An official website of the Government of Ireland. About ireland.ie

A group of adults stand in a row looking at the camera. In the background is a beige-coloured alabaster and marble wall.

Deontais oideachais saoránachta domhanda

Tá sé mar aidhm ag oideachas saoránachta domhanda Chúnamh Éireann feasacht agus tuiscint ar shaincheisteanna forbartha domhanda a mhéadú i measc phobal na hÉireann.

Tacaíonn ár maoiniú le cur i bhfeidhm Straitéis Oideachais um Shaoránacht Dhomhanda 2021-2025 de chuid Chúnamh Éireann.

Torthaí

Forbrófar cur chuige nuashonraithe maidir le torthaí mar chuid de chur i bhfeidhm céimneach na Straitéise nua um Oideachas Saoránachta Domhanda. In 2022, mar bheart eatramhach, iarrfar ar chomhpháirtithe sonraí bunúsacha cainníochtúla a sholáthar chun na nithe seo a leanas a áireamh:

  • líon na ndaoine a ndearnadh teagmháil leo go díreach (imdhealaithe de réir tíreolaíochta agus inscne).
  • an figiúr iomlán seo le miondealú ag scoláirí bunscoile, scoláirí iar-bhunscoile, mic léinn 3ú leibhéal (ní múinteoirí faoi oiliúint), múinteoirí faoi oiliúint (bunscoil), múinteoirí faoi oiliúint (iar-bhunscoile), daoine óga, oideachasóirí óige, oideachasóirí in earnáil OAP, daoine fásta (OAP), eile (sonraigh le do thoil).
  • Líon na ndaoine a ndearnadh teagmháil leo go hindíreach (de réir mar is ábhartha, soiléirigh conas a ríomhtar an figiúr seo).
  • Institiúidí a fuair tacaíocht (bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, Institiúidí Ardoideachais, eagraíochtaí óige, eagraíochtaí in earnálacha OAP, eile (sonraigh le do thoil).
  • Táirgí eolais a táirgeadh (nua agus cothrom le dáta

Riachtanais tuairiscithe

Cuimsíonn monatóireacht Chúnamh Éireann ar Dheontais Oideachais Saoránachta Domhanda:

  • Tuarascáil bhliantúil ar thorthaí agus ar chaiteachas
  • Cuntais iniúchta le cur isteach go bliantúil

Cáipéisíocht tacaíochta ar fáil le híoslódáil

BETA

This is a prototype - your feedback will help us to improve it. Leave feedback.