An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

Government of Ireland harp on a green background

Deontas an chéid

Bronnann Uachtarán na hÉireann Deontas an Chéid ar shaoránaigh den Stát a rugadh in Éirinn, a bhain 100 bliain d’aois amach agus a chónaíonn lasmuigh den dlínse.

Cad é Deontas an Chéid?

Is íocaíocht é, a ngabhann litir chomhghairdis léi arna síniú ag Uachtarán na hÉireann, le saoránaigh Éireannacha a bhain 100 bliain d’aois amach

An bhfuil mé ina theideal?

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

  • Tá do chéadú (100ú) lá breithe bainte amach agat.
  • Is saoránach Éireannach thú, a rugadh ar oileán na hÉireann, agus a chónaíonn lasmuigh den Stát.

Tabhair ar aird, le do thoil, nach féidir íocaíocht Dheontas an Chéid a dhéanamh le heastát duine atá básaithe. Ná ní féidir an íocaíocht a dhéanamh i gcásanna fiú inar bhain duine a 100ú breithlá amach ach nár críochnaíodh an próiseas iarratais sula bhfuair an duine bás.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas?

Ba cheart duitse (nó do d’ionadaí) an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus í a chur chuig:

Ambasáid nó Consalacht na hÉireann is gaire duit

NÓ CHUIG

Scéim Deontas an Chéid
An tAonad um Éireannaigh ar an gCoigríoch
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
D02 VY53
Éire

I do chónaí in Éirinn?

Má tá tú i do chónaí in Éirinn is féidir leat breis Eolais faoi Dheontas an Chéid a fháil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Cén chaoi ar cuireadh tús leis?

Is é céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, a thug an Deontas do Dhaoine in Aois a Chéad isteach sa bhliain 1940. Bronntanas £5 a tugadh.

Cad faoin mbonn comórtha dóibh siúd a n-éiríonn leo aois 101 bhliain nó níos mó a bhaint amach?

Is é Áras an Uachtaráin a eisíonn na boinn chomórtha agus is féidir leat dul i dteagmháil leo maidir le haon cheisteanna faoin mbonn.