Fíordheimhniúcháin doiciméad
Más mian leat doiciméad Éireannach a úsáid thar lear, ar chúiseanna ghnó nó pearsanta, seans go mbeidh ort an doiciméad a ‘fhíordheimhniú’ nó ‘Apastailiú’. Glaoitear ‘reachtú’ ar seo ó am go chéile. Go bunúsach, deimhníonn reachtú go bhfuil fíorshíniú, fíorshéala, nó fíorstampa ar an gcáipéis. Ligeann stampa Apastaile nó fíordheimhnithe do dhoiciméid poiblí a eiseofar in Éirinn a aithint i dtír eile.
Coinneálann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sínithe, séalaí agus stampaí éagsúla ar thaifid, agus is í an t-údarás inniúil inar féidir iad a fhíordheimhniú. Braithfidh an cineál stampa a eiseofar ar an tír ina n-úsáidfidh tú an doiciméad, agus cuirfidh baill fhoirne sa rannóg chomhairle ort faoi seo. Eisíonn ár n-oifigí ar Shráid an Mhóta, Baile Átha Cliath agus An Meal Theas, Co. Chorcaí stampa fisiceach ar do dhoiciméid. Níl seirbhís dhigiteach ar fáil againn faoi láthair.
Ní féidir linn ach doiciméid Éireannacha phoiblí a apastailiú. Ní mór do dhoiciméid nasc Éireannach soiléir (mar shampla, seoladh Éireannach, sonraí pas Éireannach, cláruimhir na cuideachta Éireannach).
Ní féidir linn moladh a thabhairt maidir le gá le fíordheimhniú/ apastailiú. Tá an fhreagracht ort sin a fháil amach. Téigh i dteagmháil leis na húdaráis chuí sa tír ina n-úsáidfear an doiciméad chun a riachtanais a sheiceáil.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar nótaire poiblí nótaireacht a dhéanamh ar do dhoiciméad sula bhféadfaimid stampa a eisiúint. Breathnaigh ar Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn chun eolas faoi Dhámh na Nótairí Poiblí agus seirbhísí nótaire poiblí a aimsiú.
Ní chiallaíonn fíordheimhniú/apastailiú doiciméid go bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag fíorú cruinneas na ndoiciméad nó go gceadaíonn siad ábhar na ndoiciméad.
An difríocht idir apastailiú agus fíordheimhniú
Cé go mbaineann siad an sprioc chéanna amach, tá éagsúlachtaí idir stampa Apastaile agus stampa fíordheimhnithe. Is foirm dheimhniúcháin í Apastail atá leagtha amach I gCoinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 a chuir deireadh le reáchtáil do dhoiciméid phoiblí choigríche, ar a dtugtar Coinbhinsiúin Apastaile na Háige go minic. Is féidir achoimre ar Choinbhinsiúin Apastaile na Háige a aimsiú ar shuíomh na Comhdhála na Háige ar Dhlí Idirnáisiúnta Príobháideach (Béarla).
Más gá doiciméad a úsáid i dtír nár shínigh an Choinbhinsiúin Apastaile na Háige, eiseofar stampa fíordheimhnithe. Is próiseas de dhá chéim iad stampaí fíordheimhnithe. Beidh frithshíniú ag teastáil uathu a eiseoidh an Ambasáid / Consalacht na tíre ina n-úsáidfear an doiciméad. Mar shampla, deimhníonn ár n-oifig dhoiciméid atá le húsáid i dtír nach páirtí den gCoinbhinsiúin Apastaile na Háige í, ansin ní mór é a chuir I láthair don Ambasáid chuí atá lonnaithe in Éirinn (nó uaireanta sa Ríocht Aontaithe) le haghaidh fhrithshíniú.
Is iad doiciméid stádais sibhialta (m.sh. teastais bhreithe, deimhnithe pósta agus deimhnithe báis), deimhnithe nótaireachta na sínithe, céimeanna agus doiciméid oideachais eile na doiciméid phoiblí is coitianta a n-eisítear Apastail dóibh.
