Nuacht is déanaí agus nuashonruithe
Last updated: 21 April 2026
Tá iarratais Pas Páipéir ag athrú
Ó 1 Nollaig 2025, ní ghlacfaidh an tSeirbhís Pas le foirmeacha iarratas ar pháipeir uaine (APS1/APS2) a thuilleadh.
Má theastaíonn uait iarratas Pas páipéir a dhéanamh, is féidir dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Cúnaimh Pas chun cabhair a fháil.
Seirbhís coinne práinneach
Nuashonrú seirbhíse
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar do phas a athnuachan ar shlí níos tapúla taobh amuigh de na gnáth agaí comhlánaithe , is féidir iarratas pas a dhéanamh ag baint úsáide as an tSeirbhís Coinne Práinneach .
Tá coinní ar fáil inár n-oifigí poiblí i gCorcaigh, mBaile Átha Cliath agus i Londain.
Ní féidir iarratais céaduaire a dhéanamh ag baint úsáide as an tSeirbhís Coinne Práinneach. Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas pas a dhéanamh.
Le do thoil, ná freastal ar ár n-oifigí poiblí muna bhfuil coinne curtha in áirithe agat.
Naisc chun nithe a chur isteach arís
Féadfaidh Seirbhís na bPasanna iarraidh ort grianghraf, foirm thoilithe, foirm fhinné nó doiciméid tacaíochta eile a chur isteach arís chun cabhrú le d’iarratas ar phas a phróiseáil. Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc nua atá gníomhach ar feadh 7 lá oibre. Má tá an nasc imithe in éag ba cheart duit nasc nua a iarraidh, rud a sheolfar chugat laistigh de 3 go 5 lá oibre.
Nuair a bheidh an t-eolas breise curtha ar fáil déanfar d’iarratas a phróiseáil laistigh de 15 lá oibre.
Suímh ghréasáin tríú páirtí
Foláireamh: Táimid ar an eolas faoi shuímh ghréasáin tríú páirtí a bhfuil sé de rún acu, ar tháille, cabhrú le hiarratasóirí ar phas lena n-iarratas ar Phas Éireannach ar líne. Suímh ghréasáin dá leithéid a fhógraíonn a gcuid seirbhísí ar chostas bruise, ní bhaineann siad leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ná le Seirbhís na bPasanna ar aon bhealach.
Níl an tSeirbhís Pasanna freagrach as ábhar na suíomh sin ná as na táillí a ghearrann siad. Molann Seirbhís na bPasanna go láidir nár cheart iarratais ar phas ar líne a dhéanamh ach go díreach ag ireland.ie/dfa/passports.
Ba cheart duit a bheith fíor-aireach i gcónaí agus tú ag déanamh idirbhearta airgeadais ar líne. Ba cheart amhrais nó imní faoi aon suíomh gréasáin tríú páirtí a thuairisciú do do Stáisiún Gardaí áitiúil.
Passport Online
Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar do phas nó ar chárta pas do linbh, ó áit ar bith ar domhan
Tá an tseirbhís slán áisiúil seo ar fáil 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine, ar fhón cliste, táibléad nó ríomhaire pearsanta.
Próiseálfar iarratais laistigh de na hamanna reatha chun críochnú. Ní chuirfear tús leis an bpróiseáil go dtí go bhfaighfear na doiciméid go léir.
Pas sa Phost
Tá Pas sa Phost ó An Post ar fáil in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór. Thar tar 8 seachtaine an t-am críochnúcháin. Ní féidir na hiarratais sin a bhrostú. Má theastaíonn do phas uait níos luaithe, ba cheart duit Pas ar Líne a úsáid.
Féach anseo le haghaidh tuilleadh sonraí faoin tseirbhís Pas Poist.
Clárúcháin Breitheanna Coigríche
Is féidir do bhreith a chur isteach ar Chlár na mBreitheanna Coigríche má tá tú incháilithe le bheith i do shaoránach Éireannach. Faigh amach cad is gá duit a dhéanamh sula dtosaíonn tú ar d’iarratas ar líne.is gá duit a dhéanamh sula dtosaí tú ar d’iarratas ar líne.
Tuismitheoir atá ag súil, mura mbí sí/sé ar Chlár na mBreitheanna Coigríche nuair a bheirtear a leanbh, ní bheidh an leanbh i dteideal saoránachta Éireannaí.
Próiseáiltear iarratais go docht in ord an dáta a fuair Seirbhís na bPasanna in Éirinn a ndoiciméid tacaíochta.
Mar gheall ar nádúr casta an phróisis um Chlárú Breitheanna Coigríche ba cheart duit tuairim is 12 mí a chur san áireamh chun iarratais ar Chlárú Breithe Coigríche a phróiseáil ag an tráth seo.
Ba chóir iarratais a dhéanamh in am trátha. Is féidir le hiarratasóirí, áfach, iarratas práinne a dhéanamh i gcás tuismitheora atá ag súil agus ná beadh an leanbh i dteideal saoránachta Éireannaoí mura mbí an tuismitheoir curtha isteach sa chlár.
I gcásanna den sórt sin is gá doiciméid tacaíochta a dhearbhaíonn an riachtanas práinne. Cé go ndéanfar gach iarracht iarratais phráinne a éascú ní féidir le Seirbhís na bPasanna aon ráthaíochtaí a thabhairt go dtarlóidh iontráil in am.
Is féidir iarratais phráinne a dhéanamh freisin nuair a bhíonn duine gan stát. Tarlóidh sé seo de ghnáth nuair a bheirtear leanbh do shaoránach Éireannach thar lear agus ná fuil sé i dteideal saoránachta go háitiúil.
Tá gníomhairí tiomnaithe ag ár Lárionad Seirbhíse do Chustaiméirí chun déileáil le d’iarratas ar Chlárú Breithe Coigríche. Is é +353 1 568 3331 an uimhir theagmhála le haghaidh fiosruithe práinne maidir le Clárú Breithe Coigríche mar a mhínítear thuas.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí glaonna a thaifeadadh chun críocha oiliúna agus rialaithe cáilíochta.