An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Crowds at the Kansas City Irish festival

Tacaíocht agus comhairle do phobal na hÉireann thar lear

Más ball thú de dhiaspóra na hÉireann nó má tá sé beartaithe agat bogadh thar lear ón Ísiltír, seo thíos treoir agus acmhainní a d'fhéadfadh cabhrú leat.

Ag filleadh ar Éirinn

Má tá sé i gceist agat filleadh ar Éirinn, b’fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí díot féin cad ba cheart duit a dhéanamh chun go mbeidh an t-aistear chomh réidh agus is féidir, agus chun tús a chur le do shaol nua in Éirinn lán de mhuinín.

Ar thairseach an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Ag Filleadh ar Éirinn, arna chistiú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, gheobhaidh tú neart eolais chun cuidiú leat d’aistear a phleanáil. Ón tslí le do ghiuirléidí a sheoladh ar ais abhaile go dtí conas cur isteach ar leas sóisialta, tá an t-eolas uile a theastaíonn chun go n-éireoidh go geal le d’aistear ar an Tairseach.

Tacaíocht agus tú i do chónaí ar an gcoigríoch

D’fhéadfadh deacrachtaí teacht chun cinn le linn duit a bheith i do chónaí thar lear, go mbraithfeá an-aonarach b’fhéidir nó go mbeadh géarchéim ag bagairt. Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, trínár líonra Ambasáidí agus Consalachtaí, raon cabhrach agus tacaíochta ar fáil do shaoránaigh ar an gcoigríoch atá i gcruachás. Gheofar sonraí na seirbhísí a sholáthraímid ar an leathanach, An Chairt um Chúnamh Consalachta, mar aon le sonraí d’Ambasáide nó do Chonsalachta áitiúla.

Is féidir ár n-eolaire, Eolaire an Diaspóra, a iniúchadh freisin chun teacht ar eagraíochtaí i do cheantar a oibríonn le pobail Éireannacha, lena n-áirítear eagraíochtaí Éireannacha um leas.

Oibrímid freisin i bpáirt le heagraíochtaí atá lonnaithe in Éirinn agus a chuireann tacaíocht agus comhairle ar fáil dóibh siúd atá ag brath filleadh ar Éirinn. Iniúch na naisc thíos chun breis eolais a fháil faoin tacaíocht atá ar fáil dár ndiaspóra.

Ar Crosscare Diaspora Support Project tairgtear comhairle, eolas, agus tacaíocht abhcóideachta do shaoránaigh Éireannacha atá ag fágáil na hÉireann nó ag filleadh ar Éirinn, go háirithe dóibh siúd i ndálaí leochaileacha.

Tairgeann Safe Home Ireland eolas, treoir, agus tacaíocht dhuinelárnach, lena chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine ar an gcabhair atá uathu, an tráth is mó a theastaíonn sí.

Cuireann The Irish Council for Prisoners Overseas eolas agus tacaíocht ar fáil d’Éireannaigh atá i bpríosún thar lear agus dá muintir.

Ag bogadh thar lear

Is féidir leis an aistriú thar lear a bheith an-spreagúil ach d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach freisin. Chun a áirithiú go mbeidh tú reidh don aistriú, inúch na naisc thíos le haghaidh comhairle agus eolais maidir le do thuras agus do cheann scríbe.

Ar ár leathanach Comhairle Taistil tugtar eolas a bhaineann go sonrach le cinn scríbe éagsúla agus comhairle maidir le rioscaí féideartha.

Ar ár leathanach Eolas Roimh Thaisteal tugtar comhairle ghinearálta maidir le taisteal thar lear.

Tabhair cuairt ar ár leathanach Clárúchán Saoránach chun do shonraí a chlárú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat agus cúnamh a sholáthar i gcás géarchéime nó éigeandála.