Conas iarratas a dhéanamh
Seirbhís siúil isteach (BÁC agus Corcaigh)
Oifig Bhaile Átha Cliath
Oifig Chorcaí
Seirbhís Phoist
Do dhoiciméid a phostáil
Seirbhís fhágála do chúig dhoiciméad nó níos mó
Rudaí le cur isteach le d’iarratas fágála
Dearbhaigh stampa apastaile nó fíordheimhnithe
Ligeann an clár leictreonach ar líne duit barántúlacht stampa Apastaile nó stampa Fíordheimhnithe atá eisithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in Éirinn a fhíorú.
Cad is féidir le hAmbasáid Éireannach a dhlisteanú?
Ní féidir le hAmbasáidí nó Consalachtaí Éireannacha stampaí fíordheimhnithe nó stampaí Apastaile a eisiúint. Is féidir leo stampaí fíordheimhnithe ón tír ina bhfuil an Ambasáid nó Consalacht lonnaithe a fhrithshíniú.
Doiciméid oideachais
Tuairiscí scoile
An Ardteistiméireacht
Cáipéisí ó choláistí
Is féidir teastais Garda bunaidh a fhíordheimhniú / a hApastailiú. Ní mór dóibh síniú bunaidh agus stampa dhúigh fliuch an stáisiúin eisithe a bheith orthu. Ní mór do Nótaire Poiblí Éireannach / Aturnae Éireannach teastais a dheimhniú mura bhfuil síniú bunaidh ná stampa dúigh fhliuch orthu sula bhféadfar iad a fhíordheimhniú/Apastailiú. Ní féidir leis an rannóg seo ach doiciméid fhisiciúla a phróiseáil – ní féidir linn teastais Garda a ghlacadh atá scanta ná trí ríomhphost. Más cás práinneach atá ann, is féidir dul i dteagmháil leis an stáisiún Gharda eisithe agus iarr orthu an doiciméad bunaidh a sheoladh díreach chuig ár n-oifig (is faoi rogha an stáisiúin Gharda eisithe é seo). Ní mór seoladh na Rannóige Fíordheimhnithe, de réir rannáin ‘Conas iarratas a dhéanamh’ agus ‘Seirbhís Phoist’ an tsuímh seo, a chur air. D’fhéadfadh seoltaí neamhiomlána moill a chuir ar phróiseáil doiciméad.
Más rud é go bhfuil do dhoiciméad á sheoladh go díreach ón nGarda Síochána, ní mór duit é sin a chuir in iúl dúinn trí theagmháil a dhéanamh lenár n-oifig tríd an bhfoirm theagmhála ag bun an leathanaigh. Beidh nóta cumhdaigh le d’ainm, an tír inar mhaith leat an doiciméad seo a úsáid ann, agus seoladh fillte ag teastáil uainn chun an doiciméad a phróiseáil.
Doiciméid stádais sibhialta (Breithe, Pósta agus Báis)
Is iad doiciméid stádais sibhialta ceann de na cineálacha doiciméad is coitianta a iarrtar orainn a dhlisteanú. Tá roinnt rialacha i gceist leo:
- Ní féidir ach doiciméid stádais shibhialta Éireannacha a dhlisteanú, agus ní mór don Phríomh-Oifig Chlárúcháin iad a eisiúint.
- Níl gá nótaireacht a dhéanamh ar dhoiciméid bhunaidh ar eisigh an Phríomh-Oifig Chlárúcháin chun iad a dhlisteanú.
Fótachóipeanna de dhoiciméid
Is féidir linn cineálacha áirithe doiciméid a Fhíordheimhniú / Apastailiú. Ní mór dóibh bheith deimhnithe ag Aturnae Éireannach nó Nótaire Poiblí Éireannach. Ach ba cheart duit cinntiú ar an gcéad dul síos go mbeidh sé inghlactha leis an údarás a bhfuil tú ag cur an doiciméid chucu go bhfuil cóip dheimhnithe inghlactha leo.
