An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Someone signing a document with wedding rings in the foreground.

Pósadh agus páirtnéireacht shibhialta thar lear

Más mian leat pósadh nó tabhairt faoi pháirtnéireacht shibhialta thar lear, beidh ort gach riachtanas dlí sa tír atá i gceist a chomhlíonadh.

Riachtanais dlí a chomhlíonadh

Tá a riachtanais dlí féin ag gach tír a rialaíonn pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta agus d’fhéadfadh siad a bheith sách éagsúil ó riachtanais na hÉireann.

Déan teagmháil leis an oifig um Chlárú Sibhialta sa tír a mbeidh tú ag pósadh ann chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar Ais go Barr

Teastas Saoirse chun Pósta

Is doiciméad é seo ina ndeirtear go bhfuil tú saor le pósadh, atá ag teastáil i roinnt tíortha sula bhféadfaidh tú pósadh nó tabhairt faoi pháirtnéireacht shibhialta. An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a eisíonn an teastas, ar a dtugtar Litir Shaoirse Shibhialta, Teastas de Coutume nó Teastas Nulla Osta air freisin.

Ar Ais go Barr

Teastas Saoirse chun Pósta

Ní mór duit iarratas ar Theastas Saoirse chun Pósta a dhéanamh ar líne agus cruachóip de do dhoiciméadúchán tacaíochta a chur ar aghaidh chugainn.

Ar Ais go Barr

Faoi 18?

Má tá tú féin nó do pháirtí sibhialta faoi 18 agus má chónaíonn ceachtar agaibh in Éirinn de ghnáth, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Teaghlaigh Chuarda nó ar an Ard-Chúirt le haghaidh ordú a thabharfaidh cead chun pósta duit. Moltar duit comhairle dlí a fháil sula ndéanann tú sin.

Ar Ais go Barr

Do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta a chlárú

Má phósann tú nó má thugann tú faoi pháirtnéireacht shibhialta thar lear, ní aithneofar é sin in Éirinn ach amháin má chláraítear é sa tír inar tionóladh an searmanas agus ar an gcoinníoll gur leanadh na gnásanna dlí uile.

Ar Ais go Barr

Do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta a chlárú

Tugtar aitheantas mar pháirtnéireachtaí sibhialta in Éirinn do phósadh comhghnéis, páirtnéireachtaí sibhialta nó aontais sibhialta a dtugtar fúthu sna dlínsí seo a leanas:

An Airgintín An Ostair An Bheilg
An Bhrasaíl Ceanada Poblacht na Seice
An Danmhairg An Fhionlainn An Fhrainc
An Ghearmáin An Íoslainn Manainn
Jersey Cathair Mheicsiceo Quintana Roo (Meicsiceo)
An Ísiltír An Nua-Shéalainn An Iorua
An Phortaingéil An Afraic Theas An Spáinn
An tSualainn An Eilvéis An Ríocht Aontaithe
Uragua California (SAM) Colorado (SAM)
Connecticut (SAM) Delaware (SAM) Haváí (SAM)
Illinois (SAM) Iowa (SAM) Maine (SAM)
Maryland (SAM) Massachusetts (SAM) Minnesota (SAM)
New Hampshire (SAM) New Jersey (SAM) New Mexico (SAM)
Nua Eabhrac (SAM) Oregon (SAM) Rhode Island (SAM)
Vermont (SAM) Washington (SAM) Washington DC (SAM)
Ar Ais go Barr
BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.