Éigse 2026
Ceiliúradh bliantúil ar chultúr, ceol, damhsa agus litríocht na nGael sa Bhruiséil. (18 - 20 Meán Fómhair)
Is féile Ghaeilge bhliantúil í Éigse na Bruiséile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, ceol, damhsa agus litríocht na nGael cois Zenne.
I mbliana beidh an Éigse ar siúl 18-20 Meán Fómhair. Is é an laoch Gaelach Breanndán Ó Beaglaoich, atá aitheanta mar cheoltóir, láithreoir teilifíse, gníomhaí agus múinteoir, as Gaeltacht Chiarraí, aoi na féile.
Seo blaiseadh de na hócáidí a bheas ar siúl le linn na féile:
- Seoladh leabhair
• Seisiúin cheoil
• Ceardlann damhsa ar an sean-nós
• Dráma bunaithe ar leabhar le Mícheál Ó Conghaile
• Ceolchoirm mhór le scoth na gceoltóirí traidisiúnta agus nua-aimseartha
• Cuairt ar lámhscríbhinní Gaeilge i leabharlann Ríoga na Beilge
• Léachtanna
• Léamh filíochta
Coinnigh súil ar éigse.be nó ar ár leathanach Instagram (@eigsebxl) le haghaidh tuilleadh eolais!