Doiciméid a cheangail go daingean
Déanann nótaire poiblí speisialtóireacht sa fhíordheimhniúcháin doiciméad, agus aithnítear an Teastas Gnímh Nótaireachta ar fud an domhain. Ní féidir le haturnae doiciméid a cheangail – ní féidir ach le Nótaire Poiblí Éireannach na doiciméid seo a cheangail go daingean. Cinntíonn sé seo nach mbaintear nó nach gcuirtear le beart doiciméad. Ní féidir aon cháipéis eachtrannacha a chuir leis an mbeart seo (pas eachtrannach mar shampla).
Is é an chleachtais is fearr ná go gceanglaíonn nótaire poiblí an Teastas Gnímh Nótaireachta le tosaigh an bhirt, ní mór don teastas seo tagairt do gach doiciméad laistigh den bheart a dhéanamh.
Ba cheart duit cinntiú go nglacann an t-údarás ina bhfuil tú ag cuir an beart seo chucu leis seo – uaireanta, bíonn stampa ar gach doiciméad uathu. Tabhair faoi deara go bhfuil táille ar gach stampa a n-eisítear.
I gcás ina síníonn aturnae doiciméid, caitear leo ceann ar cheann. Bíonn an stampa a eisímid díreach don cháipéis sínithe amháin.
Is féidir doiciméid a cheangail i mbealaí éagsúla. Má úsáidtear stáplaí chun iad a cheangail, ní mór duit cúpla beart slándála a chuir i bhfeidhm. Is féidir cúl an stápla a chlúdach le greamán ar a laghad, nó ar an dá thaobh fiú. Mura bhfuil greamán ar chúl an stápla, seolfar na doiciméid ar ais chun go mbeidh siad ceangailte go sábháilte ag an nótaire.
Doiciméid choigríche
Ní féidir ach doiciméid phoiblí Éireannacha a dhlisteanú. Coimeádaimid an ceart againn féin gan aon doiciméad a fhíordheimhniú / Apastailiú mura measaimid go bhfuil nasc Éireannach cuí leis. Ní mór do gach doiciméad a bheith cruthaithe in Éirinn nó nasc soiléir Éireannach a léiriú – m.sh. seoladh Éireannach iomlán / eolas aitheantais eisithe ag rialtas na hÉireann.
Cúiréir a úsáid chun doiciméid a bhailiú
Éascóidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála úsáid seirbhísí cúiréara le haghaidh iarratais poist a sheoladh nó doiciméid a sheoladh ar ais. Is faoin gcustaiméir atá sé seirbhís cúiréara a eagrú.
Is féidir bille iompair a sheoladh don bhall foirne lena bhfuil tú ag plé trí ríomhphost agus is féidir linn é seo a cheangal ar an gclúdach litreach. Ní ghlacaimid le haon fhreagracht as aon phost caillte nó ar iarraidh.
Déan teagmháil linn
Is féidir fhiosruithe ríomhphost maidir le haon cheann dár seirbhisí a sheoladh trínár bhfoirm teagmhála anseo. Déantar monatóireacht ar an mbosca ríomhphoist seo le linn uaireanta oibre. I gcásanna práinneacha, déan teagmháil linn ar an bhfón.
Bíonn na línte theileafóin ar oscailt i rith na seachtaine idir 9.30 r.n. – 12.30 i.n. ar +353 (1) 408 2174.
Tabhair faoi deara nach nglactar le hiompar bagrach, drochíde, tráchta maslacha nó aon iompar do-ghlactha eile i leith ár bhfoireann
Naisc úsáideacha
- Comhdháil na Háige ar an Dlí Príobháideach agus Idirnáisiúnta | Rannóg Apastaile
- Comhdháil na Háige ar an Dlí Príobháideach agus Idirnáisiúnta | Baill an Comhdhála
- Comhdháil na Háige ar an Dlí Phríobháideach agus Idirnáisiúnta | #12 - Údaráis
- Gov.ie – Foirm Chaighdeánach Ilteangach (MSF) (www.gov.ie)
- Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn (notarypublic.ie)
- Aimsigh Nótaire | Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn (notarypublic.ie)
- Teastas a ordú – HSE.ie
- Smachtbhannaí airgeadais idirnáisiúnta | Banc Ceannais na hÉireann
- Poist agus beartáin a rianú | An Post