocanna straitéiseacha na heagraíochta a leagan síos freisin agus a bheith in áit ar féidir iad a bhaint amach.

Is iad na spriocanna straitéiseacha ná na cuspóirí a bhfuil d’eagraíocht bunaithe orthu. Leagann siad amach an méid atá i gceist agaibh a bhaint amach thar thréimhse ama áirithe, idir 3 go 5 bliana de ghnáth.

Cabhraíonn spriocanna straitéiseacha a leagan síos le tosaíochtaí eagraíochtúla a leagan amach. Cabhraíonn siad leis an mbord díriú ar phleanáil fhónta ghnó agus ar bhainistíocht eagraíochta.

>> Léigh Nósanna imeachta tuairiscithe le haghaidh tuilleadh eolais ar an gCreat SMART ar spriocanna a leagan síos

Pleanáil comharbais

Tá sé tábhachtach an ghlúin óg a spreagadh páirt a ghlacadh ar bhoird. Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcuireann boird pleananna comharbais i bhfeidhm. Cabhraíonn siad seo leis an aistriú de réir mar a fhágann comhaltaí an bhoird agus a thagann daoine eile ina n-áit. Sa deireadh, cinntíonn pleananna comharbais go leanfaidh eagraíocht ar aghaidh ag feidhmiú go héifeachtach agus ar shlí inbhuanaithe.

Ballraíocht boird

Níor cheart go bhfuil ballraíocht boird dírithe ar líon na gcomhaltaí boird amháin ach ar éagsúlacht an bhoird i dtéarmaí cúlra agus eispéiris de.

Ní mór do bhord comhaltaí féideartha a lorg i rith an ama chomh maith le bealaí nua aimsiú le hiarrthóirí oiriúnacha a mhealladh.

Tá comhdhéanamh an bhoird an-tábhachtach maidir le maoirseacht fhónta a dhéanamh ar eagraíocht. Ní mór an comhdhéanamh ceart a bheith ar bhoird chun a gcuid oibre a dhéanamh.

I measc na dtreoirlínte tá:

  • Ba cheart do chomhaltaí boird a bheith ar bhord ar feadh tréimhse atá sainithe go soiléir seachas ar feadh tréimhse oscailte. Níor chóir go mbeadh aon téarma níos faide ná trí bliana.
  • San iomlán, níor cheart do chomhaltaí boird a bheith ar bhord ar feadh níos mó ná 9 mbliana (trí théarma de 3 bliana).
  • Níor cheart do chomhaltaí boird níos mó ná dhá théarma (6 bliana) a chaitheamh in aon ról ar leith (e.g. cathaoirleach nó cisteoir).
  • Níor cheart go mbeadh boird comhdhéanta de dhaoine éagsúla den teaghlach céanna.
  • Níor cheart go mbeadh comhaltaí boird ag obair don eagraíocht freisin.
  • Ba cheart do chomhaltaí boird coimhlintí leasa a sheachaint i dtaobh chúrsaí airgeadas na heagraíochta agus na seirbhísí a bhaineann an eagraíocht úsáid astu.
Ar Ais go Barr

Ráiteas frithchalaoise

Bíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair léi go dian diongbháilte i gcoinne na caimiléireachta agus tá beartais agus nósanna imeachta leagtha síos aici maidir le haon chalaois fhéideartha a chosc, a aithint agus a láimhseáil.

Tá ráiteas frithchalaoise seo an Chláir Tacaíochta Eisimirceach bunaithe ar bheartas frithchalaoise na Roinne. Tá an dara ceann ar fáil ach é a iarraidh agus is é Beartas Frith-Chalaoise na Roinne atá cuimsitheach agus údarásach.

Clúdaíonn Beartas Frithchalaoise na Roinne daoine a fhaigheann deontas arna mbronnadh ag an Roinn agus beidh gach eagraíocht a gheobhaidh maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach faoi cheangal ag an mbeartas seo.

De réir bheartas na Roinne déanfaidh sí imscrúdú iomlán ar aon teagmhas calaoise nó calaoise amhrasta. Is iad na príomhphrionsabail atá mar bhunús le cur chuige na Roinne maidir leis an mbaol calaoise a íoslaghdú, agus dul i ngleic le cásanna calaoise, ná:

  • Glactar cur chuige bainistíochta riosca maidir le cosc a chur ar chalaois, a chuimsítear i bpróisis ghnó na Roinne, ina cleachtais bhainistíochta, a próisis bhainistíochta deontais, a rialuithe inmheánacha agus a gníomhaíochtaí gaolmhara;
  • Tugtar fógra do na húdaráis ábhartha agus déantar cásanna a ionchúiseamh nuair is cuí, nó cuirtear smachtbhannaí oiriúnacha eile i bhfeidhm, ina gcoinne iad siúd a rinne calaois;
  • Féachtar le cistí nó sócmhainní a ndearnadh mídhílsiú orthu a aisghabháil;
  • Déanfar gach cás calaoise a láimhseáil agus a iniúchadh ar bhealach rúnda, pras agus gairmiúil;
  • Tabharfar cosaint do dhaoine a thuairisceoidh, de mheon macánta, cásanna calaoise amhrasta;
  • Cloífear le prionsabail na rúndachta in aon imscrúdú ar chalaois;
  • Cuirfear sásraí tuairiscithe ar fáil atá rúnda agus cuí ionas gur féidir le duine ar bith, de mheon macánta, cúiseanna imní dáiríre a thuairisciú;
  • Rachfar sa tóir ar dhéantóirí coire a mhéid is féidir faoin dlí, ag cloí go hiomlán le prionsabail an phróisis chuí agus an cheartais aiceanta.

I gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil calaois ar bun in eagraíocht a dtacaíonn an Clár Tacaíochta Eisimirceach léi, ba chóir é a thuairisciú láithreach chuig:

(a) Bord na heagraíochta atá i gceist

(b) An Ambasáid, Consalacht nó Aonad Éireannach lena mbíonn an eagraíocht atá i gceist ag déileáil maidir leis an gClár Tacaíochta Eisimirceach.

Ba cheart calaois nó calaois amhrasta a théann i bhfeidhm ar eagraíocht chomhpháirtíochta de chuid CTE a thuairisciú fiú mura bhfuil baint dhíreach aici le maoiniú a deonaíodh faoin CTE.

Is é an sainmhíniú ginearálta atá ag an Roinn ar chalaois ná gur gníomh d'aon ghnó í ar mhaithe le buntáiste éagórach/mídhleathach a bhaint amach.

Áirítear le cásanna calaoise, i measc eile:

  • Mídhílsiú, meabhlaireacht, breabaireacht, brionnú, sracaireacht, dúmhál, éilliú, goid, comhcheilg, claonchasadh, fáisceadh, uiríoll bréige, ionstraimí soshannta (ar nós seiceanna) a athrú, taifid chuntasaíochta nó tuarascálacha airgeadais a fhalsú, nó fíorais ábhartha a chur i bhfolach agus claonpháirteachas;
  • Sócmhainní (lena n-áirítear doiciméid agus faisnéis) atá faoi úinéireacht nó faoi bhainistiú na Roinne a ghoid nó a mhídhílsiú;
  • Éilimh bhréagacha a chur isteach ar íocaíochtaí nó ar aisíocaíochtaí;
  • Breab a thairiscint nó glacadh le ceann nó glacadh le bronntanais nó fabhair eile faoi chúinsí a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go raibh sé i gceist go mbeadh tionchar ag an mbronntanas nó ag an bhfabhar ar chinnteoireacht fostaí agus é nó í ag obair don Roinn;
  • Coimhlintí leasa;
  • Mí-úsáid cumhachta;
  • Cuntasaíocht "lasmuigh de na leabhair", nó iontrálacha bréagacha nó bréige a dhéanamh;
  • Tuairiscí airgeadais atá bréagach nó míthreorach a ullmhú agus/nó a dháileadh;
  • Praghsanna nó táillí iomarcacha a íoc gan doiciméadú a dhéanamh ar údar cuí leo;
  • Sárú a dhéanamh ar nósanna imeachta na Roinne ar mhaithe le tairbhe phearsanta nó chun dochair na Roinne;
  • Faillí thoiliúil atá beartaithe chun damáiste a dhéanamh do leasanna ábhartha na Roinne;
  • Gníomhú go mí-ionraic, go meargánta nó d'aon ghnó i gcoinne leasanna na Roinne;
  • Sochar a fháil nó caillteanas a chur faoi deara go míchneasta, trí mheabhlaireacht nó ar mhodh eile;
  • Aon ghníomh a n-eascraíonn tairbhe mhíchuí nó caillteanas don Roinn as, bídís inláimhsithe (e.g. cistí mídhílsithe, goid sócmhainní, etc.) nó doláimhsithe (e.g. doiciméid a fhalsú, úsáid mhíchuí a bhaint as sócmhainní na Roinne, fíorais ábhartha a cheilt, dúmas bréige, etc.);
  • Aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéantar chun aon doiciméad oifigiúil a fháil nó a lorg go calaoiseach nó ar shlí nach bhfuil ag teacht le beartas, gnáthaimh agus rialacha na Roinne nó reachtaíocht na hÉireann, lena n-áirítear pasanna, víosaí, doiciméid taistil eile, doiciméid chonsalacha eile, etc.
  • Cionta sonracha mar a shainmhínítear iad in Acht na bPasanna, 2008.
Ar Ais go Barr